‘Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil an lámh mhór ag a seacht?’

Murach go n-imíonn an t-am leis i líne dhíreach agus go n-imíonn an mhaidin ar bhóithrín cam, bheadh ár gcolúnaí réidh roimh na leanaí

‘Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil an lámh mhór ag a seacht?’

‘Mamaí, an bhfuil tú réidh fós?’ a bhéic an Babaí aníos an staighre orm. Ní raibh aon súil agam leis an gceist. Is dóigh, mar nár chuir sé an cheist orm aon uair eile riamh. Is mise a chuireann na ceisteanna sin ar maidin. 

‘Cá’l do mhála?’. ‘Cá bhfuil do bhróga?’. ‘An bhfuil an lón sa mála?’.

Anois, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an bhróg ar an gcois eile agus iadsan réitithe romham ar maidin. Is dóigh go mbeidh orm feabhas éicint a chur ar mo chuid scileanna bainistíochta ama. Níl a fhios agam cén chaoi a mbeidh mé in ann aghaidh a thabhairt ar an saol nua seo. 

‘Beagnach!’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh shape a chur orm féin. Bhuel, is dóigh go raibh shape ‘eicínt’ orm mar a bhí, ach bhí súil agam go bhféadfainn cruth beagán níos fearr a chur air sa gcúig nóiméad a bhí agam sula mbeadh orainn an teach a fhágáil. 

‘Beagnach?’ a d’fhógair sé. ‘Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil an lámh mhór ag a seacht agus tá an lámh bheag ag a naoi?’ a d’fhiafraigh sé díom go mífhoighdeach. ‘Tá tú an-mhall ag réiteach.’ 

Nach mór an feall go bhfuil sé ag foghlaim cén chaoi leis an am a léamh ón gclog, a chuimhnigh mé.

Bhí seans eicínt agam go dtí sin. 

‘Cá’l an lámh mhór arís?’ a d’fhiafraigh mé agus mé ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh sé d’am agam mo bhróga a tharraingt orm. 

‘Tá sé ag a seacht, Mamaí!’ 

Thriáil mé cuimhneamh cén t-am at bhíonn sé nuair a bhíonn an lámh bheag ag a naoi agus an lámh mhór ag a seacht.

Níl a fhios agam… fan soicind… an lámh mhór ag a seacht? Ó, bíodh an diabhal aige, a dúirt mé liom féin, tá cúpla nóiméad eile agam. Thosaigh mé ag ceangal na mbarriallacha ar mo bhróga. 

Is mé ag ceangal lúb sna barriallacha chuimhnigh mé gurb í an fhadhb is mó atá agam, ná nádúr líneach imeacht an ama. Murach sin, bheinn togha, sílim. 

Murach go n-imíonn an t-am i líne dhíreach agus go n-imíonn an mhaidin ar bhóithrín cam, bheadh mé réidh go breá in am ar maidin. Murach tréithe buana do-athraithe an imeacht ama, atá mé a rá, bheinn togha. 

D’airigh mé babaí an chloig ag fógairt arís orm. ‘Mamaí, tá mise ceaptha a bheith ag an scoil cheana féin agus tá mé fós ag fanacht ort!’ 

An t-am is an taoille ní fhanann le héinne.

Fág freagra ar '‘Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil an lámh mhór ag a seacht?’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Nach ag an bpáiste a bhíonn an focal faoi deireadh i gcónaí! :-)

  • Ruth

    Ar an taobh eile de, is féidir a rá leo nach féidir tú a mhuscailt maidin Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh go dtí go bhfuil an lámh beag ar a 9 agus an lámhmór ar a 12!