Mar a chéile le Conamara atá sé acu faoin tuath in Texas agus i in Oregon

Tá cosúlachtaí idir scéal Chonamara agus patrún an tsaoil in oirthear Texas agus in áiteanna eile a bhfuil na daoine ag imeacht astu

Mar a chéile le Conamara atá sé acu faoin tuath in Texas agus i in Oregon

‘Cé a ghabhfas amach thar bharr na mBeann?’ Seanfhondúir as Dúiche Sheoigheach a bhí imníoch nach mbeadh an ghlúin óg sásta aire a thabhairt do chaoirigh sléibhe ar bharr chnoic Mhám Toirc, agus ar na Beanna Beola.

Ba mhinic leis an cheist a chur amach os ard agus braon ólta aige. B’fhacthas dó go raibh an oiread sin d’athrú ag tarlú agus nárbh fhiú le daoine an strapadóireacht mhór a dhéanamh ar chnoic amach anseo. Má bhí sé dallta, ní raibh sé dall ar an saol.

Luaigh mé an scéal le Tom McClurg nuair a tháinig sé isteach go hIonad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna an lá cheana. Bhí sé ar a chuid laethanta saoire, an chéad duine dá dhream agus dá threibh a tháinig ar ais go hÉirinn ó chuaigh a shinsir trasna an Atlantaigh as Cúige Uladh, os cionn 200 bliain ó shin. Trasna an Atlantaigh ón taobh eile as Texas in éineacht le grúpa Meiriceánach a bhí sé féin tagtha.

Ach ní bhíonn fiontraithe agus lucht forbartha ar saoire. Comhairleoir gnó agus fiontraí é McClurg agus é ag obair ar mhaithe le beocht agus brí a choinneáil i gceantar Jasper in oirthear Stát ollmhór Texas. Contae i dtéarmaí Mheiriceá é Jasper, ceann de na contaetha is mó atá ag dul i léig sa Stát. Contae tuaithe den chuid is mó agus na daoine ag imeacht óna gcuid feilmeacha de réir a chéile. I gcathair Houston, 114 míle siar uathu atá na soilse gléigeala.

Macasamhail iarthar Chonamara.

‘Bíonn ort gníomhú ar bhealaí nach bhfuil sna téacsleabhra scaití,’ arsa McClurg, eacnamaí agus saineolaí airgeadais. ‘Feicim cosúlachtaí idir scéal na ndúichí seo i gConamara agus patrún an tsaoil in oirthear Texas.’

Bhí tionscal an adhmaid tréan i gceantar Jasper, agus mórthimpeall air, ar feadh i bhfad. ‘Baineadh an t-adhmad,’ a deir Tom, ‘agus is beag a bhí fanta ansin. Táthar ag tréigean na bhfeilmeacha talún. Tá bealaí nua ag teastáil.’

Beart neamhghnách atá ar intinn ag Tom agus a chomhghleacaithe anois. Tá siad i mbun cainteanna le mórchomhlacht i gCalifornia a bhainfeadh leas as an talamh, ach ní ar na bealaí traidisiúnta é.

‘Ní dhíolfadh na feilméaraí – seachas corrdhuine – an talamh go brách,’ a deir sé. ‘Tá ceangal teaghlaigh agus ceangal croí acu leis an talamh. Ach, tá muid ag iarraidh scéim a shocrú a d’fhágfadh go ligfidís amach na feilmeacha ar léas leis an gcomhlacht seo as California.’ Agus céard a dhéanfaidís siúd ann?

‘Úlloird agus goirt torthaí eile.’

Bheadh almóinní ar cheann de na príomhthorthaí a bheadh sa tionscnamh ach go leor eile lena chois sin.

