Maítear sa chúirt go raibh a n-intinn déanta suas roimh ré ag an Roinn Oideachais faoi iarbhunscoil Bhéarla

Tá dúshlán cúirte á thabhairt ag An Foras Pátrúnachta agus grúpa tuismitheoirí Gaelscoile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in aghaidh cinneadh a rinne an Roinn Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú

Maítear sa chúirt go raibh a n-intinn déanta suas roimh ré ag an Roinn Oideachais faoi iarbhunscoil Bhéarla

Éisteadh inné leis an dara lá den chás cúirte atá á thabhairt ag An Foras Pátrúnachta agus grúpa tuismitheoirí Gaelscoile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in aghaidh cinneadh a rinne an Roinn Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú.

Chinn an Roinn Oideachais i mí na Samhna 2019 gur Educate Together a bheadh mar phátrún ar an iarbhunscoil nua, scoil Bhéarla ina mbeadh sruth Gaeilge, a thógfaí ar an suíomh mar a mbíodh seanstaid na gcon i gCrois Araild.

Bhí iarratas déanta ag an Foras Pátrúnachta ar ghaelcholáiste ar an suíomh.

Tá na gearánaithe ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an cinneadh diúltú don iarratas go mbunófaí Gaelcholáiste ar an suíomh, toisc go maíonn siad go sáraíonn an cinneadh an tAcht Oideachais 1998 agus Bunreacht na hÉireann.

Sa gcúirt inné, dúirt Cormac Ó Dúlacháin, an t-abhcóide sinsearach ar son An Foras Pátrúnachta agus na ngearánaithe eile, go raibh sé á mhaíomh ag an Roinn Oideachais i mionnscríbhinn nach raibh dóthain spáis ar an suíomh le dhá iarbhunscoil a thógáil ann agus go ndéanfadh Gaelcholáiste ar an suíomh i gCrois Araild dochar don Ghaelcholáiste is gaire di.

Ba é a thuiscint ón ráiteas sin, a dúirt an t-abhcóide, go raibh a n-intinn déanta suas i gcónaí ag lucht na Roinne gur iarbhunscoil Bhéarla ina mbeadh 1,000 dalta ag freastal uirthi a thógfaí ar an suíomh.

Leanfar leis an gcás amárach mar a gcloisfear fianaise na Roinne agus an Stáit.

Cuireadh tús Dé Céadaoin leis  dúshlán in aghaidh cinneadh a rinne an Roinn Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú ar shuíomh de chuid an stáit i gCrois Araild don scoilbhliain 2020/2021.

Tá an cás á thabhairt in aghaidh an Aire Oideachais agus an Ard-Aighne ag An Forás Pátrúnachta, ag Caitríona Uí Lochlainn agus Christine Ní Chiardubhán, beirt tuismitheoirí atá ag iarraidh go rachadh a bpáistí chuig Gaelchólaiste, agus Glór Mológa, grúpa tuismitheoirí Gaelscoile sa cheantar.

Dúirt Caitríona Uí Lochlainn agus  Christine Ní Chiardubhán go raibh a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil Mológa agus gur sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta mar thuismitheoir a bhí sa chinneadh a d’fhág nach mbeadh deis ann na páistí a chur go dtí Gaelcholáiste sa cheantar.

Cormac Ó Dúlacháin agus Dáithí Mac Cárthaigh an fhoireann dlí atá ag lucht an dúshláin.

Tá an cás á éisteacht i nGaeilge ag an mBreitheamh Bronagh O’Hanlon.

Áitíonn na gearánaithe go bhfuil dóthain spáis ar an suíomh do scoil Bhéarla ina mbeadh 600 dalta agus scoil lán-Ghaeilge ina mbeadh 400 dalta agus gur chóir freastal ar an éileamh mór a deir siad atá ar an ngaeloideachas sa cheantar.

I mí na Samhna 2019 chinn an tAire Oideachais iarbhunscoil nua a cheadú do cheantair Bhaile Átha Cliath/Cluain Sceach agus Baile Átha Cliath 6 Thiar. Thug an Roinn Oideachais le fios gur thacaigh 291 tuismitheoir sa cheantar le hiarratas Educate Together a bheith mar phátrún ar an scoil nua agus gur thacaigh 167 le hiarratas an Foras Pátrúnachta a bheith mar phátrún. Dúradh gur 60 vóta a fuair iarratas Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus gur seachtar a thacaigh leis an iarratas a rinne Scoil Sinéad.

Bhí 32.76% ag iarraidh gurbh í an Ghaeilge a bheadh mar theanga theagaisc sa scoil nua agus 61.9% a bhí ag iarraidh gur scoil Bhéarla a bheadh ann. Dúradh nach raibh aon Ghaelcholáiste sa dá cheantar pleanála scoile agus gur i mBaile an tSaoir, 3.54 ciliméadar ón suíomh i gCrois Araild, a bhí an Gaelcholáiste is giorra don áit. Chinn an Roinn Oideachais pátrúnacht na scoile nua a bhronnadh ar Educate Together agus gur scoil Bhéarla ilchreidmheach a bheadh inti ina mbeadh Aonad Gaeilge.

Fág freagra ar 'Maítear sa chúirt go raibh a n-intinn déanta suas roimh ré ag an Roinn Oideachais faoi iarbhunscoil Bhéarla'