Margadh déanta ag an AE agus Rialtas na Breataine faoi sheiceálacha ar an teorainn

Cuirfidh Rialtas na Breataine ar ceal na gnéithe sin de Bhille an Mhargaidh Inmheánaigh a sháraíonn prótacal Thuaisceart Éireann sa Chomhaontú Aistarraingthe

Margadh déanta ag an AE agus Rialtas na Breataine faoi sheiceálacha ar an teorainn

Tá an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine tagtha ar aontú faoi conas a chuirfear na rialacha sa chomhaontú Breatimeachta i bhfeidhm i gcás Thuaisceart Éireann.

I measc na gceisteanna a bhfuiltear tagtha ar aontú ina leith tá an cheist faoi sheiceálacha ar theorainn na Breataine in Éirinn, ceisteanna faoi sholáthar earraí leighis agus faoi iompórtáil bia ón mBreatain.

Táthar tagtha ar réiteach freisin faoi ionadaíocht a bheith ag an AE sa Tuaisceart.

Fuarthas réiteach chomh maith ar an gceist maidir le cé na hearraí de chuid na Breataine a mbeadh an baol ann go dtabharfaí aduaidh thar an teorainn iad agus go bhféadfadh go mbeadh dleacht le híoc orthu.

Fágann an t-aontú go gcuirfidh Rialtas na Breataine ar ceal na gnéithe sin de Bhille an Mhargaidh Inmheánaigh a sháraíonn prótacal an Tuaiscirt sa Comhaontú Aistarraingthe.

Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič agus Aire Oifig Chomhaireachta Rialtas na Breataine Michael Gove a d’fhógair tráthnóna go rabhthas tagtha ar aontú i bprionsabal faoi cheist an Tuaiscirt.

Is ionann an prótacal don Tuaisceart sa chonradh aistarraingthe agus comhaontú a socraíodh mar mhalairt ar an gcúlstop chun teorainn chrua a sheachaint.

Faoin bprótacal a leagtar amach na rialacha trádála idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain tráth a mbeidh an Tuaisceart fós sa mhargadh aonair.

De réir an phrótacail, ní bheidh gá le seiceálacha a dhéanamh ar an teorainn in Éirinn agus beidh ar an Tuaisceart cloí le rialacha an AE faoi chaighdeán earraí.

Fágann sin go mbeidh gá le seiceálacha a dhéanamh ar earraí áirithe a thagann isteach sa Tuaisceart ó Shasana, Albain agus an Bhreatain Bheag.

Tá na cainteanna maidir le margadh trádála iarBhreatimeachta fós ar siúl.

Fág freagra ar 'Margadh déanta ag an AE agus Rialtas na Breataine faoi sheiceálacha ar an teorainn'