Luach: Stg £20
Toisí: 431 x 355mm, 13 pláta déthoin
Foilsitheoir: Nazraeli Press
Má tá féilire balla uait, ba dheacair féilire Michael Kenna 2021 ó Nazraeli Press a shárú. Mar is léir óna shloinne, duine againn fein é Kenna ach ní fhéadfá a rá go bhfuil a ainm in airde in Éirinn, ach amháin i measc cognoscenti na grianghrafadóireachta.
Rugadh i Lancashire Shasana é sa bhliain 1953 agus Caitlicigh Éireannacha ab ea a mhuintir. Bhíodar beo bocht. Ó aois an-óg, theastaigh ó Mhichael a bheith ina shagart agus ní raibh sé ach 11 bliain d’aois nuair a d’fhreastail sé ar chliarscoil; ach d’éirigh an claonadh i dtreo na healaíne a bhí ann níos treise ná an claonadh i dtreo na hEaglaise.
I measc na máistrí a chuaigh i bhfeidhm air bhí Bill Brandt, Josef Sudek, Eugène Atget agus Alfred Stieglitz. Duine de na grianghrafadóirí tírdhreacha is fearr liom féin é, go háirithe na grianghraif áille mhistéireacha úd a ghlactar nuair a bhíonn clapsholas nó ceo ann.
Tá an domhan siúlta aige agus is nós liom féin haiku a chumadh atá ag freagairt do na grianghraif a ghlacann sé d’éanlaith, sa tSeapáin ach go háirithe:
coillte in Hokkaido . . .
an ciúnas
ag cur thar maoil
Is féidir an féilire aoibhinn seo a ordú ar líne anseo.
Fág freagra ar 'Máistir grianghrafadóireachta de bhunadh na hÉireann nár chuala tú aon trácht air…'