Mar scríbhneoir, mar léitheoir agus mar léirmheastóir aireoidh mé uaim Cois Life…

B’fhíorluachmhar an cúram cáiréiseach a rinne Cois Life do na saothair a d’fhoilsigh siad

Mar scríbhneoir, mar léitheoir agus mar léirmheastóir aireoidh mé uaim Cois Life…

Buille mór d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.’

Sin atá á rá ag daoine faoi scor an chomhlachta Cois Life, ceann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is fearr agus is bisiúla sa tír.

Buille mór é, cinnte, don bhfoilsitheoireacht agus buille tubaisteach freisin do scríbhneoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Tá éacht déanta ag Cois Life. Ón uair gur bunaíodh é i 1995 tá 155 teideal – leabhair  d’ardchaighdeán – curtha ar fáil acu do léitheoirí de gach aois agus go leor leor gradam bronnta orthu thar na blianta.

Ar bhonn pearsanta, mar scríbhneoir, mar léitheoir agus mar léirmheastóir (a bhfuil an chuid is mó de na teidil sin léite agam) aireoidh mé uaim Cois Life. 

Mar léirmheastóir, bímse fíormhacánta i gcónaí (rómhacánta a deir roinnt daoine liom) ach is annamh a rinne mé aon leabhar de chuid Cois Life a cháineadh. Ní gá go dtaitneodh gach uile leabhar liom go pearsanta, ach caithfidh mé a rá nach bhfoilsíonn siad aon leabhar go dtí go mbíonn gach focal, gach léaráid foirfe – nó chomh gar dó agus is féidir a bheith.

Mar scríbhneoir táim fíorbhuíoch as na deiseanna ar fad a thug Cois Life domsa.

Rinne siad sé leabhar de mo chuid a fhoilsiú go dtí seo agus rinne gach duine acu – idir eagarthóirí agus dhearthóirí – obair iontach ar gach uile ghné de gach uile leabhar.  Tháinig eagarthóirí ar ais chugam arís agus arís eile chun mionphlé a a dhéanamh ar chaibidlí éagsúla, ar fhorbairt na gcarachtar, agus go háirithe, ar chríoch na leabhar.

Mar gheall ar dhúthracht agus ar chaighdeán a gcuid oibre, bronnadh Gradam Reics Carló (Leabhar na Bliana) ar dhá cheann de na leabhair sin (Daideo agus Hata Zú Mhamó).

In ainneoin go bhfaigheann an scríbhneoir aitheantas (agus duais airgid), gradam foilsitheoireachta é seo agus an gradam tuillte go maith ag Cois Life. Tá a fhios agam gur bhuaigh Cois Life gradaim mhóra eile as saothair eile ach luaim na cinn a bhaineann liom féin mar go léiríonn siad – Daideo ach go háirithe – díograis agus ardchaighdeán eagarthóireachta an chomhlachta.

Sa leabhar sin, baintear stangadh as an léitheoir ag deireadh an scéil. Bhí mé féin sásta go leor leis an ‘stangadh’ seo – ach nuair a léigh eagarthóirí Cois Life é, dúirt siad gur thaitin ‘an stangadh’ leo ach go raibh críoch an leabhair ródhorcha. Sheol siad an lámhscríbhinn ar ais chugam agus d’iarr siad orm dul i mbun pinn arís. Thóg sé cúpla mí agus cúpla dréacht eile  sular éirigh liom teacht ar chríoch a raibh mé féin agus an t-eagarthóir sásta léi. A luaithe is a bhí an chríoch nua curtha agam leis bhí sé soiléir dom go raibh an ceart acu.

Mar scríbhneoirí, is féidir linn go léir a bheith róghafa lenár dtuairimí féin ach bíonn an tsúil eile sin – súil ghéar an eagarthóra – fíorluachmhar.

Tá leabhar eile de mo chuid ar liosta Cois Life don bhliain seo chugainn – leabhar do léitheoirí óga – agus arís, tá an chaibidil dheireanach scríofa agus athscríofa ní fheadar cé mhéad uair!

Fág freagra ar 'Mar scríbhneoir, mar léitheoir agus mar léirmheastóir aireoidh mé uaim Cois Life…'