Maoiniú breise tugtha do BBC Alba

Dúirt leas-chéadaire na hAban go dtabharfaidh an maoiniú breise an deis do chraoltóirí Gàidhlig lucht féachana nua a mhealladh

Maoiniú breise tugtha do BBC Alba

Tá maoiniú breise £1.8 milliún (€2.18 milliún) faighte ag BBC Alba, stáisiún teilifíse Gàidhlig na hAlban, i mbuiséad Riaghaltas na h-Alba (Rialtas na hAlban) don bhliain amach romhainn.

D’fhógair an rialtas buiséad na bliana 2025-2026 an tseachtain seo caite agus fágann an t-airgead breise gur £14.8 milliún ((€18 milliún) san iomlán a bheidh ag an gcomhlacht MG Alba.

De réir taighde a rinne an comhlacht Ernst and Young in Albain, is fiú £1.34 gach £1 a infheistítear i gcraoltóireacht na Gàidhlig agus tá 340 post san earnáil – 160 acu sin sna hoileáin.

Thug LeasChéad-Aire na hAlban, an cainteoir líofa Gàidhlig Kate Forbes, cuairt ar stiúideonna an BBC i nGlaschú an tseachtain seo caite. Sna stiúideonna ansin, chas sí le Meredith Brook, a bhí i ról Shìne Maclean sa dráma coiriúlachta An t-Eilean (An tOileán) a craoladh ar BBC Alba níos luaithe i mbliana.

“Léiríonn an rath a bhí ar An t-Eilean gur féidir aird idirnáisiúnta a tharraingt ar Albain trí thacaíocht a thabhairt d’earnáil na craoltóireachta Gàidhlig atá faoi bhláth. Tá bunchloch curtha ag an gclár faoi ré nua teilifíse Gàidhlig a d’fhéadfadh turasóirí a mhealladh go hAlbain le tacú le poist agus deiseanna eacnamaíochta ar oileáin na tíre,” a dúirt Forbes.

Dúirt sí freisin go dtabharfaidh an maoiniú breise an deis do chraoltóirí Gàidhlig lucht féachana nua a mhealladh.

Ba é An t-Eilean, a craoladh ar BBC Alba agus ar BBC níos luaithe i mbliana, an tsraith drámaíochta Gàidhlig ba chostasaí riamh. Ba é an stiúrthóir Éireannach Tom Sullivan, a stiúir an scannán Gaeilge Arracht, a stiúir an dráma nua coireachta.

Is é an comhlacht léiriúcháin Black Camel Pictures a rinne An t-Eilean don BBC. Scríobh Nicholas Osborne agus Patsi Mackenzie an script agus chosain an tsraith seo tuairim is £1 milliún (€1.2m) in aghaidh na heipeasóide. Rinneadh an chuid is mó den scannánaíocht i Leòdhas agus na Hearadh agus i nGlaschú.

Fág freagra ar 'Maoiniú breise tugtha do BBC Alba'