Margadh suarach seicteach an DUP agus an UUP

Ní maise ar ré nua Thuaisceart Éireann é an margadh toghcháin idir an DUP agus an UUP; ní sochaí níos cothroime, níos ilchineálaí a chothaíonn sé ach a mhalairt

File photo: Trouble in DUP partyCeannaire an DUP chomh sásta le cat an dá eireaball, ceannaire an UUP ag déanamh gaisce as an mbeagán, ach vótóirí  aontachtacha gan rogha. Cuireadh cuma na maitheasa ar an gcinneadh ach is éard a bhí an DUP agus UUP a rá lena vótóirí  “sinne a dhéanfaidh cinneadh faoi bhur rogha. Ní gá daoibh ach aontachtach amháin a bheith ar an bpáipéar, is cuma má tá difríochtaí eadrainn  faoi pholasaithe”.

Is cosúil gur mó  buntáiste atá le baint ag an DUP as an socrú faoi iarrthóirí aontaithe i gceithre thoghranna. B’fhéidir gur caithréim Phiorrach é do cheannaire an UUP.   

Shéanadar gur margadh seicteach é, ach céard eile a thabharfaí air? Seacht mbliana déag tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta fáiltíonn roinnt roimh an socrú seicteach, mar a rinne riamh, agus cuireann sé déistin ar dhaoine eile.

D’fhéadfadh an dá thoradh a bheith ar an margadh suarach.

Tá an DUP ar a míle dícheall le  cúig  bliana anuas ag obair leis an suíochán parlaiminte a chaill an ceannaire Peter Robinson a bhaint ar ais ó Naomi Long ón Alliance. Eisceacht don choimhlint sheicteach is ea an toghcheantar mar nach náisiúnach í Long ach sé an chraobh é  mar gur uirísliú do cheannaire an pháirtí ab ea  é a chailliúint.

Is é Gavin ‘níl gaol agam le Peter’  Robinson iarrthóir an DUP. Maíonn a champa, bunaithe ar na figiúirí i dtoghcháin idir an dá linn go bhfuil sé go maith chun tosaigh sa rás in aghaidh Long. Mar sin féin, is polasaí árachais  dó an margadh aontais.

Deir roinnt vótóirí in oirthear Bhéal Feirste gur theastaigh aontas aontachtach uathu agus  gur mhian leo a léiriú do Naomi Long agus Alliance nach raibh aon ghlacadh ag an bpobal lena seasamh faoin mbratach ar Halla na Cathrach.

Ionsaíodh oifig Long agus ritheadh feachtas  fíochmhar ina haghaidh mar gur vótáil comhairleoirí Alliance i bhfabhar bratach an Aontais a chrochadh ar Halla na Cathrach ar na laetheanta céanna le Stormont – in ionad gach lá.

D’aontaigh siadsan le teoiric na gceannairí go gcinnteodh aontas go meadófaí líon na bhfeisirí aontachtacha.

Ar an láimh eile, dúirt dornán daoine liom nach raibh siad sásta go raibh rogha á ceilt orthu, nach nglacfaidís  leis an ‘diktat’ ón DUP/UUP agus  go mb’fhéidir nach  gcaithfidís vóta in aon chor. Dúirt duine eile liom gur vótóir UUP a bhí ann go dtí anois ach go dtabharfadh seisean tacaíocht do Naomi Long mar agóid in aghaidh an mhargaidh.  Dearcadh  a bhí coiteann sa cheantar go mbeadh sé deacair ag an UUP tathaint ar dhaoine vótáil dóibh don Tionól an bhliain seo chugainn nuair a bhíodar sásta an gort a fhágáil ag an DUP i mbliana.

Tá seicteachas follasach sa mhargadh maidir leis na  trí  thoghcheantar eile, Béal Feirste Thuaidh mar a bhfuil an DUP faoi bhrú ag Sinn Féin agus péire atá ag Sinn Féin – An tIúr agus Ard Mhacha  agus Fear Manach /Tír Eoghain Theas. 

Is é Nigel Dodds, DUP, an feisire  i dtuaisceart Bhéal Feirste ach tá Gerry Kelly, Sinn Féin sna sála air. Meastar go  gcoinneoidh an  margadh aontachtach Dodds slán an babhta seo. Sin, mura ndéanann náisiúnaithe  cinneadh teaicticeach vótáil do Kelly mar aisfhreagra ar sheicteachas na n-aontachtach. Tá diúltaithe ag SDLP do mhargadh le Sinn Féin mar go mbeadh sé seicteach, ach ní gá go n-aontódh na vótóirí ar fad.

Murab ionann agus DUP,  níl ach caolseans ag iarrthóirí an UUP. I  bhFear Manach/Tír Eoghain Theas bhí an farasbarr ba lú ariamh ag an bhFeisire Michelle Gildernew, SF, tar éis athchomhairimh an uair dheiridh in aghaidh aontachtach aontaithe, neamhpháirtí. Is é an Teachta Tionóil, Tom Eliot, iar-cheannaire an UUP, rogha an aontais an t-am seo agus dúshlán ollmhór ann dó.

Is é an scéal céanna é ag Danny Kennedy, aire an UUP i Stormont san Iúr agus Ard Mhacha. Is é Conor Murphy, SF, an feisire ansin ach níl sé san iomaíocht. Ina áit tá Micky Brady, Teachta Tionóil. Tá iarrthóir nua, iar-pheileadóir de chuid Ard Mhacha, Justin  McNulty ag SDLP, ach bhí sciar chomh mór den vóta ag Murphy gur deacair athrú a thuar.

Ní maise ar ré nua Thuaisceart Éireann é an margadh seo; ní uaillmhian do shochaí níos cothroime, níos ilchineálaí a chothaíonn sé  ach a mhalairt.

Fág freagra ar 'Margadh suarach seicteach an DUP agus an UUP'