Maolú beag ar na srianta á thuar don tseachtain seo chugainn

Inniu a chuirfidh NPHET comhairle ar an Rialtas maidir leis na srianta agus pléifidh coiste rialtais an Covid-19 a gcuid moltaí tráthnóna

Maolú beag ar na srianta á thuar don tseachtain seo chugainn

Beirt amuigh ag siúl inniu i gCluain Tarbh agus 89 lá caite ó filleadh ar na srianta Leibhéal 5. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Ar chuid de na moltaí atá á bplé roimh chruinniú Rialtais an lae amárach faoi mhaolú shrianta an Covid-19, tá na srianta taistil 5 chiliméadar agus imeachtaí faoin aer.

D’fhéadfadh spóirt na n-óg agus cluichí idirchontae a bheith ceadaithe chomh maith.

Tráthnóna amárach a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin pé cinneadh a dhéanfaidh an Rialtas, ach is beag a cheapann go ndéanfar aon mhaolú mór mar go bhfuil an-imní ann go bhféadfadh an ceathrú maidhm a bheith chugainn san Aibreán nó sa mBealtaine.

Meastar go dtabharfaidh an Taoiseach uchtach beag do dhaoine trína insint céard a d’fhéadfadh tarlú sa mBealtaine agus sa Mheitheamh ó thaobh siopaí neamhriachtanacha a athoscailt agus cead ithe agus óil lasmuigh de thithe bia is óil.

Bheadh aon mhaolú ansin ag brath chomh maith ar chúrsaí sláinte phoiblí a bheith feabhsaithe.

Ar ndóigh bheadh a leithéid de mhaolú ag brath freisin ar an tsnáthaid in aghaidh an víris a bheith faighte ag na daoine is leochailí sa bpobal agus acusan atá os cionn 70 bliain d’aois.

Tá caint go leor ann go scaoilfear tuilleadh bóthair linn agus go scaoilfear na srianta taistil ó 5 chiliméadar go 10 nó 15 ciliméadar ón Luan seo chugainn, Luan Cásca.

Táthar ag súil chomh maith go gceadófar do pháistí dul ag traenáil spóirt arís.

Roinnt moltaí eile atá ar an mbord cead a thabhairt do dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoi spéir i spásanna poiblí, spóirt  a imrítear lasmuigh amhail galf agus leadóg, a cheadú agus cead a thabhairt do shiopaí seirbhís cliceáil agus bailigh a eagrú arís.

Tuairiscítear go maolófar cuid de na srianta i dtionscal na tógála ach nach n-athosclófar an earnáil ar fad.

An gad is gaire don scornach ag an Rialtas an ceathrú maidhm a sheachaint sula mbeidh tromlach na ndaoine fásta sa tír vacsaínithe in aghaidh an víris agus na scoileanna a bheith in ann oscailt arís ar an 12 Aibreán do na daltaí ar fad.

Inniu a chuirfidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí comhairle ar an Rialtas agus pléifidh coiste rialtais an Covid-19 a gcuid moltaí tráthnóna roimh chruinniú an Rialtais amárach.

 

Fág freagra ar 'Maolú beag ar na srianta á thuar don tseachtain seo chugainn'