Tá uair na cinniúna ann do na cainteanna faoi phrótacal an Tuaiscirt agus tuairiscí ann go bhfuil margadh ar na bacáin.
Tuairiscítear go bhfuil Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak ag díriú ar chomhaontú a fháil an tseachtain seo agus sos parlaiminte ann. Cé nach bhfuiltear ag déanamh talamh slán de go dtiocfar ar réiteach tuairiscítear go bhfuil bailchríoch á cur ar cháipéis dlí agus go bhféadfadh go ndéanfaí margadh a fhógairt laistigh de choicís.
An dúshlán a bheidh ann ná a chur ina luí ar na páirtithe éagsúla gur chóir glacadh leis an margadh.
D’aontaigh an tAE agus Rialtas na Breataine an prótacal in 2019 chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus chun saorghluaiseacht ó thaobh trádála thar an teorainn a chinntiú.
Fágann an prótacal go ndéantar seiceáil ar earraí a thagann isteach go dtí an Tuaisceart ón mBreatain.
Meastar gur socraíodh sna cainteanna go mbeadh lánaí glasa agus lánaí dearga ann d’earraí chun líon na seiceálacha a laghdú.
Údar aighnis eile ná an t-údarás a bheith ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa rialú faoi cheisteanna a bhaineann leis an Tuaisceart.
Tá aontachtaithe, agus an DUP go háirithe, glan in aghaidh an phrótacail agus baghcat á dhéanamh acu ar Stormont mar agóid ina aghaidh.
Mar chuid den mhargadh atá á phlé bheadh ar Rialtas na Breataine a mbille prótacail, bille a chuirfeadh go leor de phrótacal an Tuaiscirt ar ceal, a chaitheamh i dtraipisí.
D’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, an tseachtain seo caite go raibh an sprioc d’athbhunú Fheidhmeannas Stormont á chur siar aige go dtí 2024.
Beidh ar Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak an margadh a dhíol chomh maith le daoine ar an eite dheis dá pháirtí féin, ag áireamh an European Research Group, grúpa atá an-docht i dtaobh an Bhreatimeachta.
Fág freagra ar 'Margadh prótacail ar na bacáin – tuairiscí'