Maoiniú nua ar fáil chun ceangal a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh ‘luach agus tábhacht faoi leith’ ag baint le himeachtaí ‘a mheallann pobail éagsúla Ghaeltachta le chéile’

Maoiniú nua ar fáil chun ceangal a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta

Tá scéim nua fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta le cabhrú le naisc níos láidre a chruthú idir ceantair éagsúla Ghaeltachta.

NASC is teideal don scéim nua ar fiú €60,000 in aghaidh na bliana san iomlán é, maoiniú a chuirfear ar fáil d’ócáidí aon uaire.

Dúradh go bhféadfadh eagraíochtaí teanga sa Ghaeltacht iarratas a chur faoi bhráid Roinn na Gaeltachta ar chúnamh €20,000 chun imeachtaí Gaeilge cultúrtha, siamsaíóchta nó spóirt a chur ar bun ar mhaith le nasc níos láidre a chothú idir ceantair Ghaeltachta.

Níor mhór d’iarratasóirí 25% de chostas na hócáide a bheith acu féin.

Beidh an ciste ar fáil in 2020 agus in 2021.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh “luach agus tábhacht faoi leith ag baint le himeachtaí sóisialta agus siamsaíochta a eagraítear trí Ghaeilge a mheallann pobail éagsúla Ghaeltachta le chéile”.

Dúirt an tAire go gcabhraíonn imeachtaí trasGhaeltachta leis an teanga agus le  cuairteoirí nua a mhealladh chun na Gaeltachta agus chun “saibhreas chultúr na Gaeltachta a bhlaiseadh”.

Tá go dtí an 20 Nollaig 2019 ag daoine chun iarratas a dhéanamh ar chiste NASC don bhliain 2020.

Fág freagra ar 'Maoiniú nua ar fáil chun ceangal a chruthú idir na ceantair Ghaeltachta'