Maratón James Bond na Gaeltachta sa Dome agus triúr seanphlandaí an Sunday Game agus gan aon ní fónta le rá acu

Ábhar iontais dár léirmheastir an dúil mhíchuibheasach a bhíonn ag sciar suntasach don phobal i Rós Thrá Lí ach tá meas aige ar ‘James Bond na Gaeltachta’, Dáithí Ó Sé, as an ‘maratón láithreoireachta’

Maratón James Bond na Gaeltachta sa Dome agus triúr seanphlandaí an Sunday Game agus gan aon ní fónta le rá acu

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí an Rós ag treochtáil uimhir 1 ar Twitter ó thráthnóna Dé Luain go dtí tráthnóna Dé Céadaoin; rud a thabharfadh le fios go bhfuil lucht leanta dílis, idir óg agus aosta, ag na cláracha. Tá an t-allagar déanta agus pobal an ‘Dome’ scaipthe; tá feiniméan Rós Thrá Lí curtha dínn againn arís (RTÉ1, Dé Luain agus Dé Máirt). I gcaitheamh an dá oíche chuir Dáithí Ó Sé caint ar 32 cailín ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Mar is gnáth bhí meascán mearaí d’ábhair idir chamáin: polasaí imirce Donald Trump, meabhairshláinte, athbheochan chardascamhógach, drochíde sa teaghlach, sceimhlitheoireacht agus a lán nithe neafaiseacha eile nach iad. Taibhsítear dom go minic gurb é ceann de spriocanna na hócáide ná seó bóthair a dhéanamh de Dháithí bocht. Le dhá oíche anuas bhí air tabhairt faoi dhamhsa liombó, ióga, cicdhornálaíocht agus bia a ithe cheal radharc na súl ná boladh na sróine.

Faoi mar a luas sa cholún seo cheana ní haon dóithín é tabhairt faoin maratón láithreoireachta seo. Ní raibh aon oidhre air ar an Luan ach James Bond na Gaeltachta agus é feistithe in a chulaith bhán. Ar a laghad bhí dhá fhéirín mar chúiteamh aige; puipéad de féin agus portráid dá athair Maidhc Dainín. Is ó Rós San Francisco a fuair sé an phortráid agus ba mhothúchánach mar a labhair Amanda Donohue faoina deirfiúr, Ashley, agus a col ceathrar Olive Burke a cailleadh i dtragóid Berkeley.

Tugann mórán íde na muc agus na madraí don chomórtas á rá go bhfuil sé seanfhaiseanta agus as dáta. N’fheadar Dia ná duine an mó uair go bhfuil slais Fr Ted faoin ‘lovely girls competition’ caite leis an gcúram. Níl aon chol faoi leith agam leis an ócáid, cé go dtéann sé chun leadráin orm go minic. Ábhar iontais dom an dúil mhíchuibheasach a bhíonn ag sciar suntasach don phobal sa seó. Bhí blagáil bheo á déanamh ag cuid de na meáin náisiúnta ar an gcomórtas, The Irish Independent agus The Journal ina measc, ciúta iriseoireachta a shamhlaíonn tú le himeachtaí móra spóirt agus polaitíochta de ghnáth. Ar deireadh thiar ba í Jennifer Byrne Uíbh Fhailí a thug an chreach léi. Dochtúir, damhsóir agus imreoir caide.

Óir ag caint ar chúrsaí caide ba dheas mar a cuireadh an lasair sa bharrach, ar deireadh, sa chraobhchomórtas caide (The Sunday Game Live, RTÉ2, Dé Domhnaigh). Ní raibh ach caitheamh na pingine idir Maigh Eo agus Ciarraí agus cé nach raibh an aimsir ná an imirt (ar uairibh) ar fheabhas ba dhiail an feic é. A thuilleadh de seo atá ag teastáil go géar. Mar is iondúil bhí triúr seanphlandaí (Brolly, O’Rourke agus Spillane) ag cur díobh ar dalladh, cé nach raibh aon ní fónta le rá acu. Tá a fhios agam go bhfuil a thuairimí féin ag gach éinne faoi struchtúr an chraobhchomórtais agus na Super 8s atá an bóthar isteach chugainn. Ach má éiríonn leo na foirne is fearr a chur i bpíobáin a chéile níos minice fáilteoidh na himreoirí ar an gcúits roimhe. 

Fág freagra ar 'Maratón James Bond na Gaeltachta sa Dome agus triúr seanphlandaí an Sunday Game agus gan aon ní fónta le rá acu'