Má thairgítear póg faoin drualus duit an Nollaig seo, ná diúltaigh é, nó í, ar a bhfaca tú ariamh. Má dhéanann, ní bheidh mórán den ádh ort ar feadh na bliana atá chugat.
Cén fáth a ndiúltófá ar aon chaoi, go mór mór má tá caora ar an drualus: tá póg in aghaidh chuile chaor acu ag dul dhuit sa gcás sin.
D’fhéadfá a bheith ansin píosa maith den oíche, ach, mar a dúirt an fear as Inis Oírr fadó, nár dheas an ‘pastime’ é.
Tá cumhacht sa drualus leis na mílte bliain. Creideadh é i bhfad sular thosaigh an Chríostaíocht. Ba mhór i gceist ag na draoithe é sa tír seo. As sin a tháinig an t-ainm go deimhin – draoi-lus.
Sú na darach a tugadh air uaireanta eile. Bhí an crann darach thar a bheith naofa freisin. Uil-íoc a thugtar ar an drualus i nGaidhlig na hAlban. Sin le rá gur ceapadh go raibh leigheas gach galair ann.
Tá rudaí go leor eile nár mhór dhuit aire a thabhairt dóibh an Nollaig seo. Tá a fhios ag a lán go labhrann na hainmhithe oíche Nollag, cé nár casadh aon duine fós orm a chuala iad. B’fhéidir gur mar sin is fearr é mar creidtear go láidir nach ceart a dhul ag fiosrú an scéil.
An té a dhéanfadh é, bheadh sé chomh dóichidí go dtitfeadh sé mín marbh ar an láthair.
Is fiú labhairt faoi na beacha freisin. Tá na beacha beannaithe. Duine díchéillí a mharódh ceann acu.
Nuair a fhaigheann an té a bhíonn ag breathnú ina ndiaidh bás, is ceart éadach dubh a chur ar na coirceoga nó is fánach an chaoi a gcaillfí na beacha an lá céanna.
Bíonn na beacha ina gcodladh sa ngeimhreadh ach dúisíonn siad oíche Nollag agus tosaíonn siad ag crónán agus ag cantaireacht ag moladh Dé. Ní chloiseann iad ach an té a chaith an bhliain roimhe sin gan pheaca beag ná mór. Chaith mé féin bliain mar sin uair amháin agus tá mé in ann an chaint a dhéanann na beacha oíche Nollag a roinnt leis na léitheoirí anois. Seo mar a deireann siad:
“Gáirdigí don Tiarna, a thíortha uile;
fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.
Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn: is leis féin sinn.
Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.”
Maidir leis an teach a mhaisiú le cuileann faoi Nollaig, más cuileann mín é, is í an bhean a bheas i gceannas ar feadh na bliana dár gcionn.
Ar a bhfaca tú ariamh, ná dóigh an cuileann.
Go fiú na piógaí mionra, tá pisreog ag baint leo: má itheann tú dhá cheann déag acu, ó dháréag cara leat, ar feadh dhá lá dhéag na Nollag, beidh bliain mhaith agat ina dhiaidh sin.
Seo rudaí eile nach mór a bheith san airdeall orthu aimsir na Nollag:
- Ná tabhair bróga mar bhronntanas do dhuine ar bith
- Má bhíonn bróga ceannaithe agat ná leag ar bhord iad
- Sa nGréig dónn siad na seanbhróga faoi Nollaig le mí-ádh na bliana a dhíbirt
- Cuir lanna éisc faoi na plátaí ag dinnéar na Nollag
- Bíodh iasc agat más féidir Oíche Nollag
- Ith úll oíche Nollag
- Ná cas carúil Nollag ach le linn na Nollag
- Is é an duine is óige sa teach is ceart an choinneal Nollag a lasadh agus cailín darbh ainm Máire is cóir í a mhúchadh. Mura bhfuil sa teach ach Belinda agus Japonica, beidh tú i dtrioblóid.
- Dá bhféadfá é a eagrú ar chor ar bith, faigh bás oíche Nollag. Bíonn geataí na bhFlaitheas oscailte an oíche sin agus Naomh Peadar á thógáil go réidh. Isteach díreach gan frapa gan taca a ghabhfas tú.
Cé a thabharfadh aird ar na pisreoga seafóideacha sin, arsa tusa?
Cuireadh an cheist chéanna cúpla bliain ó shin san Irish Times. Scríobh dochtúir eicínt litir isteach. An Spidéal an seoladh a bhí leis an litir.
“Tá sibh ag caint ar phisreoga,” a dúirt sé, “ach an bhfuil pisreog ar bith níos mó ná an Chríostaíocht féin?”
Fág freagra ar '‘Máire’ is cóir coinneal na Nollag a mhúchadh – mura bhfuil sa teach ach Belinda is Japonica, beidh tú i dtrioblóid…'