Cúpla lá roimhe sin a bunaíodh, in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta, grúpa a dhéanfadh athnuachan ar an gceangal idir Conamara agus Státaí Idaho agus Oregon. Fir a bhí iontu seo as Conamara a chuaigh amach ar an gcoimhthíos in iarthar Mheiriceá san am sin, ag breathnú amach do chaoirigh. Tá a sliocht siúd in oirthear Oregon i gcónaí. ‘Tá, agus an-nádúr acu ina gcroíthe le Conamara cé gur beag acu a sheas anseo ariamh,’ a deir John Staunton as an gCoill Mhór. Tá gaolta ag John amuigh in oirthear Oregon i gcónaí. Ach, a deir sé, tá an ceantar ag lagan; chuirfeadh sé cás Chonamara i gcuimhne duit.

“Tá spás agus fairsinge sna feilmeacha ansin,” a deir John Staunton, feilméara agus saineolaí talmhaíochta é féin. “D’éirigh siad as na caoirigh in Oregon agus chuadar leis na beithígh. Chonaic John feilmeacha a raibh na céadta beithíoch ar thalamh righin atá roicnithe ag an triomach. Ach tá na feilméaraí sin ag éirí gann. Níl fonn ar go leor daoine óga fanacht in éadan na talún agus na feilméarachta sléibhe. Tá siadsan ag cruinniú ar Portland, príomhchathair Oregon 120 míle níos faide siar. Cathair álainn.

“Nuair a imeoidh na daoine óga ón talamh, brisfear an ceangal. Ní bheidh trácht feasta ar amhráin Chonamara mar a bhí nuair a thug mise cuairteanna ann,” a deir an Standúnach. “Airím go bhfuil an pobal ag éirí lagbhríoch agus uaigneach.”

Agus cé a ghabhas amach thar bharr na mBeann?

Macasamhail Chonamara

An fear i nDúiche Sheoigheach, ní raibh aon mhuinín aige go mbeadh glúin óg sásta, nó aon chleachtadh acu a dhul go barr na gcnoc. Tá siad ann fós, ceart go leor – fir óga láidre agus iad ábalta ar láimhsiú caorach.

San am céanna, tá athrú saoil ann; ní gá ach súil a chaitheamh ar bhaile fearainn i ndiaidh baile fearainn le tuiscint a fháil ar an gcúlú pobail i gConamara. An ceantar sin siar as crosbhóthar an Mháma agus ó Dhoire an Fhéich siar is mó atá sa mbearna baoil. Tabharfaidh an líon beag gasúr a chuaigh chuig formhór na scoileanna i mbliana léargas ar an meath. Triúr atá tagtha isteach i Scoil an Ghoirt Mhóir i Ros Muc (as an Úcráin an triúr) agus seachtar uilig i Scoil Mhaínse i gCarna – dhá cheantar a raibh cáil agus clú orthu i gcónaí as feabhas agus saibhreas na Gaeilge.

Déarfar, agus dúradh é go minic in aimsir Covid-19, go bhfuil Conamara ar an áit is fearr sa saol ar bhealaí go leor. B’fhéidir.

Ach, tuige ar imigh na daoine? Ach, níos práinní fós, tuige a bhfuileadar ag imeacht i gcónaí? Tuige a bhfuil Cloch na Rón, an baile is áille in Éirinn, beagnach tréigthe ag an bpobal óg?

Níl na postanna ná na slite maireachtála a fheileann don ghlúin óg ar fáil.

Na daoine a thagann mar thurasóirí agus a cheannaíonn tithe, tádar togha ach ag a bhformhór, is baile samhraidh é. Agus daoine a thagann ag obair go Gaillimh, cónaíonn a bhformhór réasúnta gar do chathair na Gaillimhe. Tádar ag iarraidh go mbeadh fáil acu ar áiseanna agus ar bhuntáistí na cathrach. Cé a thógfadh orthu é?

Mar sin atá siad freisin in Houston, Texas agus i bPortland, Oregon.

Caithfear a bheith seiftiúil anois sna ceantracha tuaithe, a deir Tom McClurg i gCarna. B’fhéidir gur torthaí é sin in oirthear Texas ach céard é féin i gConamara?

Agus cé a ghabhfas amach thar bharr na mBeann?

Fág freagra ar 'Mar a chéile le Conamara atá sé acu faoin tuath in Texas agus i in Oregon'