Mallacht Naomh Pádraig ar dhúiche an Chomaraigh

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo díoltas Naomh Pádraig ar chleasaí na nDéise atá againn..

Mallacht Naomh Pádraig ar dhúiche an Chomaraigh

I Sléibhte an Chomaraigh tá bearna nó mám ar a ndeineann na daoine comhgar [cóngar] ag dul ó Chill Rosanta ar an taobh theas díobh go dtí Cill Riain ar an dtaobh thuaidh agus ‘sé an t-ainm a thugtar uirthi ná Bearna an Mhadra.

Tá an scéal seo leanas i mbéal na ndaoine dé chúis gur tugadh a leithéid d’ainm uirthi. 

Lá dá raibh Naomh Pádraig ag dul ar a mhisiún do tháinig sé go dtí barr na sléibhte seo agus do shuigh sé síos chun a scíth do ligint. Bhí dúthaigh an Chomaraigh thíos féna chosa ag bun na sléibhte. Bhí meitheal ag baint móna gairid dó agus do cheistigh sé iad an raibh aon bhlúire bídh a thabharfaidís dó. 

Ní raibh aithne ag aoinne acu air agus dúirt duine acu go dtabharfadh sé féin béile dó. 

Cleasaí ba ea an duine san de réir dealraimh. Bhí seanmhadra aige agus cad a dhein sé ach an madra do mharú agus do bheiriú agus a chur i gcóir do Naomh Pádraig. 

Nuair a bhí an dinnéar réidh aige do chuir sé os comhair Phádraig é. Do bhlais sé sin é agus do thuig sé ansan an diabhlaíocht a bhí déanta. Ní nach ionadh bhí fearg an domhain air agus do chuir sé focal mallachta orthu.

Mar phionós do thit cith cloch agus carraig ar an dúthaigh sa Chomarach ach dúirt sé go mbeadh an talamh go torthúil agus an féar go milis i measc na gcarraig.

B’fhíor dó mar is mar sin díreach atá.

Muiris Breathnach, Scoil an Bhaile Nua, Coill Mhic Thomáisín, Co Phort Láirge

Fág freagra ar 'Mallacht Naomh Pádraig ar dhúiche an Chomaraigh'