Margadh May nó Breatimeacht gan mhargadh an t-aon rogha atá fágtha – Macron

Tá ceannairí na mballstát sa Bhruiséil le plé a dhéanamh ar iarratas Theresa May go gcuirfí an Breatimeacht siar

Margadh May nó Breatimeacht gan mhargadh an t-aon rogha atá fágtha – Macron

Tá ráite ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron gur “Breatimeacht gan mhargadh atá i ndán dúinn” má dhiúltaíonn Parlaimint na Breataine an tríú huair don mhargadh Breatimeachta.

Tá ceannairí na mballstát sa Bhruiséil inniu le plé a dhéanamh ar iarratas Theresa May go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 30 Meitheamh.

Roimh thús an phlé sin, dúirt Uachtarán na Fraince nach mbeadh aon fhadhb aige le síneadh ama gearr teicniúil a cheadú don Bhreatain, ach rinne sé cur síos lom ar an rogha atá fágtha, dar leis.

“Sa chás go ndiúltaítear dó [Margadh May] i bParlaimint na Breataine,  Breatimeacht gan mhargadh atá i ndán dúinn. Tá a fhios againn ar fad é sin.

“Is den riachtanas é a bheith soiléir na laethanta agus na nóiméid seo, mar ceist í seo a bhaineann le dea-fheidhmiú an AE. Ní féidir glacadh leis an rud a dtabharfainnse síneadh ama rófhada air, rud a dhéanfadh dochar dár gcumas cinneadh agus gníomh a dhéanamh,” arsa Emmanuel Macron.

Meastar go n-aontóidh an tAE i bprionsabal inniu síneadh ama gearr a cheadú ar an gcoinníoll go nglacfar in Wesminster leis an margadh.

Dúirt Theresa May aréir gur “údar mór aifeála” di go raibh uirthi a leithéid a lorg agus nach mbeifí ag fágáil an Aontais an tseachtain seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Mhaígh May gur ar “thaobh an phobail” a bhí sí féin agus gur ar fheisirí parlaiminte a bhí an locht as an tsáinn ina bhfuil an Breatimeacht.

Rinneadh cáineadh go leor ar an ráiteas sin, ach tá curtha anois leis an mbrú atá ar fheisirí Westminster ag Uachtarán na Fraince lena áiteamh gur fúthusan amháin atá sé Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu gur rogha don Bhreatain amháin é cé acu an mbeidh nó nach mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann.

Dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go mbeadh cruinniú mullaigh eile ann an tseachtain seo chugainn má dhiúltaítear do mhargadh May nuair a chuirfear faoi bhráid na parlaiminte arís é an tseachtain seo chugainn.

Agus gan ach ocht lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta seachtain ón lá amárach, tá Príomh-Aire na Breataine sa Bhruiséil inniu chun a hiarratas ar shíneadh ama a phlé le ceannairí eile na hEorpa. Caithfidh na ceannairí go léir aontú d’aon ghuth chun go gceadófaí síneadh ama.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk inné go gceadóidh an tAE síneadh gearr le hAirteagal 50 ach go gcaithfidh parlaimint na Breataine glacadh ar dtús leis an margadh Breatimeachta.

Fág freagra ar 'Margadh May nó Breatimeacht gan mhargadh an t-aon rogha atá fágtha – Macron'

  • Liam Mac Lochlainn

    Is fuath liom an stór focal a mbaintear úsáid as i nGaeilge agus i mBéarla i rith an phrácáis seo.Ní Margadh May é. Ní margadh é. Ní le Margaret bhocht é ach oiread. Comhaontú a rinne an tAE agus an Bhreatain atá ann.

  • Liam Mac Lochlainn

    Gabh mo leithscéal! Ba chóir dom ‘Theresa’ a scríobh. Bhí mé ag smaoineamh ar phríomh-aire uafásach eile. Féach cad a dhéanann Brexit duit!