Maoiniú d’ócáid do Sheachtain na Gaeilge diúltaithe ag comhairleoirí ‘frith-Ghaeilge’ an DUP

Maíonn polaiteoir de chuid an SDLP go bhféadfadh cinneadh comhairleoirí aontachtacha a lorg a fhágáil ar na cainteanna polaitiúla ó thuaidh

Maoiniú d’ócáid do Sheachtain na Gaeilge diúltaithe ag comhairleoirí ‘frith-Ghaeilge’ an DUP

D’fhéadfadh diúltú chomhairleoirí aontachtacha maoiniú a cheadú do Sheachtain na Gaeilge dochar mór a dhéanamh do na cainteanna maidir le hathbhunú Stormont.

Chuir comhairleoir de chuid Shinn Féin, Patrice Hardy, i leith Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma gur áit í a bhí “frith-Ghaeilge go smior” i ndiaidh do chomhairleoirí vótáil i gcoinne maoiniú a thabhairt d’ócáid de chuid Chonradh na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.

Mhaígh an comhairleoir Hardy nár cheadaigh an Chomhairle ach maoiniú £355 don Ghaeilge le ceithre bliana anuas.

Dúirt an comhairleoir Declan O’Loan ón SDLP go raibh sé “uafásach” go bhféadfadh an DUP vótáil i gcoinne an mhaoinithe ag tráth “cinniúnach” do na cainteanna polaitiúla.

Dúirt O’Loan gur cheist mhór sna cainteanna é dearcadh an DUP i leith chultúr na hÉireann agus go bhféadfadh toradh an vóta “rian suntasach” a fhágáil ar a bhfuil i ndán do na cainteanna sin.

Vótáil 20 comhairleoir in aghaidh maoiniú 25% a cheadú don ócáid atá beartaithe do Sheachtain na Gaeilge agus 14 comhairleoir a bhí ar son an rúin.

Thacaigh an DUP le moladh a rinne an TUV go ndéarfaí le Conradh na Gaeilge cur isteach ar mhaoiniú faoi scéim deontais na Comhairle.

Dúirt an Comhairleoir Patrice Hardy gur léirigh an vóta nach raibh an Chomhairle ionadaíoch ar chách.

“Caitear na mílte punt gach bliain ar na fórsaí armtha, ar an monarcacht agus ar an Ultais. Tá sé de cheart ag Aontachtaithe cuimhneamh ar na mairbh agus a gcultúr a cheiliúradh – níl aon fhadhb againn leis sin. Ní dhéantar é seo a chúiteamh riamh, áfach,” a dúirt Hardy.

Dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle go rabhthas tiomanta d’ócáid a reáchtáil le linn Sheachtain na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Maoiniú d’ócáid do Sheachtain na Gaeilge diúltaithe ag comhairleoirí ‘frith-Ghaeilge’ an DUP'