‘Mamaí, ‘tá tatú agamsa’, arsa an Babaí agus cuma duine d’fhoireann rugbaí na Maori All-Blacks air

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí éadan an Babaí maisithe go mion ag ealaíontóir stuama éicint agus é clúdaithe le patrún galánta

‘Mamaí, ‘tá tatú agamsa’, arsa an Babaí agus cuma duine d’fhoireann rugbaí na Maori All-Blacks air

‘Ó a Thiarna na glóire!’ a bhéic mé, is mé ag impí cúnamh ó na flaithis. Ach ní raibh aon chabhair le fáil ó Dhia ná ó dhuine faoin am gur shiúil mé amach sa halla.

Cúpla nóiméad roimhe sin thug mé faoi deara go raibh ciúnas tite ar an teach. Bhí sé an-chiúin. Róchiúin, go deimhin.

Chuala mé iad ag spraoi go deas socair amuigh faoin staighre sa halla, nó mar a thugtar air sa teach s’againne, an scoil faoin staighre. Ní raibh aon achrann ná argóint le cloisteáil uathu. Nach deas é sin, a chuimhnigh mé ar dtús. Ach ní fada nó gur chuimhnigh mé gurbh fhearr dom súil a chaitheamh orthu, ar fhaitíos na bhfaitíos.

‘Breathnaigh Mamaí,’ a dúirt an Babaí agus gliondar air, ‘tatú agamsa.’

Is beag nár imigh an mothú asam nuair a chonaic mé é. Ba gheall le duine d’fhoireann rugbaí na Maori All-Blacks é, an leathchúlaí clibirte is lú dá bhfaca tú riamh. Bhí a éadan maisithe go mion ag ealaíontóir stuama éicint agus é clúdaithe le patrún galánta ina raibh ciorcail, línte, bláthanna agus comharthaí ársa eile nár aithin mé.

Thug mé faoi deara an bosca marcóirí ildaite oscailte agus uirlisí an ealaíontóra scaipthe amach ar an urlár. Lig mé osna faoisimh asam, na marcóirí is féidir a ghlanadh le huisce a bhí acu. B’fhéidir nach raibh rudaí chomh dona is a cheap mé ar an gcéad radharc. Ach ansin, chonaic mé é, an marcóir mór dubh.

‘Tabhair dom na wipes go beo,’ a dúirt mé agus práinn i mo ghlór. Ach bhí a fhios agam nach raibh aon mhaith ann. Níor déanadh aon wipe fós atá in ann ag an marcóir mór dubh.

Deirtear má tá tú ag iarraidh go ndéanfaí rud éicint i gceart gur fearr duit é a dhéanamh tú féin. Cuirtear fainic nó dhó leis sin, áfach, agus tá corr-rud ann gur fearr a fhágáil faoin té a bhfuil fios a ghnóthaí aige.

San áireamh sna rudaí sin, chuirfeá seirbhísí ar nós bearradh gruaige, tarraingt fiacaile nó obráidí ar an gcroí, cuirim i gcás. Bhí sé chomh maith agat tatúnna a chur leis an liosta sin freisin.

‘Nach bhfuil sé ag breathnú go hálainn,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus í an-bhródúil as a cuid obair ealaíne. Bhí an dúch go dlúth ar a héadan féin agus líníochtaí beaga breactha anseo is ansiúd ar a géaga chomh maith. Thosaigh na cosa ag lúbadh fúm.

Fág freagra ar '‘Mamaí, ‘tá tatú agamsa’, arsa an Babaí agus cuma duine d’fhoireann rugbaí na Maori All-Blacks air'