Mo thrua inniu Éire, í faoi bhois an chait, a maoin á díol go náireach arís

Geamaireacht atá ar bun sa Dáil i dtaobh na morgáistí atá le díol agus na creach-chistí ag faire go santach orthu lena n-alpadh mar a tharla cheana nuair a tháinig Rialtas Shasana i gcabhair ar na tiarnaí talún

Mo thrua inniu Éire, í faoi bhois an chait, a maoin á díol go náireach arís

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

An bhfuil beart ar bith is fearr a léiríonn a laghad is atá fágtha de neamhspleáchas na hÉireann ná an gheamaireacht atá ar bun sa Dáil i dtaobh na morgáistí atá le díol agus a bhfuil na creach-chistí ag faire go santach orthu lena n-alpadh?

Tá sé sách dona go bhfuil ár máistrí ag iarraidh neodracht na tíre a scriosadh agus muid a mhealladh isteach in arm Eorpach ach é seo anois freisin.

Leis an Stát 70% de Permanent TSB ach níl fonn dá laghad ar an Stát an díol a stopadh.

Caithfidh muid é a dhéanamh, a deir na bancanna, mar go bhfuil brú ag teacht orainn ó Bhanc Ceannais na hEorpa.

Níor chuir na Tráchtairí Móra béim rómhór ar an gcuid sin den tréas ach ní raibh náire ar bith ar an Aire Airgeadais Paschal Donoghue é a admháil.

Seo mar a tuairiscíodh a chuid cainte san Irish Times: “Mr Donoghue sought to distance himself from the decision to sell such a large portfolio of non-performing loans, saying that it was at the direction of the bank’s independent regulator, the European Central Bank.”

Mo thrua inniu Éire: í faoi bhois an chait, i ladhar an chasúir, ina caora idir dhá reithe – Banc Ceannais na hEorpa ar thaobh amháin agus na creach-chistí ar an taobh eile.

Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair ar díoladh cuid mhór d’acmhainní na tíre leis na creach-chistí.

Bliain ó shin craoladh clár dar teideal The Great Sell Off  ar RTÉ faoin gcaoi ar díoladh luach €200 billiún de mhorgáistí tráchtála agus de thalamh leis na creach-chistí céanna.

Tá an chuid is mó den talamh sin fágtha díomhaoin acu ó shin agus iad ag fanacht go n-ardóidh a luach.

Idir an dá linn tá lánúnacha agus gasúir ina gcónaí in óstáin cheal tithe agus tuilleadh daoine ina gcodladh ar an tsráid.

Is é an deilín a bhí ag fear ceannais NAMA, Bernard McDonagh, nuair a bhí an anachain déanta, gur chúis díomá dó nach bhfuil tithe tógtha ar na stráicí talún a bhfuair na creach-chistí seilbh orthu.

Nach sílfeá go dtuigfeadh sé gur mar sin a tharlódh sular díoladh an talamh?

Duine dall nach n-aithneodh gur aidhm amháin atá ag na creach-chistí seo – brabach éasca a dhéanamh.

Mar a bheifeá ag súil leis, tá Fianna Fáil ag silt deora bréige faoin díol agus iad ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb iad féin sciath chosanta lucht na morgáistí.

Caint í seo nach ceart dúinn a shlogadh gan neart salainn.

Gothaí toghcháin atá i dtroid na mbó maol atá ar bun idir iad féin agus Fine Gael faoin gcás.

Níl caint ar bith ag Fianna Fáil ar an bhfreagracht atá orthusan as an scrios a rinne na bancanna nuair a bhí siad féin i gcumhacht.

Níorbh é amháin go raibh ar na cáiníocóirí a theacht i gcabhair ar bhancanna na tíre seo ach tugadh le fios dúinn go neamhbhalbh go raibh sé de dhualgas orainn bancanna Aontas na hEorpa ar fad a chosaint.

Chuirfeadh an tragóid ar fad aimsir an Ghorta Mhóir agus ar lean é i gcuimhne do dhuine.

