Mairfidh an fheilméireacht éisc chomh cinnte is a mhairfidh na fálta agus na claíocha ar an talamh tirim

Bhí ár gcolúnaí ar dhuine acu siúd a bhí i gcoinne na feilme móire bradán a bhí beartaithe don Inis Oírr, ach ní shin le rá go bhfuil sé in aghaidh feilméireacht éisc scun scan

Fish_Farm_Site

Tá an t-iarratas ar cheadúnas i gcomhair feilm mhór bhradán tarraingthe siar ag Bord Iascaigh Mhara. Is maith an scéal go bhfuil.

Bhí mé ar dhuine de na daoine a raibh amhras orthu faoin togra seo ón tús.

Chuir mé é sin in iúl d’ionadaithe as BIM a raibh ceathair nó cúig de chruinnithe againn leo le linn dom a bheith ar Údarás na Gaeltachta agus ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

An gciallaíonn sé sin go bhfuil mé in aghaidh feilméireacht éisc scun scan? Ní chiallaíonn ná baol air.

B’aisteach an rud dá mbeadh nuair atá muintir an cheantair a bhfuil mé i mo chónaí ann ag brath go mór ar an bhfeilméireacht éisc le maireachtáil mar phobal.

Duine ar bith a mbeadh eolas aige ar Iorras Aithneach thuigfeadh sé ar an bpointe cén fáth gur chuir beagnach 1,000 duine a n-ainm le cáipéis ar son na feilméireachta éisc. Mar is anseo a thosaigh tionscal feilméireachta éisc na hÉireann an chéad lá riamh.

Ba shin os cionn dhá scór bliain ó shin.

An lá cheana léigh mé alt a foilsíodh ar an gConnacht Tribune an bhliain sin, 1974, faoin ábhar seo. Noel Roycroft as Bord Soláthair an Leictreachais a bhí ag caint. B’iadsan a thosaigh ag cothú na mbradán i bPoll a’Choire i Maínis thart ar an am sin.

Dúirt sé go raibh ag éirí go maith leo ach go raibh go leor le foghlaim acu ón méid a bhí déanta ag muintir na hIorua leis na bradáin cheana féin.

Labhair an tOllamh Padraig Ó Céidigh ar an ócáid chéanna.

Ba iad Bord Soláthair an Leictreachais a chuir tús leis an obair. Tháinig Gaeltarra Éireann/ Údarás na Gaeltachta isteach leo ina dhiaidh sin. Lean comhlachtaí príobháideacha, idir bheag agus mhór, don fheilméireacht éisc sna cuanta seo ó shin.

Ba mhaith an t-ábhar tráchtais do scoláire Ollscoile eicínt cuntas cruinn a thabhairt ar an méid a tharla ón taobh sin de go dtí an lá atá inniu ann. Bhí thuas seal agus thíos seal ann mar a bhíonn i chuile thionscal.

Ba cheart an fhianaise ar fad a chur i láthair agus a mheas ach tá rud amháin cinnte ní thiocfaidh deireadh leis an bhfeilméireacht éisc anseo ná ar fud an domhain.

Ag méadú atá an fheilméireacht éisc ó thír go tír. Cuireann muintir na hIorua 1,200,000 tonna bradán as na cliabháin ar an margadh in aghaidh na bliana. Cuireann muintir na hAlban 160,000 tonna amach.

15,000 tonna a bhíonn againne anseo in Éirinn.

Má bhreathnaíonn muid ar dhaonra an domhain feiceann muid go bhfuil sé ag méadú as éadan. 2.5 billiún a bhí againn ann sa mbliain 1950. Tá 7 billiún duine ann anois agus ceaptar go mbeidh 9 billiún ann faoin mbliain 2050. Caithfear iad seo uilig a bheathú.

Beidh iasc ag teastáil go géar.

Tá feilméireacht á dhéanamh ar 600 cineál éisc ar fud an domhain faoi láthair. Idir an dá linn, tá laghdú ag teacht ar an méid éisc atá na hiascairí traidisiúnta a thabhairt isteach, fad is atá an méid éisc atá á gcothú sna feirmeacha ag méadú.

Thart ar 79 milliún tonna a maraítear ar fharraigí an domhain inniu ach tá 60 milliún tonna ar na feirmeacha. Is mó den iasc traidisiúnta atá ag teacht isteach fós ach tá an bhearna ag cúngú go tréan.

Lena rá ar bhealach eile, is ionann toirt an éisc a chothaítear ar na feirmeacha anois agus trí cheathrú cuid den iasc fiáin.

Tá stop curtha leis an fheilm mhór amach ó Inis Oírr ach tá neart ceadúnas i gcuanta Conamara nach bhfuil á n-úsáid ar chor ar bith. Mar a dúirt mé aríst agus aríst eile le hionadaithe Bhord Iascaigh Mhara is air na ceadúnais dhíomhaoine sin is cóir béim a chur.

Leanfaidh an díospóireacht ar aghaidh ach an té a déarfadh go dtiocfaidh deireadh leis an bhfeilméireacht éisc bhí sé chomh maith dhó, nó dhi, a rá an lá céanna go leagfar na fálta agus na claíocha ar an talamh tirim, go ndúnfar na sciobóil go deo agus go scaoilfear amach fiáin na beithígh, na caoirigh agus na caiple.

Fág freagra ar 'Mairfidh an fheilméireacht éisc chomh cinnte is a mhairfidh na fálta agus na claíocha ar an talamh tirim'