MARGARET MAC CURTAIN 1929-2020: ‘An bhean rialta a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí scéal na mban le hinsint’

Tá an staraí, Gaeilgeoir, oideachasóir agus cosantóir chearta an duine an tSiúr Margaret Mac Curtain tar éis bháis in aois a 91 bliain

MARGARET MAC CURTAIN 1929-2020: ‘An bhean rialta a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí scéal na mban le hinsint’

Tá an tSiúr Margaret Mac Curtain, bean rialta in ord na nDoiminiceach, staraí, Gaeilgeoir, oideachasóir, cosantóir chearta an duine, feimineach agus scríbhneoir tar éis bháis agus í in aois a 91 bliain. 

Bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a léirigh ómós don staraí.

“Rinne sí obair mhór ar son an oiread sin gnéithe de shaol na hÉireann, an saol san am a caitheadh agus sa lá atá inniu ann,” a dúirt an tUachtarán. 

“Ní hamháin go gcuimhneofar uirthi de bharr an saothar acadúil a rinne sí ach cuimhneofar freisin ar an stocaireacht gan stad a rinne sí ar son an chirt shóisialta. 

“Ní hamháin go ndearna sí a cuid oibre le díograis agus le fuinneamh ach rinne sí í le greann, taise agus daonnacht chomh maith.” 

Tá “ár mbuíochas” tuillte ag an tSr. Margaret Mac Curtain, a dúirt an tUachtarán, as an troid a rinne sí in aghaidh pionós corpartha sna scoileanna, an chosaint a rinne sí ar chearta leanaí a raibh riachtanais speisialta oideachais acu, agus as aitheantas a thabhairt do ról na mban i stair na hÉireann, ról a ndearnadh siléig ann go minic.

Agus é ag tagairt don ghné sin dá saothar agus í ag ceiliúradh a lá breithe anuraidh, dúirt an staraí Diarmuid Ferriter.

“Ba í Mac Curtain an bhean rialta a sheas sa bhearna nuair a bhí scéal na mban i stair na hÉireann le hinsint agus ceisteanna móra le cur faoin gceart agus an comhionannas, agus doicheallach go maith a bhíothas roimh a teagasc.” 

B’údar mór sásaimh do Margaret Mac Curtain an obair cheannródaíoch a rinne sí ar ról na mban i stair na hÉireann. Tharraing sí aird ar an gceardchumannaí Rosie Hackett a bhfuil droichead ainmnithe ina diaidh ar an Life.

“Bhí mé diongbháilte de go dtabharfaí cuntas ar ról na mban sa stair oifigiúil agus cé gur cuireadh ina aghaidh sin ar feadh blianta, d’éirigh leis i bhfad níos fearr ná a shíleas féin riamh.”

Rugadh Margaret Mac Curtain i 1929 i gCorcaigh agus bhain sí céim BA amach san ollscoil ansin sula ndeachaigh sí isteach in Ord na nDoiminiceach i 1950 agus an tSr Benvenuta mar ainm oird uirthi. 

Is iomaí cúram a bhí uirthi san ord sin. Ba sí gníomhach i mbunú Choláiste Sinsir Bhaile Formaid agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil sin agus bhí sí ina prióir ar Chlochar Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath.

Bhain sí céim PhD sa Stair amach i  1964, agus thosaigh sí ag léachtóireacht i Roinn na Staire i  gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus bhí sí ansin go ndeachaigh sí ar scor i 1994. Bhí sí ina hollamh chomh maith i Scoil an Léınn Éireannaigh ó 1972 go 1989.

Bhí Ollúnacht Burns sa Léann Éireannach i gColáiste Boston aici ó 1992 go 1993. Bronnadh bonn óir Chumann Ghaeil Bhostúin uirthi i 1993 as a saothar ar stair mhná na hÉireann.  

Bhí Margaret Mac Curtain gníomhach sa bhfeachtas in aghaidh na tógála ar an láthair Lochlannach ag an Ché Adhmaid ar an Life. Throid sí freisin in aghaidh foréigean baile agus ciníochais. Bhí sí ina cathaoirleach ar  an gComhairle um an gCartlann Náisiúnta ó 1997 go 2002 agus ar bhord eagarthóireachta Field Day IV agus V, a dhírigh aird ar shaothar litríochta na mban sin a bhí ina scríbhneoirí, filí agus tráchtairí.

Rinne sí comheagarthóireacht le James Lydon, ar an tsraith faoi Stair na hÉireann a d’fhoilsigh foilsitheoirí Gill agus scríobh sí Tudor and Stuart Ireland. 

I gcomhar le Mark Tierney, scríobh sí The Birth of Modern Ireland (1969) a bhíodh ina théacsleabhar ag lucht na hArdteiste. Í féin agus Donnchadh Ó Corráin a rinne eagarthóireacht ar Women in Irish Society: the Historical Dimension.

Rinne sí obair ar thuarascáil Treoir 2000 faoin mbail a bhí ar an nGaeilge ag deireadh an 20ú haois.

I measc na saothar eile dá cuid tá – Women in Early Modern Ireland, From Dublin to New Orleans: Nora and Alice’s Journey to America 1888, Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000) agus Ariadne’s Threads: Writing Women into Irish History

Fág freagra ar 'MARGARET MAC CURTAIN 1929-2020: ‘An bhean rialta a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí scéal na mban le hinsint’'

  • Cluain Sceach

    Brón ar an mbás. Staraí cumasach agus bean bhreá. Dia léithi.