Maith dom an cliché, ach tá uair na cinniúna ag teannadh linn…

Ní haon áibhéil é a rá go bhfógrófar trí thoradh cinniúnach Dé hAoine nuair a neosfaidh Fianna Fáil, Fine Gael agus na Glasaigh cé mar a vótáil a gcuid ball ar cheist an chomhrialtais 

Maith dom an cliché, ach tá uair na cinniúna ag teannadh linn…

Moltar d’iriseoirí óga uaireanta an leagan cainte ‘rogha chinniúnach’ a sheachaint. Ní hionann rud a bheith tábhachtach agus rud a bheith cinniúnach, a deirtear leo. Ainneoin na dea-chomhairle úsáideann ár bhformhór an cliché rómhinic, mar atá á dhéanamh anois arís eile faraor ag scríbhneoir an cholúin.

Sin ráite, ní haon áibhéil é a rá go bhfógrófar trí rogha chinniúnach Dé hAoine nuair a neosfaidh Fianna Fáil, Fine Gael agus na Glasaigh cé mar a vótáil a gcuid ball ar cheist an chomhrialtais.

Má aontaíonn móramh sna páirtithe móra agus móramh dhá thrian sa Chomhaontas Glas le bunú rialtais i dteannta a chéile, toghfar Micheál Martin mar Thaoiseach ag cruinniú breise den Dáil Dé Sathairn. Faoi dheireadh an lae beidh airí an rialtais ainmnithe aige – 140 lá tar éis an olltoghcháin.

Mura n-aontaíonn, éireoidh an ghéarchéim a chothaigh éiginnteacht na vótóirí ar an 8 Feabhra níos achrannaí, agus beidh dualgas ar gach páirtí agus ar gach grúpa sa Dáil déileáil léi agus cumhacht an Uachtaráin á meá acu.

Ní fios céard a dhéanfadh an tUachtarán Ó hUigínn mura mbunófaí rialtas nua agus dá n-iarrfadh an Taoiseach air an Dáil a lánscor ionas go bhféadfaí olltoghchán a reáchtáil. Glactar leis ar chaon taobh áfach nach mbeadh fonn ar an Uachtarán deireadh a chur leis an 33ú Dáil mura mbeadh sé lánchinnte nach raibh sé ar chumas na gceannairí rialtas nua a bhunú.

Cibé rogha a dhéanfadh an tUachtarán i gcás dá leithéid, níl aon dabht faoin gcumhacht iomlán atá aige mar a shonraítear í in airteagal 13.2.2:

Tig leis an Uachtarán, as a chomhairle féin, diúltú do Dháil Éireann a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.

Is féidir glacadh leis, fad a mhaireann géarchéim an choróinvíris, gur treise an drogall a bheadh ar Mhicheál D Ó hUigínn cinneadh a dhéanamh a mbeadh gá le toghchán ina dhiaidh. Más léir Dé hAoine mar sin nach féidir comhrialtas a bhunú mar a bhí beartaithe, beidh ar cheannairí na Dála na roghanna seo a leanas a mheá faoi dheifir, agus a phlé faoi dheifir, b’fhéidir, ina dhiaidh sin:

  1. Tuilleadh cainteanna idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas d’fhonn an clár rialtais a leasú. Tuar: caolseans.
  2. Cainteanna idir Fianna Fáil, Fine Gael agus Neamhspleáigh féachaint an bhféadfaí teacht ar shocrú eatarthu, fiú mura mbeadh ann ach socrú gearrthéarmach. Tuar: 50/50.
  3. Cainteanna idir Sinn Féin, páirtithe eile agus Neamhspleáigh féachaint an mbeadh sé ar a gcumas comhrialtas a bhunú nó teacht ar chomhaontú rialtais de shaghas éigin. Tuar: dodhéanta.
  4. Cainteanna idir Sinn Féin, Fianna Fáil agus páirtithe eile féachaint an mbeadh sé ar a gcumas comhrialtas a bhunú nó teacht ar chomhaontú éigin eatarthu. Tuar: ar éigean.
  5. Cainteanna idir ceannairí na bpáirtithe go léir féachaint an bhféadfaí rialtas náisiúnta a bhunú, ar bhonn gearrthéarmach ar a laghad. Tuar: indéanta, ach ar éigean é.
  6. Olltoghchán a d’iarrfadh an Taoiseach le tacaíocht mhóramh Dála a thabharfadh le fios nach bhféadfaí rialtas nua a chur le chéile. Tuar: seans réasúnta.

Mura mbeadh bunú rialtais agus ainmniú Sheanadóirí an Taoisigh riachtanach, d’fhéadfaí a bheith réasúnta cinnte go bpléifí formhór na roghanna thuas ar feadh cúpla seachtain ar a laghad. Faraor caithfear an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta a athnuachan Dé Máirt seo chugainn ar a dheireanaí.

Mura dtugtar breithiúnais gan mhoill san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach gur féidir reachtaíocht a rith sa Seanad sula n-ainmníonn Taoiseach nuathofa aon seanadóir déag, beidh rogha chinniúnach riachtanach ar an toirt beagnach.

Maith dhom an cliché a athscríobh, a léitheoir dhil. Oireann sé an babhta seo. Tá rogha chinniúnach amháin, ar a laghad, ag teannadh linn.

Fág freagra ar 'Maith dom an cliché, ach tá uair na cinniúna ag teannadh linn…'