Ar an 17ú la de Mheán Fómhair 1851 thug Mr. John Robertson seasca báille isteach sa bparóiste seo a bhfuil mé i mo chónaí ann, paróiste Charna i gConamara.

Dhíbir siad seacht muirín amach faoin drúcht i nDoire Iorrais. Níor fhág siad cleith ná sop ar na tithe.

Chuaigh siad as sin go Dúleitir, don Mhás agus go Dumhaigh Ithir gur dhíshealbhaigh siad naoi muirín déag eile.

Ba é John Robertson an gníomhaire a bhí ag an Law Assurance Society as Londain- creach-chiste de chuid na linne sin.

Bhí eastát mór na Máirtíneach i bhfiacha agus socrú déanta ag rialtas na Breataine le cuidiú leis na tiarnaí talún agus leis na bancanna.

Thug siad isteach an Encumbered Estates Act (Acht na nEastát Fiachbháite) dhá bhliain roimhe sin. Thapaigh an Law Assurance Society a ndeis agus cheannaigh siad eastát na Máirtíneach ar ardaigh orm é.

Ba iad na tionóntaí a bhí thíos leis. Ní raibh mairg ar bith ar an gcóras iad a íobairt ar altóir an rachmais.

Cuireadh fiach an mhadra rua ar an gcuid acu nach raibh in acmhainn an cíos a íoc agus tiomáineadh na céadta acu thar sáile.

Ní raibh aon chumhacht pholaitiúil ag an Éireannach an uair sin. Ba chuid d’Impireacht muid.

Ábhar impireachta eile, Aontas na hEorpa, atá dár rialú inniu.

Dlí an mhargaidh atá i réim.

Níl meáchan cleithe sa gcaint atá ar bun sa Dáil agus tá gnáthphobal na hÉireann ina gcodladh aríst.

Fág freagra ar 'Mo thrua inniu Éire, í faoi bhois an chait, a maoin á díol go náireach arís'

  • Breac

    Mo léan géar go bhfuil iomlán an chirt ag Seosamh.

  • MacAnRí

    Cad é an fhreagra ? Na bí ag clamhsán i dtólamh …scríobh sliocht agus réiteach deacrachta a tairiscint ? Frith-AE bolscaireacht de ghnáth ón údar Seosamh

  • Seosamh Ó Cuaig

    An freagra—GAN na morgáistí a dhíol leis na creach-chistí. Nuair a bhí daoine á gcur as seilbh sa naoú céad déag bunaíodh an Land League. Teastaíonn eagraíocht mar sin go géar anois.

  • leitheoir

    ‘Táimse im chodladh is ná dúistear mé!’ Meallta bréagtha bearrtha ag bréagáin na linne seo, an ríomhaire, an teilifís, na meáin. Caoire…go deimhin. Mír ollmhór ag Banríon Shasana sna cistí céanna sin a luann an t-údar….plus ca change plus c’est la meme chose.

  • Ben

    Togha ailt. An fhírinne ghlan!

  • Luke Callinan

    – I 2013 d’athraigh Michael Noonan na rialacha a bhaineann le “REIT”annaí (Real Estate Investment Trusts) sa gcaoi nach ngearrfaí aon cháin chorparáideach ar an mbrabach a dhéanann siad as cíos maoine. Díolúine eile ar mhullach na ndíolúintí agus poill lámhaigh iomadúla a bhí ann cheana.
    – In 2011 bhí Tiarna Talún amháin sa stat a raibh os cionn 400 teach ina sheilbh aige. Ta cúigear acu anois ann.
    – Ta borradh faoi líon na dTiarnaí Talún a bhfuil os cionn 20 teach/árasán ar cíos acu: ó 730 i 2011 aníos go 926 i 2017 – méadú de 27%
    – As na 20 Tiarna Talún is mó sa stát inniu ta 2 acu ina “REIT”.

    Ba é an t-insealbhóir Mheiriceá is fearr a mhínigh an cás: “The private rented sector in Dublin is a home run,” he said.