Is mar gheall ar a thréimhse mar LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann is fearr aithne ar Martin McGuinness anois, ach thug sé stiall fhada dá shaol d’fheachtas foréigin an IRA in aghaidh an stáit a riartaí as Stormont.
D’iompaigh an paraimíleatach crua ina pharlaiminteoir tiomanta.
Mar chrann taca phróiseas na síochána bhain sé leas as an meas agus an t-údarás a bhí aige san IRA Sealadach chun poblachtánaithe a thabhairt ar bhóthar na síochána. Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach tá ceisteanna fós faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta.
Rugadh é i dTaobh an Bhogaigh i nDoire ar an 23 Bealtaine 1950, agus ba dhuine de sheachtar clainne é. D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois agus bhí sé ina phrintíseach ag búistéir. Nuair a thosaigh na trioblóidí amach chuaigh sé san IRA agus faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA i nDoire. Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Dúirt sé ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.
Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh. Lean foréigean an IRA freisin.
Liosta le háireamh iad na huafáis a tharla le linn na tréimhse seo – marú Frank Hegarty, Patsy Gillespie an ‘buama daonna’, buamáil Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann agus na scórtha eachtra eile. Faoi dheireadh na n-ochtóidí bhí McGuinness agus Adams i mbun plé faoi chúrsa eile a thabhairt orthu féin seachas an foréigean. Ba é McGuinness a bhí i dteagmháil le hidirghabhálaí leis an mBreatain faoi fheachtas foréigin an IRA a thabhairt chun deiridh.
Nuair a fógraíodh sos comhraic an IRA i 1994 ba é McGuinness, go háirithe, a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.
Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Bhí sé ina aire oideachais sa chéad Fheidhmeannas, rud a chuir alltacht ar aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis. Nuair a rinne an DUP agus Sinn Féin an margadh chun cumhacht a roinnt in 2007 ceapadh Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire agus Ian Paisley, a shean-namhaid, a bhí ina Chéad-Aire. Tharraing dea-chaidreamh na beirte aird ar fud na cruinne agus tugadh na ‘Chuckle Brothers’ orthu. D’éascaigh gnaíúlacht McGuinness an caidreamh agus d’fhás cairdeas idir an bheirt fhear. Bhí muintir Paisley i measc na ndaoine a mhol McGuinness nuair a d’éirigh sé as Stormont dhá mhí ó shin. Agus é ag éirí as, cháin McGuinness Arlene Foster as an drogall a bhí uirthi gníomhartha athmhuintearais a dhéanamh go poiblí agus í ina fhochair.
Bhí sé dian ar chuid de lucht tacaíochta McGuinness glacadh leis na gníomhartha ómóis trasphobail a rinne sé féin, ina measc a chinneadh bualadh le Banríon Eilís na Breataine. D’fhreastail sé freisin ar ócáid i bpálás Windsor anuraidh in onóir na Banríona. Thairis sin chothaigh sé dea-chaidreamh le lucht na heaglaise Protastúnaí agus le polaiteoirí eile. Nuair a mharaigh easaontóirí poblachtacha póilín agus beirt shaighdiúirí sheas McGuinness go cróga ina gcoinne. Thug sé ‘naimhde na hÉireann’ orthu agus é ag seasamh gualainn ar ghualainn le Príomh-Chonstábla an PSNI agus Peter Robinson.
D’éirigh McGuinness as an leaschéad-aireacht i mí Eanáir i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh inathnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness san toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.
Cailleadh é in ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire ag meán oíche aréir. Bhí a bhean Bernie agus a gceathrar clainne ina fhochair.
Fág freagra ar 'Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána'