Margaí á ndéanamh ag Breatimeachtóirí agus frith-Bhreatimeachtóirí ó thuaidh

Tá an UUP ag géilleadh do bhrú agus d’imeaglú agus socruithe réamhthoghcháin á ndéanamh i measc lucht frithBhreatimeachta

Margaí á ndéanamh ag Breatimeachtóirí agus frith-Bhreatimeachtóirí ó thuaidh

Robin Swann

An ndéanfadh na páirtithe atá in aghaidh an Bhreatimeachta margadh réamhvótála ag féachaint lena chinntiú go mbeadh tuairimí an mhóraimh i dTuaisceart Éireann le clos sa Pharlaimint in Westminster i ndiaidh an olltoghcháin? Bhí an cheist sin faoi chaibidil le míonna, i bhfad sular socraíodh dáta an olltoghcháin don 12 Nollaig.

Cinneadh an-deacair do pháirtithe áirithe a thug an t-eiteachas riamh anall do mhargaí réamhthoghcháin ar an mbonn go mbeidís neamhdhaonlathach agus seicteach.

Ach an mbeidh coinníollacha speisialta i réim an babhta seo mar gur toghchán as an gcoitiantacht é de dheasca an Bhreatimeachta?

Ó thoghchán 2017 ba í an feisire Aontachtach neamhspleách don Dún Thuaidh, an Bhantiarna Sylvia Hermon an t-aon ionadaí as 18 an tuaiscirt a labhair sa Pharlaimint thar ceann an 56% a vótáil in aghaidh an Bhreatimeachta. Bhí 10 suíochán ag an DUP a thacaigh le Breatimeacht agus 7 gcinn ag Sinn Féin a bhí ina choinne ach i bhfianaise a bpolasaí neamhfhreastail, ní raibh de ról acu ach agallaimh a dhéanamh ar an bplásóg lasmuigh de Theach na Parlaiminte.

Is de bharr na neamhairde sin a mhol ceannaire Chomhaontas Glas Clare Bailey cúpla mí ó shin go bpléifeadh na páirtithe frithBhreatimeachta margadh réamhthoghcháin. Thug Alliance an t-eiteachas as éadan don smaoineamh ag rá go raibh borradh fúthusan agus go mbeadh socrú dá leithéid frithdhaonlathach. Theip ar iarracht ar mhargadh dhá bhliain ó shin nuair a dhiúltaigh Comhaontas Glas agus Alliance dó; ní raibh SDLP toilteanach socrú a dhéanamh le haon pháirtí amháin eile, Sinn Féin. Ba mhinic a d’iarr Sinn Féin margadh réamhthoghcháin ach ní bhíodh an SDLP toilteanach, ag rá go mbeadh a leithéid seicteach. Tá a saol athraithe ag an mBreatimeacht.

Oíche Dé Domhnaigh tháinig an SDLP aniar aduaidh ar gach éinne nuair a d’fhógair an páirtí nach seasfaidís i mBéal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Thoir ná san Dún Thuaidh. B’in céim i bhfabhar John Finucane, Sinn Féin; Naomi Long, Alliance agus Sylvia Hermon, neamhspleách. Ó tá ceannaire an SDLP ag seasamh sa bhFeabhal in éadan Shinn Féin ar an mbonn gur vóta amú is ea ceann do Shinn Féin, bhí míchompord follasach sa pháirtí faoi sheasamh i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh – ar mhaithe le John Finucane nach mbeadh toilteanach freastal ar Westminster dá bhfaigheadh sé an ceann is fearr ar Nigel Dodds, DUP.

Ag leibhéal simplí na huimhríochta dá n-éireodh le páirtí frithBhreatimeachta suíochán a bhaint den DUP b’ionann sin agus casadh dhá vóta sa Pharlaimint fad is gur páirtithe a fhreastalaíonn ar Westminster a bhuafadh. Dá mbainfeadh Sinn Féin suíochán de pháirtí Breatimeachta (ie an DUP) ní bheadh ach casadh aon vóta i gceist de bharr baghcat Shinn Féin ar an bParlaimint.

Taobh istigh de cheithre uaire fichead fuair SDLP féirín ar ais ó Shinn Féin. D’fhógair Mary Lou McDonald nach seasfadh Sinn Féin i mBéal Feirste Theas – cabhair do Claire Hanna SDLP, ceaptar, i mBéal Feirste Thoir ar mhaithe le Naomi Long ná sa Dún Thuaidh mar a mbeidh an DUP ar a ndícheall ag iarraidh an suíochán a bhaint de Sylvia Hermon. Má bhí Sinn Féin nó SDLP ag súil go dtarraingeodh Alliance siar i mBéal Feirste Thuaidh nó Theas faoi seach ba chosúil go mbeadh díomá orthu.

Tá margaí réamhthoghcháin seanbhunaithe i measc Aontachtaithe. Déantar iad gan scáth gan náire ‘chun an t-aontas a chosaint’. Mairg don cheannaire aontachtach a thugann droim láimhe dóibh mar a fuair ceannaire ainmnithe an UUP, Steve Aiken amach.

Tiocfaidh Aiken i gcomharbacht ar Robin Swann ina cheannaire ar an UUP ar an Satharn. D’fhógair sé go mbeadh iarrthóir ag an UUP i ngach toghcheantar ach taobh istigh de sheachtain rinne sé u-chasadh. Mar atá déanta le trí thoghchán as a chéile seasfaidh an UUP i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh chun cead a chinn a thabhairt do Nigel Dodds, DUP. Ghéill Aiken do bhrú ón DUP agus ó dhaoine ina pháirtí féin chomh maith, agus d’imeaglú ar líomhnaíodh gur eite den UDA a bhí freagrach as. Sheas an DUP i leataobh i bhFear Manach agus Tír Eoghain Theas ar mhaithe leis an UUP.

Bhí margadh neamhfhoirmeálta idir an dá pháirtí sa dá thoghcheantar sin in 2017 nuair a choinnigh Nigel Dodds, DUP, a shuíochán i mBéal Feirste Thuaidh ach chaill Tom Elliott, UUP i bhFear Manach-Tír Eoghain Theas. In 2015 rinne siad margadh i cheithre thoghcheantar agus bhí rath orthu i dtrí cinn, dhá shuíochán ag DUP, ceann ag UUP.

Ní margadh per se aon bheart atá fógartha ag Sinn Féin ná SDLP agus beidh sé suimiúil féachaint cé mar a fhreagróidh na vótóirí; gan dabht déanfar vótáil straitéiseach ach beidh le feiceáil an ndéanfar go comhtháite é. Agus an ngríosóidh sé na vótóirí ar an taobh eile chun a ndícheall a dhéanamh an ceann is fearr a fháil air.

Tá toghcheantair eile seachas na cinn sin ina bhfuil caint ar mhargaí a d’fhéadfadh a bheith idir dhá cheann na meá, Feabhal go cinnte, Aontroim Theas seans agus fiú amháin an Dún Theas dá mbeadh feachtas fuinniúil ag an SDLP. Beimid á scrúdú sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar 'Margaí á ndéanamh ag Breatimeachtóirí agus frith-Bhreatimeachtóirí ó thuaidh'