Maoiniú fógartha ag Scáileán Thuaisceart Éireann do chláir Ghaeilge 

Tá airgead le cur ar fáil do 12 tionscadal ar fad faoin gCiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann

Maoiniú fógartha ag Scáileán Thuaisceart Éireann do chláir Ghaeilge 

Tá cláir teilifíse faoi longa a chuaigh go tóin poill amach ó chósta na tíre, bean a bhí ina scoláire ceannródaíoch agus foireann Subbuteo na hÉireann i measc na gclár Gaeilge is déanaí a bhfuil maoiniú fógartha dóibh.

Tá airgead le cur ar fáil do 12 tionscadal ar fad faoin gCiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) ag Scáileán Thuaisceart Éireann.

Beidh na cláir teilifíse le craoladh amach anseo ar TG4, ar RTÉ agus ar BBC agus cuireadh maoiniú ar fáil freisin d’ábhar ar líne.

Bhí Clean Slate Productions ar cheann de na comhlachtaí léiriúcháin a fuair maoiniú faoi CCG agus dhá chlár teilifíse á bhforbairt acu. I Longbhriseadh, déanfar cósta na hÉireann a thaiscéaladh agus inseofar scéalta faoin longa a chuaigh go tóin poill, ó shoithí na hArmáide go longa cogaidh an Dara Cogadh Domhanda agus iompróirí trádála.

Tugadh maoiniú freisin do thionscadal eile de chuid Clean Slate Productions a bheidh le craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann, Flic Saor, ina leanfar aistear fhoireann Subbuteo na hÉireann chuig corn an domhain, go príomha beirt dá mbaill, Oisín Mac Eo agus Breandán Mac Ruairí. 

In Uan Uladh le Macha Media, atá le craoladh ar TG4, déanfar cur síos ar shaol agus ar oidhreacht Úna Uí Fhaircheallaigh, duine de na mná is mó tionchar in Éirinn sa 20ú haois ach atá ligthe i ndearmad i stair na tíre, dar le lucht déanta an chláir. Scoláire agus scríbhneoir ab ea Ní Fhaircheallaigh a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan agus ina hiar-uachtarán ar an gCumann Camógaíochta.

Is ar TG4 freisin a bheidh Tuilte le Dearcán Media, a dhíreoidh aird ar an tionchar a bhíonn ag tuilte ar an bpobal chomh maith le breathnú ar na cúiseanna atá leis na tuilte agus cad is féidir a dhéanamh le hiad a chosc.

Déanfaidh Mná Ghabhla – Boladh Mheiriceá, le LIGID Productions do TG4, mionscagadh ar shaol grúpa ban a d’fhág Oileán Ghabhla i nDún na nGall sna 1960idí chun dul a chónaí agus ag obair i Nua-Eabhrac. Scrúdóidh an clár faisnéise uair an chloig seo na cúiseanna ar fhág siad an ceantar, an t-uaigneas a bhain leis an imirce, conas mar a chuaigh siad i dtaithí ar áit nua, an saol i Nua-Eabhrac sna 1960idí agus an dóigh ar choinnigh siad a gcaidreamh le Dún na nGall trí theacht le chéile mar bhaill de chumann Dhún na nGall.

Fógraíodh maoiniú freisin faoi CCG do roinnt clár a fhillfidh ar an teilifís i mbliana.

Beidh Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn ar ais don dara sraith de Éadaí SOS le Waddell Media do BBC TÉ agus TG4. 

Fillfidh an tsraith sé chlár faisnéise Ar An Sliabh, atá léirithe ag Strident Media do BBC agus RTÉ, clár a leanann saol na bpobal sléibhe ‘ó shleasa an Earagail go croílár Ghlinnte Aontroma’. 

Beidh cuid de réaltaí Peataí! ar RTÉ le feiceáil arís in Madraí faoi Ghlas, á léiriú ag Big Mountain Productions. 

Beidh an dara sraith de Bóín & Beach le Paper Owl Films ar RTÉ, sraith beochana a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht sa dúlra.

Beidh an ceathrú sraith de Trad ar Fad le Sonas Productions le feiceáil ar BBC TÉ. In Thomas Moore, Bard na hÉireann ar TG4, déanfaidh Imagine Media scrúdú ar shaol an fhile Thomas Moore agus ar a shaothar Irish Melodies.

Beidh Meon Eile, ardán nuachta Below the Radar, á mhaoiniú arís, don 11ú babhta.

Fág freagra ar 'Maoiniú fógartha ag Scáileán Thuaisceart Éireann do chláir Ghaeilge '