Maolú eile ar shrianta na dianghlasála le fógairt

Tabharfar cead do bhialanna agus tábhairní bia agus deoch a chur ar fáil taobh istigh ón 5 Iúil agus tosófar ar mhaolú na srianta ar an taisteal idirnáisiúnta ar an 19 Iúil

Maolú eile ar shrianta na dianghlasála le fógairt

Fógrófar maolú eile ar shrianta na dianghlasála tar éis chruinniú Rialtais an lae inniu.

Tithe tábhairne agus an taisteal idirnáisiúnta an dá rud is mó atá ar an gclár.

Ag cruinniú Fhochoiste Rialtais an Covid-19 tráthnóna inné, glacadh leis go maolófaí na srianta an chéad mhí eile agus i mí Iúil.

Ar na bearta atá á mholadh, tá go dtabharfaí cead do bhialanna agus tábhairní bia agus deoch a chur ar fáil taobh istigh ón 5 Iúil.

Beidh cead oscailte arís ag óstáin ar an 2 Meitheamh agus beidh cead ag bialanna agus tábhairní bia agus deoch a chur ar fáil taobh amuigh ón 7 Iúil.

Beidh 200 duine ceadaithe ag ócáidí in ionaid mhóra taobh amuigh an mhí seo chugainn agus 500 duine a bheidh i gceist mí Iúil.

Ón 5 Iúil beidh 100 duine ceadaithe ag ócáidí in ionaid mhóra taobh istigh.

Faoin bplean nua bheadh 5,000 duine ceadaithe ag ócáidí in ionaid mhóra taobh amuigh i mí Lúnasa

Ar na rialacha atá molta do bhialanna agus tábhairní tá cosc ar cheol beo, teorainn ama 105 nóiméad agus na custaiméirí a bheith imithe leo faoina 11.30pm.

Ní fhéadfaidh níos mó ná 15 duine suí ag aon bhord, bíodh sé laistigh nó amuigh faoin aer, agus ní féidir le níos mó ná seisear acusan a bheith os cionn 13 bliain.

Aon teach bia nó óil a fhágann dhá mhéadar idir na boird laistigh, ní bheidh aon teorainn ama i bhfeidhm ar a gcustaiméirí.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh súil aige “go mbeadh Éire in ann na srianta ar an taisteal idirnáisiúnta a scaoileadh” tráth éigin mí Iúil.

Tuairiscítear gur ar an 19 Iúil a thosófar ar mhaolú na srianta Tá an baol ann nach mbeidh Teastas Glas Digiteach an Aontais Eorpaigh ag feidhmiú i gceart anseo go dtí lár mhí Lúnasa.

Meastar go mbeidh íocaíochtaí paindéime amhail an PUP (Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime) agus Scéim  Téarnaimh an Covid, á n-íoc go gcaitear Meán Fómhair.

Tráthnóna inniu a fhógróidh an  Taoiseach Micheál Martin an maolú is déanaí ar na srianta. Meastar go mbeidh an Taoiseach ag iarraidh údar dóchais a thabhairt don phobal tráth a bhfuil imní ann nach mbeifear ábalta spriocanna an chláir vacsaínithe a chur i gcrích chomh sciobtha agus a bhí sa bplean rialtais.

Tá baol ann go mbeidh soláthar na míosa seo chugainn 400,000 vacsaín gann de bharr deacrachtaí le soláthar Johnson & Johnson.

D’fhéadfadh nach dtiocfadh chugainn ach 60,000 snáthaid as an 470,000 a bhí geallta. Ní theastaíonn ach snáthaid amháin de vacsaín Johnson & Johnson le cosaint a fháil ón víreas.

An sprioc a bhí ag an Rialtas go mbeadh an vacsaín iomlán faighte ag 55% den daonra faoi dheireadh mhí an Mheithimh agus go mbeadh ar a laghad snáthaid amháin faighte ag 80% de na daoine fásta sa tír.

Meastar go bhfógróidh an Taoiseach na spriocanna leasaithe inniu.

Bhí an-mhisneach ag an Tánaiste Leo Varadkar agus dúirt go raibh neart údar dóchais againn agus muid ag fanacht le fógra an lae inniu. 

“Táimid níos fearr ná mar a bhí súil againn ó thaobh líon na n-othar atá sna hospidéil ag an ngalar agus líon na gcásanna. “Sin cúis amháin go bhféadfaimid a bheith dóchasach gur scéal dearfach a fhógrófar ar an Aoine, údar dóchais don tsochaí agus don eacnamaíocht. Údar dóchais freisin go mbeidh imeachtaí, an taisteal idirnáisiúnta agus cúrsaí eile in ann tosú arís diaidh ar ndiaidh.”

Fág freagra ar 'Maolú eile ar shrianta na dianghlasála le fógairt'