Man Utd v Liverpool – laochra ar lár

Imreoidh Man Utd agus Liverpool i gcoinne a chéile Dé Domhnaigh, ach tá níos mó laigeachtaí ná laidreachtaí ag an dá sean-namhaid na laethanta seo.

Roy Keane, D'fhág sé bearna lár an ghoirt nár líonadh fós í ©INPHO/Donall Farmer
Roy Keane, D’fhág sé bearna lár an ghoirt nár líonadh fós í ©INPHO/Donall Farmer

Ag tús na seachtaine seo, dúirt iarimreoir Manchester Utd, Gary Neville, go mbeadh cluiche na deireadh seachtaine seo idir Utd agus a sean-namhaid Liverpool cosúil le cluiche idir bheirt i dteach tábhairne.

“The Dog & Duck versus The Red Lion” a thug Neville ar an gcluiche idir an dá chlub is mó agus is rathúla i Sasana ó tháinig ann don sacair.

Ach cén fáth a mbeadh laochra Utd anuas chomh mór sin ar a seanfhoireann agus an fhoireann a chríochnaigh sa dara háit sa Phríomhroinn anuraidh?

Leiríonn cáineadh Neville cé chomh fada atá an dá fhoireann tite taobh istigh de thamall gearr. Cé nach bhfuil an chraobh buaite ag Liverpool le os cionn scór blianta, is beag nár thug siad leo í anuraidh gur dtí gur shleamhnaigh Steven Gerrard in aghaidh Chelsea agus gur chlis siad go hiomlán in aghaidh Crystal Palace cúpla lá ina dhiaidh sin.

Is sa séasúr céanna a tháinig stop tobann le ré glormhór Man Utd. Tar éis d’Alex Ferguson éirí as, ceapadh David Moyes mar bhainisteoir agus chuaigh an séasúr ó mhaoil go mullach, Utd ag críochnú sa seachtú háit ar deireadh agus Moyes ag fáil a P45.

Sa samhradh, chaith Liverpool €150M ar imreoirí nua agus chaith Utd beagnach €200M.

In ainneoinn an chaiteachais sin uile, tá laigeachtaí na foirne seo fós níos feiceálaí ná a gcuid láidreachtaí. Agus an méid sin ráite, is fiú breathnú ar céard go díreach atá in easnamh ar an dá fhoireann seo.

 

Liverpool

  1. Easpa scórálaí

Luis Suarez ba chúis le haiséirí Liverpool anuraidh, é ag aimsiú 31 cúl.

Cé gur scóráil Daniel Sturridge breis agus 21 cúl, is é Suarez a thug an spás agus an deis sin dhó. Nuair a d’imigh Suarez go Barcelona sa samhradh, is é an dúshlán is mó a bhí roimh an mbainistoeir, Brendan Rodgers, ná ionadaí a fháil do Suarez.

Chaith Rodgers an €80M sin a fuair sé ar an Uraguach ar Adam Lallana, Lazar Markovic, Rickie Lambert agus Mario Balotelli. Sa Phríomhroinn go dtí seo, tá trí chúl scóráilte ag an gceathrar sin tar éis 15 chluiche. An taca seo anuraidh, bhí 15 cúl scóráilte ag Suarez, fiú agus é ar fionraí don chéad cúig chluiche den séasúr.

Níl aon chúiteamh déanta ar easpa na gcúl sin i mbliana. Chomh maith le laigeachtaí na n-imreoirí nua, níl ach trí chluiche imeartha ag Sturridge mar gheall ar ghortuithe agus teastaíonn sé go géar ó Rodgers.

 

  1. Cosaint lag

Sa séasúr 2013/14, lig Liverpool isteach 50 cúl, beagnach dhá oiread an méid a scóráladh in aghaidh Chelsea, a chríochnaigh sa triú háit.

D’fhág an difríocht cúil go raibh foireann Rodgers ar thóir bua ollmhór i gcoinne Crystal Palace sa chluiche dochreidte sin a chríochnaigh 3-3.

Chun an fhadhb seo a réiteach, cheannaigh Rodgers na cosantóirí Dejan Lovren agus Alberto Moreno ach tá botúin mhóra déanta ag an mbeirt acu sin i mbliana. Mar gheall air seo, bhí ar an mbainisteoir a muinín a chur in imreoirí mar Jose Enrique agus Kolo Toure an athuair.

