Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4

TEILIFÍS

Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4

Cuirfear tús Dé Domhnaigh, 16 Samhain ar TG4 le sraith nua den cheol traidisiúnta atá bunaithe ar Scoil Cheoil an Earraigh. Is é Pádraig Ó Sé a chuirfidh an tsraith nua cheoil i láthair, ábhar a taifeadadh le linn Scoil Cheoil an Earraigh 2025 i gCorca Dhuibhne.

Féile agus scoil cheoil is ea Scoil Cheoil an Earraigh a bhíonn ar sun i mBaile an Fheirtéaraigh, Dún Chaoin agus ar an bhFeothanach i mí Feabhra gach bliain. Tugann ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe traidisiúnta ó cheann ceann na tíre a n-aghaidh ar an bhféile gach bliain. Beidh buaicphointí ó cheolchoirmeacha na scoile ceoil le feiceáil sa tsraith chomh maith le taifeadtaí speisialta a deineadh in áiteanna éagsúla in Iarthar Duibhneach.

Craolfar an chéad eagrán Dé Domhnaigh, 16 Samhain ag 9:30pm ar TG4.

FÉILTE

Richie Conroy

Imeachtaí Gaeilge ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne

Beidh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ar bun ón Aoine an 21 Samhain go dtí an Domhnach an 23 Samhain agus clár an-spéisiúil imeachtaí leagtha amach acu. I measc na n-imeachtaí Gaeilge a bheidh ar bun i rith na féile beidh ceardlann scríbhneoireachta do pháistí le Richie Conroy ar siúl ar an Aoine, 21 Samhain ag a 1:00 i.n. i gColáiste Íde.

Is é Richie údar na sraithe leabhar ‘Dialann Emily Porter’ agus is scriptscríbhneoir é freisin. Beidh ceardlann don phobal ar bun aige ar an Satharn, 22 Samhain óna 10.30am go dtí 1pm in Ollscoil an Chroí Ró-Naofa. Cuirfear Ceardlann Fighting Words as Gaeilge ar bun i bPobalscoil Chorca Dhuibhne do dhaltaí na scoile ag am lóin ar an Aoine an 21 Samhain. Cuirfidh an file dátheangach Cormac Mac Gearailt ceardlann slamfhilíochta ar bun ar an Satharn in Ollscoil an Chroí Ró-Naofa sa Daingean agus beidh ceardlann maisitheoireachta le Dómhnall Ó Bric ar bun an lá céanna.

Chomh maith leis na ceardlanna beidh réimse léamha, cainteanna agus imeachtaí liteartha eile ar bun as Gaeilge agus go dátheangach. Ina measc, beidh eagrán beo den phodchraoladh Beo ar Éigean le Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn á thaifeadadh sa The Green Room ar an Satharn, 22 Samhain ag 8pm. Pléifear foilsitheoireacht na Gaeilge leis an bpainéal cainte Eoin P. Ó Murchú, Micheál Ó Conghaile agus Tadhg Mac Dhonnagáin Dé Sathairn an 22 Samhain ag 3pm in An Díseart. Beidh an file Laoighseach Ní Choistealbha faoi agallamh ag an gcraoltóir agus scríbhneoir Cathal Póirtéir in An Díseart ar an Satharn ag 4.30pm agus í ag caint faoina saothar agus a cnuasach nua Mainistir na Feola.

Tá an lár agus ticéid ar fáil anseo.

LEABHAIR

Seoladh leabhar Gaeilge-Briotáinise le gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain agus Jakez Riou

Seolfaidh Máire Ní Neachtain Diskan Agallamh le Jakez Riou, Máirtín Ó Cadhain agus Gwion Hernot i dTigh Chualáin in Indreabhán ag 7.30pm, Dé hAoine an 21 Samhain. Éamon Ó Ciosáin a chuir an leabhar in eagar agus Al Liamm agus Coiscéim na foilsitheoirí. Cnuasach de chúig ghearrscéal atá ann: ceithre scéal le Jakez Riou (1899-1937), mórscríbhneoir Briotáinise a thiontaigh Máirtín Ó Cadhain agus a chara Gwion Hernot go Gaeilge, agus scéal amháin leis an gCadhnach féin a thiontaigh Ó Cadhain agus Hernot go Briotáinis. Leagan amach dhátheangach atá ar an leabhar, an dá theanga os comhair a chéile amach.

