Maolú ar bith ar an teannas ó thuaidh agus an DUP ag seasamh an fhóid faoi reachtaíocht Gaeilge ‘with bells and whistles’

Mhaígh ceannasaí Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O'Neill go bhféadfaí feidhmeannas Stormont a athbhunú dá gcuirfeadh an DUP deireadh lena ‘stubborn anti-equality blockade’

Maolú ar bith ar an teannas ó thuaidh agus an DUP ag seasamh an fhóid faoi reachtaíocht Gaeilge ‘with bells and whistles’

Ní cosúil aon mhaolú a bheith tagtha ar an teannas idir Sinn Féin agus DUP mar gheall ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt an t-iar-aire de chuid an DUP Simon Hamilton go raibh Sinn Féin ag diúltú filleadh ar roinnt na cumhachta i Stormont ar “chúiseanna polaitiúla chun a leasa féin” agus dúirt sé gur cheart tús áite a thabhairt do chúrsaí sláinte agus oideachais seachas do reachtaíocht teanga “with bells and whistles”.

Mhaígh ceannasaí Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill go bhféadfaí feidhmeannas Stormont a athbhunú dá gcuirfeadh an DUP deireadh lena “stubborn anti-equality blockade”.

Dúirt O’Neill gur fhág seasamh “frith-chearta agus frith-chomhionannas” an DUP go raibh siad ag tabhairt tús áite do “dhearcaí pearsanta agus páirtí” nach raibh aon tóir orthu i measc an phobail seachas do chúrsaí sláinte agus oideachais.

Dúirt sí gur daoine “forásacha” iad formhór na mball tofa tionóil ar theastaigh comhionannas pósta, cearta teanga agus ionchoisní maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí uathu.

“Is é an DUP an bac is mó ar sholáthar na mbunchearta sin agus ar athbhunú iomlán na n-institiúidí polaitíochta láithreach,” a dúirt O’Neill.

Tá an t-aighneas maidir le ceist na reachtaíochta teanga atá á éileamh ó thuaidh ar an dris chosáin is mó sna cainteanna maidir le athbhunú Stormont. Tá Sinn Féin ag éileamh acht teanga don Ghaeilge amháin ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí reachtaíocht isteach do ghnéithe éagsúla den chultúr.

Fág freagra ar 'Maolú ar bith ar an teannas ó thuaidh agus an DUP ag seasamh an fhóid faoi reachtaíocht Gaeilge ‘with bells and whistles’'

  • thar lear

    ‘Is fiu mile focal pictiur amhain’ a deirtear agus insionn an pictiur sin thuas scata! Iad araon eirithe anairde ar a gcosa deiridh chun a cheile, ba dhoigh leat. Iad ag feachaint sceana greasai agus pici Loch gCarman rompu amach ar an namhaid taobbh leo! Ba chorraistiuil an fear a raghadh i ndeabhaidh lainne leo gan camthai gan cultaca! An rictus cuntanois sin, o Dhe, leafadh se magairli staile a bheadh faoi eachmairt.