Chomh maith leis seo, coinníonn Rodgers air ag úsáid Stephen Gerrard mar imreoir cosantach, cé nach bhfuil smacht sách maith aige ar an bpaiste sin den pháirc.

 

  1. Simon Mignolet

Cheannaigh Rodgers an cúlbáire Simon Mignolet i Samhradh 2013 agus fiú amháin leis an mbliain iontach a bhí ag Liverpool anuraidh, bhí ceist fós ann faoin mBeilgeach.

I mbliana, breathnaíonn sé gur droch-cinneadh a bhí ann coinneáil le Mignolet agus botún i ndiaidh botúin á dhéanamh aige. Breathnaíonn sé go bhfuil an lug tite ar an lag ag an gcúlbáire anois agus is cinnte nach mbeadh sé ag imirt dá mbeadh ionadaí sách maith ann dó.

Tá briste ar fhoighne lucht tacaíochta Liverpool leis an scéal ar fad faoin am seo agus beidh go leor acu ag súil go gceannóidh an club báideoir nua i mí Eanáir.

 

Man Utd

1.Bainisteoir nua

Tar éis 27 bliain a chaitheamh le bainisteoir amháin, tá Man Utd tar éis beirt eile a bheith acu taobh istigh de bhliain amháin. Bhí sé soiléir sula i bhfad nach raibh David Moyes réidh chun post chomh mór le ceann Utd a ghlacadh agus cé go raibh seans ann go mbeadh sé in ann dul i dtaithí ar an bpost, ní thugtar an méid sin ama do bhainisteoirí na laethanta seo.

Tugadh isteach Louis Van Gaal i rith an tsamhraidh tar éis dó obair mhaith a dhéanamh leis an Ísiltír. Is é an fhadhb is mó leis seo ná go dtagann gach bainisteoir isteach lena chuid smaointe agus a chuid tuairimí féin agus uaireanta bíonn sé deacair ar imreoirí dul i dtaithí orthu.

I mbliana, tá Van Gaal tar éis teacht isteach agus é ag iarraidh 3-5-2 a imirt, córas nár imir go leor de na himreoirí faoi go dtí seo. Thuig Van Gaal go b’fhéidir go mbeadh sé ciallmhar an cur chuige sin a athrú ach tá sé féin agus Utd fós ag lorg an cheanna is feiliúnaí.

 

  1. Easpa taithí sa chosaint

Fir eile ar tugadh an bóthar dóibh ó shin ná Patrice Evra, Nemanja Vidic agus Rio Ferdinand an samhradh seo caite. D’imir an triúr sin os cionn 1,100 chluiche do Utd agus 16 bonn Phríomhroinne buaite eatarthu.

I mbliana, ainmníodh Tyler Blackett agus Paddy McNair i bhfoirne Utd, cosantóirí óga nach bhfuil deich gcluiche imeartha acu fós leis an gcéad fhoireann, chomh maith le Luke Shaw, ar íoc Utd €35M air, cé nach bhfuil sé ach 19.

Leis an easpa taithí seo agus na treoracha nua atá ag teacht ón mbainisteoir, ní haon iontas é go raibh drochthorthaí ag Utd ag tús na bliana, go háirithe na cailiúintí in aghaidh Leicester agus Swansea.

 

  1. Lár na páirce atá ródhírithe ar an ionsaí

Is fadhb é seo atá ag Utd beagnach ón lá a shiúil Roy Keane amach an doras. Chaith Utd €120M ar Juan Mata agus Angel Di Maria le 12 mhí anuas ach níl imreoir lár na páirce acu atá dírithe ar an gcosaint, fearacht Nemanja Matic ag Chelsea nó Fernandinho ag Man City.

Níl Darren Fletcher fós i gceart tar éis drochthinnis agus cé gur imir Marouane Fellaini ansin cheana, is ag imirt taobh thiar den tosaí a bhí sé sin nuair a bhí a thréimhse is rathúla aige le Everton.

Anois agus an tÍsiltíreach Daley Blind tagtha chuige féin ó ghortú, b’fhéidir go mbeadh seisean in ann lámh chúnta a thabhairt do na consantóirí.