Easaontas idir SF agus FF maidir le deireadh á chur le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge

Níl an tIar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív (FF), agus an Seanadóir, Trevor Ó Clochartaigh (SF), ar aon intinn faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

20150428_194811

Ní dhéanfadh páirtí Fhianna Fáil agus iad páirteach i rialtas deireadh a chur leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá molta ag Sinn Féin, dar leis an Iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Bhí an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ag tagairt don méid a bhí le rá ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) inné ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir go gcaithfí ar leataobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge dá mbeadh Sinn Féin i gcumhacht tar éis an chéad olltoghcháin eile. Dúirt sé freisin go gcuirfí straitéis úrnua ina háit laistigh de chúpla seachtain.

“Cur amú ama a bheadh ansin,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir agus mhaígh sé go gcuirfeadh Fianna Fáil a bhfuil sa straitéis i bhfeidhm láithreach agus go ndéanfaí uasdátú uirthi ina dhiaidh sin.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé “tragóideach” go bhfuil cúig bliana caillte ó foilsíodh an Straitéis agus nach bhfuil sí á cur i bhfeidhm i gceart.

Ag labhairt dó aréir freisin le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach polasaí oifigiúil, foirmiúil de chuid Shinn Féin a bhí i gceist le deireadh a chur leis an straitéis ach go raibh sé soiléir gur mar sin a bheadh cúrsaí dá mbeidís páirteach in aon chomhrialtas.

“Ní hé go ndeachaigh muid os comhair na hArd-Fheise agus gur dhúirt muid amach díreach é ach bhí muid á rá seo sna ráitis éagsúla, aon uair gur labhair mise ag an gComhchoiste Oireachtais, bhí mé cáinteach; aon uair a labhair mé leis an Aire sa Seanad, luaigh mé go raibh muid an-amhrasach go deo faoin gcur chuige a bhí ann,” a dúirt an Seanadóir le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur ‘múnla’ a bhí sa straitéis a bhí ceaptha a bheith curtha i bhfeidhm ina iomláine.

“An rud atá muidne a rá ná go bhfuil rudaí faighte níos measa agus go bhfuil réiteach difriúil ag teastáil, réiteach níos dírithe,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Easaontas idir SF agus FF maidir le deireadh á chur le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge'

  • Colmán

    Ní fiú aon Stráitéis Gaeilge gan tacaíocht traspháirtí. Óir nuair a thiocfas an rialtas nua isteach caithfidh siad ar leataobh moltaí an pháirtí eile. Caithfear comhdhearcadh a fháil ar cheisteanna bunúsacha teanga agus ansin é a chur i bhfeidhm. Sílim go bhfuil a chomhionann Líofa ag teastail sa deisceart. Is stráitéis í chun daoine a chur ag labhairt Gaeilge sa tuaisceart. An rud atá in easnamh orainn ná toil agus bá don Ghaeilge i measc mórphobal an Bhéarla. Caithfidh sinn seo a leigheas.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cur amú ama a bhí sa Stráitéis nuair a socraíodh spriocanna nach raibh aon bhunús leo. Ach fairíor, ag an am, nuair a bhí an Stráitéis os comhair na Dála, shíl urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, Aengus Ó Snodaigh, go bhféadfaí líon na gcainteoirí laethiúla Gaeilge a mhéadú ó thart ar 80,000 go 250,000 in imeacht 20 bliain! Tá áthas orm go bhfuil ar a laghad duine amháin i Sinn Féin sásta a rá go mba cheart an Stráitéis 20 Bliain a chaitheamh sa mbin!