ASNC: Maoiniú na gCeanneagras le socrú ar chlár teilifíse

“Seachnaímid rudaí casta nó ró-Ghaeilge-ish” a dúirt Pádraig Ó Sean-Chaora

Dragons Foras

Fáilte is mó atá curtha (go poiblí in aon chás) roimh chinneadh Dhoras na Gaeilge an maoiniú a fhaigheann na ceanneagrais a shocrú ar chlár teilifíse feasta.

“Casadh lad dom ar an traen go Béal Feirste,” a dúirt Ferdy na Faillí, “agus rinne sé cur síos ar an gclár teilifíse iontach seo atá acu thall ina dtagann daoine le smaointe buile isteach chuig painéal aineolaithe agus iad in iomaíocht le chéile le maoiniú a fháil uathu. Ár ndála féin go díreach.”

Deir TGFore! go bhfuil suim acu sa smaoineamh fad is go bhfuil dóthain den chaint i mBéarla le go dtuigfear í. 

Is é múnlá an chláir Dragons Den a bheidh i gceist ach amháin go mbeidh ainm eile air.

“Dragún’s Den a thabharfaimid air le bheith ‘Gaelach’ agus an BAI a choinneáil sásta ,” a dúirt Pádraig Ó Sean-Chaora, TGFore!, agus é ar a shlí go dtí seoladh clár fáisnéise éigin faoi eachtra staire éigin a raibh dearmad déanta air mar nach raibh an oiread sin tábhachta leis an chéad lá.

“Seachnaímid rudaí casta nó ró-Ghaeilge-ish” a dúirt Pádraig Ó Sean-Chaora. “Cuireann siad tinneas cinn ar fhógróirí agus bíonn fadhbanna ag cuid de na babes leis an bhfoghraíocht.”

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin gurb iad Cónra na Gaeilge an chéad dream a rachaidh ós comhair dragúin an Fhorais.

Is é an pitch atá ag an gCónra ná go n-osclófaí club rince earótach ar Shráid Fhearchair – ‘Ó ghlúin go glúin’.

“Ní féidir liom mórán a nochtadh ag an bpointe seo, ach is cosúil go mbeadh orainn club a oscailt i mBéal Feirste freisin. An ‘dispensation’ nua,” an dtuigeann tú?” a dúirt  Julian IV, an tArd-Impire Spáinneach.