‘Mar thír táimid go mór faoi chomaoin aige’ – ómós tugtha don Dr Tony Holohan agus é ag seasamh siar

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas leis an Dr Holohan as ‘treoir’ a thabhairt don tír le linn na paindéime Covid-19

‘Mar thír táimid go mór faoi chomaoin aige’ – ómós tugtha don Dr Tony Holohan agus é ag seasamh siar

D’fhógair Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, aréir go bhfuil faoi seasamh siar óna a chuid oibre ar chúinsí pearsanta.

Dúirt sé go raibh sos á thógáil aige óna chuid oibre mar go bhfuil cúram maolaitheach á chur ar a bhean, Emer, a bhfuarthas go raibh ailse uirthi in 2012.

“Ba mhaith liom anois mo chuid fuinnimh, mo chuid airde agus mo chuid ama go léir a thabhairt d’Emer agus dár mbeirt pháistí atá sna déaga, Clodagh agus Ronan,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt sé gur thuig sé an méid a bhí fulaingthe ag daoine le roinnt míonna anuas de bharr na paindéime Covid-19, go háirithe iad siúd a chaill daoine muinteartha leo.

Bhí súil aige, a dúirt an Dr Holohan, go leanfadh daoine ar aghaidh “ag obair le chéile” agus go nglacfadh daoine freagracht as a sláinte féin agus sláinte “a muintire, a gcairde agus na ndaoine is tábhachtaí dúinn”.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas leis an Dr Holohan as an “treoir” a thug sé don tír le linn na paindéime Covid-19.

Dúirt an Taoiseach gur chabhraigh an Dr Holohan le tuiscint a thabhairt don phobal ar a thromchúisí is a bhí an phaindéim agus gur chuir a chur chuige stuama daoine ar a suaimhneas.

“Tá aithne faoin am seo ag gach teaghlach in Éirinn ar an Dr Tony Holohan. Thug a cheannaireacht le linn na paindéime muinín dúinn go léir go bhfuil na cinntí atá á ndéanamh bunaithe ar chomhairle stuama faoin tsláinte phoiblí. Mar thír táimid go mór faoi chomaoin aige féin agus a mhuintir,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

Dúirt Tony Holohan gur mhaith leis am a chaitheamh lena chlann, a dúirt sé i ráiteas gan choinne a thug sé ag deireadh phreasócáid na Roinne Sláinte tráthnóna.

Beidh LeasPhríomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, ina Phríomh-Oifigeach gníomhach.

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’fhógair  an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh cúigear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 15 cás nua a deimhníodh.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) le fios chomh maith tráthnóna inné go raibh ráta atáirgthe an ghalair níos gaire do 1 ná mar a bhí le roinnt seachtainí anuas, ach go rabhthas ag súil gur ardú sealadach a bhí ansin.

“Meastar go bhfuil an uimhir R, ráta scaipthe an ghalair, níos gaire don 1 anois ná mar a bhí sí le roinnt seachtainí. Téann athruithe beaga ar scaipeadh an víris i bhfeidhm go héasca ar an uimhir R.

“Thugamar faoi deara go raibh ardú ar líon na gcásanna i dtreo dheireadh na seachtaine seo caite. Coinneoidh NPHET siúil ghéar ar an gclaonadh sin chun ardaithe,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET.

Coinnítear súil ghéar ar ráta atáirgthe nó ráta scaipthe an ghalair agus údar mór imní a bheadh ann dá rachadh sé os cionn 1 arís.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirtgo raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus go rabhthas tagtha ar sheacht gcás nua den ghalar.

2,290 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,738 duine ó dheas den teorainn agus 552 ó thuaidh di.

Cúigear ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

31,257 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,489 cás ó dheas den teorainn agus 5,768 cás ó thuaidh di.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh líon na gcásanna nua den ghalar seasmhach agus scaipeadh an ghalair imithe i léig go mór.

Thug an tOllamh Nolan le fios go bhféadfadh go bhfuil ardú tagtha ar ráta scaipthe an ghalair agus go mb’fhéidir go bhfuil sé níos gaire do 1 ná mar a bhí roinnt seachtainí ó shin.

Dúirt sé, áfach, go rabhthas ag súil gur ardú sealadach a bhí anseo a bhí bunaithe ar ardú sealadach i líon na gcásanna ag deireadh na seachtaine seo caite.

Idir an dá linn, bhí ceardchumainn na múinteoirí os comhair Choiste Covid-19 an Oireachtais agus iad ar fad ar aon intinn go gcaithfí a chinntiú go mbeadh daltaí agus múinteoirí slán sábháilte sula bhfillfidís ar na scoileanna.