Thosaigh Máirtín Ó Cadhain ag foghlaim na Briotáinise, i measc teangacha eile, agus é i gcampa géibhinn an Churraigh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig Gwion Hernot ar a theitheadh go hÉirinn i 1946 agus thug Ó Cadhain lóistín dó. Chuir Hernot le cumas an Chadhnaigh sa Bhriotáinis agus d’fhoilsigh an bheirt acu cúig scéal in irisí in Éirinn agus sa Bhriotáin idir 1948-1950.

Tabharfaidh an foilseachán dátheangach seo deis do léitheoirí comparáid a dhéanamh idir an dá theanga Cheilteach agus léargas a fháil ar ealaín an aistriúcháin.

Dhá leabhar nua le seoladh ag Barzaz i Charlie Byrne’s

Beidh dhá leabhar nua á seoladh ag na foilsitheoirí Barzaz i Siopa Leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh ar an Aoine an 28 Samhain ag 6pm. Seolfar an cnuasach nua filíochta Mainistir na Feola le Laoighseach Ní Choistealbha ag an ócáid. Seo an dara cnuasach aici agus san áireamh ann tá dánta colainne agus creidimh, dánta faoin teanga agus cearta an duine agus faoin bhfilíocht féin.

Tá léirmheas Tuairisc anseo.

Faigh greim ar an gcnuasach seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí duit

Seolfar freisin an leabhar An Saol Sona le David Foenkinos a bhfuil leagan Gaeilge déanta de ag Máirín Ní Mhárta. Úrscéal comhaimseartha atá a dhíríonn ar scéal Éric, fear atá ag iarraidh a dhéanamh amach céard a d’imigh amú ina shaol.

GEAMAIREACHTAÍ

Hercules agus an Bradán Feasa i gCorcaigh

Cuirfear an gheamaireacht nua dhátheangach Hercules agus an Bradán Feasa ar stáitse sa Cork Arts Theatre ón 10-20 Nollaig. Antóin Ó Dúllaing a scríobh agus Aisling Nic Cárthaigh an stiúrthóir. Tá an gheamaireacht á léiriú ag Cois Laoi Productions.

Gealltar seó spraíúil atá oiriúnach don teaghlach ar fad. Tá ar Hercules, mac leis an mbandia Ériú, seasamh suas in aghaidh Hades, ach cé acu a mbeidh an lá?

Cuirfear seónna speisialta ar fáil do scoileanna freisin.

Tá ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc

Beidh an dráma An Fathach Leithleasach á chur ar stáitse ag Taibhdhearc na Gaillimhe ón 2-19 Nollaig. Cóiriú nua stáitse atá ann den scéal ‘The Selfish Giant’ le Oscar Wilde, agus é aistrithe go Gaeilge ag Brídín Ní Dhonnchadha agus á stiúradh ag Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.

Scéal draíochta is ea é faoi fhathach cantalach leithleasach a bhfuil gairdín álainn aige ach nach maith leis é a roinnt le gasúir an bhaile. Cuireann sé an ruaig ar na páistí a thagann isteach ina ghairdín agus ní fada nó go mbíonn a shaol casta bunoscionn mar gheall ar a chuid cantail. An bhfoghlaimeoidh an fathach leithleasach ceacht na flaithiúlachta is an mhuintearais?

Tá cliar aisteoirí gairmiúla páirteach sa léiriú chomh maith le páistí óga as an áit. I measc an chliar tá Eoin Ó Dubhghaill, Orlaith Ní Chearra, Inga de Búrca, Micheál Ó Fearraigh agus Molly Mew. Tá ceol beo ann le Denis Clohessy, Sarah Jane Shields atá i mbun an soilsithe, Saoirse O’Shea a rinne an dearadh seite agus Cliodhna Hallisey atá ag plé leis na cultacha.

Cuirfear seónna scoile ar fáil, chomh maith le seónna don phobal i gcoitinne, léirithe suaimhneacha agus rochtain do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu leis an aip rochtana teanga ‘Sibrwd’ atá forbartha ag an gcomhlacht amharclannaíochta Theatre Cymru ón mBreatain Bheag.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4'