Tá an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin ag súil go seasfaidh vóta pháirtithe ar dheis ón lár an rialtais san olltoghchán atá le fógairt go luath.
Cé go ndúirt an Taoiseach agus an Tánaiste inniu nach mbeadh aon mhargadh vótála idir na páirtithe rialtais don toghchán, dúirt siad chomh maith gur díol suntais ab ea an tslí ar vótáil daoine do pháirtithe an rialtais sna toghchán áitiúla.
Beidh cruinniú ag ceannairí an chomhrialtais tráthnóna ag a bpléifear an toghchán. Ní dócha, go bhfógrófar dáta an toghcháin i ndiaidh an chruinnithe sin, ach sé is dóichí ná gur ar an 29 Samhain a rachaidh daoine chuig na botháin vótála.
Pléifidh Harris, Martin agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais Roderic O’Gorman an clár ama don reachtaíocht, amhail an bille airgeadais, is gá a thabhairt isteach sula ndéanfar an Dáil a lánscor.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris inné go raibh sé ag súil dul go dtí Áras an Uachtaráin chun lánscor na Dála a lorg “in 2024″.
Dúirt Micheál Martin agus Roderic O’Gorman gur chóir an scéal a shoiléiriú an tseachtain seo.
Dheimhnigh Harris inniu nach ag iarraidh ar an bpobal an rialtas a atoghadh a bheadh Fine Gael sa toghchán.
“Nílimid ag dul isteach sa toghchán agus margadh faoi vótaí aistrithe againn. Tá an méid sin fíor.
“Mar sin féin, creidim go bhfacamar sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha nach gá do pholaiteoirí a insint don phobal cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena vóta, nó nach é sin a theastaíonn uathu.
“Is faoin bpobal atá sé. Ach chomh cinnte is atá cluas ar do leiceann tá seans ann, nó an-seans fiú, má cheapann daoine go bhfuil jab maith á dhéanamh ag an rialtas go vótálfaidh siad dá réir.”
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin chomh maith nach mbeadh aon socrú vótála idir páirtithe an rialtais, ach luaigh sé leis an seans go bhfaigheadh siad vótaí aistrithe óna chéile.
“Ní bheidh aon socruithe oifigiúla ann ach chonaiceamar sna toghcháin áitiúla an fhianaise gur chinn lucht vótála a vótaí a aistriú de réir a mianta agus a dtosaíochtaí maidir leis an múnla eacnamaíochta atá againn sa tír seo, an cur chuige ar son na fiontraíochta atá againn, agus an gá atá againn le hé sin a chosaint agus a chur chun cinn.
“Agus cheap mé go raibh sé sin suimiúil, go raibh comhaontú láidir forleathan ann maidir le réimse leathan páirtithe go bhféadfá páirtithe an láir a thabhairt orthu.”
Dúirt Martin gur ”botún mór” a bheadh ann, áfach, “treoir a thabhairt do dhaoine cad ba cheart dóibh a dhéanamh”.
Dúirt an Tánaiste gur shíl sé go raibh daoine ag éirí bailithe den chaint go léir faoi dháta an toghcháin.
“Ceapaim go bhfuil daoine ag éirí beagáinín tuirseach de seo. D’fhéadfadh gur deireadh na Samhna a bheadh ann, nó d’fhéadfadh gur tús na Nollag a bheadh ann. Ní haon rud mór é, ach sin a d’fhéadfadh tarlú.”
Fág freagra ar 'Margadh vótála curtha as an áireamh ag an Taoiseach is an Tánaiste, ach iad ag súil go seasfaidh vóta an láir'