Maith dom a bheith ag cúlchaint ar mo chomhghleacaithe, ach is maistíní cearta iad

Tá cúrsaí ag dul in olcas i m’ionad oibre agus is gearr go mbeidh sé ina chogadh dearg

Maith dom a bheith ag cúlchaint ar mo chomhghleacaithe, ach is maistíní cearta iad

Tá cúrsaí ag dul in olcas idir mé fhéin is mo chomhghleacaithe oibre agus is gearr go mbeidh sé ina chogadh dearg. Is dóigh gur cheart dom a lua go bhfuil mé ag obair ón mbaile ó thosaigh An Phaindéim agus níl de chomhghleacaithe agam i rith na maidine ó chuaigh na gasúir ar ais ag an scoil ach trí chuileog a chaitheann an lá ag fáinneáil thart ar na torthaí sa gcistineach.

Maith dom a bheith ag cúlchaint ar mo chomhghleacaithe, ach is maistíní cearta iad.

Rinne siad neamhaird iomlán den taethuáille a leag mé anuas ar na bananaí a bhí agam do shos a haon déag agus nuair a d’ardaigh mé arís é, d’éirigh na trí cinn acu san aer ag eitilt ar nós cuma liom.

Níl a fhios agam an bhfaca tú riamh an rud a tharlaíonn do bhananaí má stórálann tú sa gcuisneoir iad, ach d’iompódh sé do bholg. Cén rogha eile atá ag duine ach iad a stóráil sa mbabhla torthaí?

Cheap mé nach mbeadh na trí chuileog in ann dul isteach faoin tuáille ach chaithfeadh go bhfuil cleasanna acu i ngan fhios dom. ‘Nach bhfuil sé in am agaibhse a bheith caillte?’ a dúirt mé díreach amach leo agus déarfainn arís é. Níor chuir sé a dhath riamh as dóibh is d’imigh siad ar ais ag an bhfáinneáil shíoraí. Sin é anois agat an pholaitíocht oifige.

Comhairim an printéir mar chomhghleacaí oibre freisin, bhí sé
chomh maith agam é a rá leat. Mo chomhghleacaithe oibre, na trí chuileog agus an Epson ET-2710, nó Eipí, mar a thugaimse air taobh thiar dá dhroim.

Níl an printéir tosaithe ar an bhfáinneáil thart ar an gcistin ach ní chuirfeadh sé aon iontas orm. Ní fhaca tú a leithéid riamh le leisce, caitheann sé leath an ama i ‘sleep mode’ is má thriaileann tú é a dhúiseacht le rud eicínt a phriontáil nó a scanáil tosaíonn sé ag gnúsacht is do do dhalladh le soilse dearga.

Tagann feabhas ar chúrsaí san iarnóin nuair a thagann an dara criú abhaile ón scoil do sheal oibre an tráthnóna. An t-aon rud a déarfainn ná nach dtugann siad aon aird ar lipéid a bheadh greamaithe agat do do chuid sneaiceanna sa gcuisneoir. Deir duine amháin acu liom an lá cheana nach bhfaca siad aon lipéad ar an bpota iógairt speisialta (ar stíl an chustaird agus compóit rúbarb san íochtar ann) a bhí leagtha sa gcuisneoir agam.

‘Ach, bhí mé á choinneáil sin le haghaidh ar ball,’ a dúirt mé ag iarraidh mo chás a dhéanamh leis an gCailín Mór Beag agus mo chroí briste, leis an fhírinne a rá. Is fánach an seoidín a choinneodh gaoth sna seolta scaití.

‘Tá brón orm Mamaí, ní raibh a fhios agam gur leatsa é,’ a deir sí ag glanadh smeadar beag dá leiceann le droim a láimhe.

‘Nach bhfaca tú an ‘post-it’ bándearg a bhí greamaithe agam dhó agus ‘Bridget’ scríofa air?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Ní raibh aon post-it le feiceáil Mamaí,’ a deir sí agus trua aici do mo chás, ba léir. ‘An chéad uair eile, Mamaí, greamaigh an-láidir é le gliú nó rópa.’

‘Déanfaidh mé é sin,’ a deir mé agus mo iógart maith fós á chaoineadh agam.

‘Ó Mamaí,’ a deir sí ansin agus mé ag imeacht uaithi. ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil tú ag litriú d’ainm i gceart?’

Fág freagra ar 'Maith dom a bheith ag cúlchaint ar mo chomhghleacaithe, ach is maistíní cearta iad'

  • Tuirseach

    Chuir sé seo ag gáirí mé ar maidin. Tá colceathracha na gcuileog sin sa teach liomsa :-D