Dúirt Ard-Rúnaí an ASTI Kieran Christie nach mbeadh na daltaí ar fad ar ais ar scoil go lánaimseartha sa bhfómhar dá gcaithfí cloí le treoirlínte nua na Roinne. Dúirt sé gurb í comhairle lucht leighis go gcaithfí cloí leis an scoitheadh sóisialta sa scoil agus nach raibh sin indéanta i mórchuid scoileanna de bharr easpa spáis. Chaithfeadh scoileanna a bheith slán ar an Covid-19 sula bhfillfeadh múinteoirí.

Dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, go gcaithfí dlús a chur faoi na hullmhúcháin má bhí bunscoileanna le hoscailt i Meán Fómhair.

Chaithfí socruithe a dhéanamh ionas nach mbeadh chuile dhuine ag geata na scoile ag an am céanna. Dúirt sé nárbh fhiú teocht na bpáistí a ghlacadh ag an doras mar go n-athraíonn an teocht go tapa i bpáistí óga.  Dúirt Boyle go raibh fadhbanna sláinte ag roinnt múinteoirí agus roinnt eile ag iompar clainne agus go gcaithfí treoir shoiléir a chur ar fáil do mhúinteoirí.

Dúirt Ard-Rúnaí an TUI, John Mac Gabhann, gur inné a tháinig na chéad treoirlínte ón Roinn Oideachais agus go raibh scoileanna leagtha amach le scoláirí a chruinniú ina chéile, an rud is contúirtí ó thaobh an víris. Chaithfí buiséad glantacháin a chur ar fáil do scoileanna láithreach.

I ráiteas a rinne an tAire Oideachais an tseachtain seo, dúirt sí go raibh súil aici go n-osclófaí na scoileanna arís i Meán Fómhair “chomh maith agus a d’fhéadfaí”. Bhí an tAire Norma Foley ag seoladh ‘Treoirlínte Eatramhacha maidir le hAthoscailt Scoileanna agus Ionaid Oideachais’, ina gcuirtear comhairle agus eolas ar fáil faoi Covid-19 agus conas cúrsaí oideachais a rith go sábháilte agus an galar fós sa tír.

Sna treoirlínte seo, pléitear an tionchar a bhíonn ag dúnadh scoileanna ar pháistí agus an chontúirt a bhaineann leis dá sláinte agus maítear go raibh na saineolaithe ar aon intinn gur chun leasa páistí filleadh ar an scoil. Cuirfear creatphlean ar fáil láithreach trína mbeidh scoileanna in ann fearas díghalraithe lámh a cheannach do na seomraí ranga agus don mhilliún dalta agus 100,000 múinteoir a bheidh sna scoileanna sa bhfómhar.

Cé go bhfuil sé i gceist go bhfillfeadh na daltaí ar fad ar scoil sa bhfómhar, caithfear soláthar a dhéanamh d’fhoghlaim chumaisc sa gcás nach mbeadh na daltaí ar fad ábalta a bheith lá iomlán sa scoil. Ní bheifear ábalta ranganna a roinnt agus múinteoirí breise a earcú toisc ganntanas múinteoirí ann mar atá, a deirtear.

An chomhairle atá tugtha ag an Ionad Faireachais Cosanta Sláinte gur chóir go mbeadh méadar amháin ar a laghad idir na daltaí sa seomra ranga ó rang a trí sa bhunscoil ar aghaidh ach nach mbeadh sin riachtanach do pháistí sna chéad cheithre bliana ar scoil. Bhí ráite ag an iarAire Oideachais Joe McHugh go rabhthas ag obair ar an tuiscint go mbeadh na daltaí ar fad ar ais ar scoil sa bhfómhar ach ní léir go raibh an tAire Foley chomh cinnte sin.

I staidéar a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais níor túisce an mhí seo, dúradh nach mbeadh ach leath na ndaltaí bunscoile agus dara leibhéal ar scoil ag aon am dá mbeadh scaradh sóisialta aon mhéadar le cur i bhfeidhm.

Sna treoirlínte nua seo ón Roinn Oideachais moltar go ndéanfaí grúpaí beaga scoláirí a chur le chéile i ‘pods’ ionas nach mbeidís i ngartheagmháil ach leis an líon daoine is lú. Moltar nach mbeadh na sosanna lóin agus spraoi ag na daltaí ar fad ag an am céanna.

Tá comhairle mhion ann faoi threalamh ranga a bheith á roinnt ag daltaí agus an trealamh ar fad a bheith le glanadh i ndiaidh gach dalta agus a thábhachtaí agus atá sé uisce te a bheith sa scoil. Deirtear gur chóir cruinnithe foirne a reáchtáil ó chian agus cosc a chur ar dhaoine a bheith ag croitheadh lámh lena chéile. Deirtear chomh maith go gcaithfear a chinntiú go bhfanfaidh aon dalta nó múinteoir a mbíonn aon chomhartha tinnis orthu sa mbaile ón scoil.

Fág freagra ar '‘Mar thír táimid go mór faoi chomaoin aige’ – ómós tugtha don Dr Tony Holohan agus é ag seasamh siar'