Maoiniú faighte d’fhadscannán bleachtaireachta Gaeilge agus do chlár faisnéise faoi Ghael óg as Béal Feirste atá ag feitheamh ar aistriú croí

Tá maoiniú bronnta ar Doubleband Films do 'Doineann', fadscannán Gaeilge faoi chigire Garda a théann chuig oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthuaisceart na tíre le dúnmharú a fhiosrú

Maoiniú faighte d’fhadscannán bleachtaireachta Gaeilge agus do chlár faisnéise faoi Ghael óg as Béal Feirste atá ag feitheamh ar aistriú croí

I measc na gclár úr a bhfuil maoiniú bronnta ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh orthu, tá dráma bleachtaireachta lonnaithe ar oileán Gaeltachta agus clár faisnéise faoi Dháithí Mac Gabhann, Gael óg as Béal Feirste atá ag feitheamh ar aistriú croí. 

D’fhógair Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) Scáileán Thuaisceart Éireann go bhfuil maoiniú á thabhairt acu don chomhlacht Macha Media chun an clár Croí Briste a dhéanamh faoi scéal Dháithí Mhic Ghabhainn agus faoi fheachtas a thuismitheoirí maidir le cur le líon na ndaoine ar an Chlár Deontóirí Orgán ó thuaidh.

Fuair Macha Media maoiniú freisin do Laochra Thar Lear, sraith faisnéise faoi chuid de na chéad iomaitheoirí as Éirinn a ghlac páirt sna cluichí Oilimpeacha.

15 tionscadal ar fad atá á maoiniú ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge sa bhabhta maoinithe is déanaí acu.

Bronnadh maoiniú ar Doubleband Films do Doineann, fadscannán Gaeilge faoi chigire sna Gardaí a théann chuig oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthuaisceart na tíre agus é de chúram uirthi dúnmharú a fhiosrú.

Seo an chéad mhórléiriú drámaíochta dá leithéid atá á mhaoiniú ag an CCG faoi scéim nua de chuid TG4 agus BBC.

Bronnadh maoiniú ar an chomhlacht Doubleband Films chomh maith do #AnGhaeltacht, sraith faisnéise a taifeadadh i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall i mbliana.

Tá maoiniú faighte ag Below the Radar do Turas an Bháis, clár faisnéise faoin dóigh a théann daoine i ngleic leis an bhás in Éirinn agus don clár díospóireachta stiúideo An Focal Scoir, a bheas ar ais don tríú sraith.

Tá maoiniú faighte ag Wadell Media don tríú sraith de Turas Bóthair, sraith a bhfuil ag éirí go maith léi agus í á craoladh ar TG4 le dhá bhliain anuas.

Ar na comhlachtaí eile a fuair maoiniú tá Paper Owl Films, chun sraith cócaireachta ar líne a dhéanamh do RTÉ Jr darb ainm Ár mBia, Ár Slí agus bronnadh maoiniú ar Imagine Media do Cluiche an Gheimhridh, clár faisnéise faoi dhaoine a bhíonn ag imirt chártaí mar chaitheamh aimsire.

Den seachtú bliain as a chéile, beidh scéim traenála i scileanna raidió á reáchtáil ag Raidió Fáilte le cuidiú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge.

Fág freagra ar 'Maoiniú faighte d’fhadscannán bleachtaireachta Gaeilge agus do chlár faisnéise faoi Ghael óg as Béal Feirste atá ag feitheamh ar aistriú croí'

  • Cathal Ó Manacháin

    Seo dea-scéal iontach, a Mhéabh.

    Tá mé ag dúil go mór leis na scannáin seo a fheiceáil.

    Go raibh maith agat as an eolas a scaipeadh!