Maitheas don mheabhairshláinte a bheith i do chónaí cois cósta – taighde nua

Torthaí taighde ar thionchar na farraige ar mheabhairshláinte an duine foilsithe san iris eolaíochta Health and Place

Puctiúr: Seán Ó Mainnín
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bíonn dea-thionchar ag an bhfarraige ar chúrsaí meabhairshláinte, dar le taighde nua a rinneadh sa Nua-Shéalainn. Fuair na haigneolaithe a rinne an taighde in Ollscoil Canterbury, i gcomhpháirt le Ollscoil Michigan i Meiriceá, amach go bhféadfaí maitheas a dhéanamh do do mheabhairshláinte ach a bheith i do chónaí cois cósta.

Bhí an taighde dírithe ar na bealaí ar féidir dul i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte i gcathracha ar fud na cruinne. Bhreathnaigh lucht déanta an taighde ar an tionchar atá ag “spásanna glasa agus gorma”, nó páirceanna/garraithe agus farraigí/lochanna ar an meabhairshláinte.

Rinneadh staidéar ar dhaoine a bhí ina gcónaí i gcathair Wellington sa Nua-Shéalainn agus roghnaíodh daoine nach raibh an galar dubh nó aon fhadhb eile meabhairshláinte ag cur isteach orthu le páirt a ghlacadh ann.

Fuarthas amach sa staidéar go raibh níos lú ‘anacair aigneolaíoch’ i measc na daoine a bhí ina gcónaí cois cósta nó a raibh radharc ar an bhfarraige acu óna gcuid tithe. Tá cathair Wellington lonnaithe idir Muir Tasman agus an tAigéan Ciúin, agus cé gur cathair mhór uirbeach í, tá radharc fairsing ar an dá ‘spás ghorma’ sin ó áiteanna ar fud na cathrach.

Ní raibh an tionchar céanna ag na ‘spásanna glasa’, páirceanna, garraithe agus coillte ar chúrsaí meabhairshláinte. Dúirt duine de na taighdeoirí, Amber Pearson, go mb’fhéidir nach raibh an tionchar céanna ag na spásanna sin toisc gur spásanna saorga a bhí iontu.

“B’fhéidir gurbh é an chaoi gur spás fíornádúrtha í an fharraige, ach go raibh idir spásanna nádúrtha agus spásanna saorga i gceist leis na spásanna ‘glasa’ a úsáideadh sa staidéar. Ní dhearnadh aon idirdhealú, mar shampla, idir coillte dúchais agus páirceanna spóirt nó machairí féir agus garraithe súgartha. B’fhéidir go mbeadh torthaí éagsúla ann dá mbreathnódh muid ar spásanna ‘nádúrtha’ amháin,” a dúirt sí.

Dúirt sí freisin go bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil leis an méid a fuair a foireann amach a dheimhniú sula mbeifear in ann a rá go cinnte go mbíonn dea-thionchar ag an bhfarraige ar chúrsaí meabhairshláinte agus sula dtosófaí ag dearadh spásanna cathrach le teach i dtír ar an méid sin ar mhaithe le muintir na gcathracha.

Foilsíodh an staidéar in eagrán na Bealtaine den iris eolaíochta Health and Place.

Fág freagra ar 'Maitheas don mheabhairshláinte a bheith i do chónaí cois cósta – taighde nua'