Ní fhéadfainn a rá go n-aontaím leis an nginmhilleadh, ach beidh mé ag vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasú 

Mar a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ina óráid maidir leis an reifreann i rith na seachtaine, ní dubh agus bán atá an cheist seo agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne go bhfuil ginmhilleadh sa tír seo cheana féin

Ní fhéadfainn a rá go n-aontaím leis an nginmhilleadh, ach beidh mé ag vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasú 

Ní fhéadfainn a rá go n-aontaím leis an nginmhilleadh, ach beidh mé ag vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasú ar an mbunreacht sa reifreann. Mar a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ina óráid maidir leis an reifreann i rith na seachtaine, ní dubh agus bán atá an cheist seo.

Caithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne go bhfuil ginmhilleadh sa tír seo cheana féin. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh muid mar shochaí ag cur iachall ar mhná atá i lár géarchéime aghaidh a thabhairt ar an mbád go Sasana, má tá an t-airgead acu chuige sin, nó táibléid chontúirteacha a ordú ar an idirlíon, a saol a chur i mbaol agus coirpigh a dhéanamh astu chomh maith.

Is am contúirteach i saol mná é saolú linbh, am contúirteach agus am lúcháireach é ag an am céanna. Téann tú isteach san ospidéal agus níl a fhios agat go cinnte an dtiocfaidh tú féin agus an páiste amach slán. Is mar sin atá sé fiú agus an mháthair agus an páiste i mbarr a sláinte.

Cé go gcloiseann muid go minic sa díospóireacht seo maidir leis an Ochtú Leasú ar an mbunreacht go bhfuil Éire tar éis loiceadh ar mhná na tíre seo, sílimse nár cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na rudaí ar fad atá go maith sa tír seo maidir le cúram máithreachais agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil anseo do mhná agus iad ag súil le páiste.

Beidh mé buíoch do deo go bhfuil cónaí orm i dtír ina raibh seirbhísí leighis máithreachais ar fáil saor in aisce dom agus go bhfuair mé scoth na haire nuair a bhí mé ag súil.

D’airigh mé freisin go raibh an t-ádh orm go raibh cónaí orm i dtír ina raibh mé i dteideal sé mhí saoire mháithreachais a bheith agam agus an chéad sé mhí de shaol na bpáistí a chaitheamh leo. Ní raibh aon iachall orm dul amach ag obair sna míonna sin mar go raibh tacaíocht airgid ar fáil dom, mar atá do gach bean in Éirinn.

Tá a fhios agam go bhfuil tíortha san Eoraip ina bhfuil leibhéal tacaíochta níos airde ar fáil, ach tá neart tíortha eile ann nach dtugann aon tacaíocht airgid do mhná i ndiaidh saolú linbh ná aon chearta chun saoire mháithreachais gur fiú trácht orthu.

Dá bhrí sin, tá an ceart á dhéanamh in Éirinn ar go leor bealaí maidir le cúram máithreachais. Ach, is cuma cén chaoi a mbreathnóidh tú air, níl sé ceart go mbeadh bac sa mbunreacht ar mhná atá ag súil le páiste agus iad i ngéarchéim, cúnamh a fháil ina dtír dhúchais.

Má tá a leithéid de rud ann agus campaí ar an gceist seo, is dóigh gur bhain mé riamh leis an gcampa ‘ar son na beatha’, cé nach n-aontaím le cuid mhaith den díospóireacht atá tagtha chun cinn ar cheachtar taobh den cheist le blianta beaga anuas.

Creidim ag an am céanna nach bhfuil na téarmaí ‘ar son na beatha’ ná ‘ar son rogha’ in ann aghaidh cheart a thabhairt ar na ceisteanna a bhaineann le bheith ag súil agus tú i ngéarchéim.

Thuig mé riamh, áfach, go bhfuil cásanna ann ina bhfuil mná i ngéarchéim is gur cheart go mbeadh fáil acu ar bhealach sábháilte chun deireadh a chur le toircheas go luath sa tréimhse toirchis. 

Tá na feachtais ar son nó i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú á gcur chun cinn in haischlibeanna, i manaí ar th-léinte, i bpóstaeir ar thaobhanna busanna, ar sheastáin sna sráidbhailte, agus, ar bhealaí go leor, tá na rudaí sin ina ngáir chogaidh ar chaon taobh.

Ach, le fírinne, ní haischlib, ná t-léine, ná máirseáil sráide atá idir lámha againn mar thír anois agus an cinneadh mór seo amach romhainn. Is in áit uaigneach, ghoilliúnach, bhrónach atá na mná atá i lár na ceiste seo, agus sa phlé uilig atá amach romhainn idir seo agus lá an reifrinn ná déanadh muid dearmad air sin.

Fág freagra ar 'Ní fhéadfainn a rá go n-aontaím leis an nginmhilleadh, ach beidh mé ag vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasú '

  • Mise Áine

    Aontaím go huile agus go hiomlán leat!

    An-alt…maith thú, a Bridget… ??

  • Micilin

    An cheist sách dubh agus bán don leanbh beag (pé cailín nó buachaill) sa bhroinn faraor.
    É de chumas ag na dochtúirí ár linne páistí an-óg (an-luath) a shábháil agus a thabhairt ar an saol anois. An teicneolaíocht ag forbairt i gcónaí Ciallóidh aisghairm…ginmhilleadh… ceist chearta daonna is ea seo.

    Ceist shimplí…Níl aon “réimse liath”/éiginnteacht faoi sin. Bladar an bpolaiteoirí agus lucht “spin”.
    Gan oiread agus tagairt amháin don duine beag nua san alt seo. Is trua sin. “Dehumanization” a tugtar ar sin sa Bhéarla…Más duine daonna nua leochaileach atá ann, an ceart é/í a mhilleadh? Sin an cheist…an t-aon cheist.

    Bíonn an croí ag buaileadh agus is féidir an daonnacht a fheiceáil anseo i bhfad roimh 12 seachtain.
    Conception to Birth Visualized – (A. Tsiaras – Yale University)
    https://www.ted.com/talks/alexander_tsiaras_conception_to_birth_visualized