Tá an Roinn Talmhaíochta ag iarraidh dul i ngleic leis an scéal go mbíonn moill mhór ar phasanna a eisiúint do chapaillíní Chonamara.
Mar chuid dá gclár póraithe, déanann Cumann Capaillíní Chonamara coimisiúnú ar thástáil DNA do gach capall a chláraíonn siad.
Déantar na tástálacha seo i saotharlann ar leith agus thug an tAire Talmhaíochta Michael Creed le fios an tseachtain seo go mbraitheann an t-am a thógann sé ar an gCumann na pasanna a eisiúint ar obair na saotharlainne.
De réir dlí ní ceadmhach pas a eisiúint do chapall go dtí go mbíonn torthaí na tástála DNA ar fáil.
Dúirt an tAire Creed gur chuir a Roinn maoiniú ar fáil i mbliana do Chumann Capaillíní Chonamara chun cuidiú leo i dtaca leis an gcóras tástála DNA.
Dúirt Creed gur thug Cumann Capaillíní Chonamara le fios dá Roinn le déanaí go raibh socruithe á gcur i bhfeidhm a laghdódh an mhoill a bhíonn ar phasanna a eisiúint do chapaillíní Chonamara.
Ba é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a cheistigh an tAire faoin moill ar na pasanna do chapaillíní Chonamara.
Fág freagra ar 'Mair a chapaill agus gheobhair pas! Moill mhór ar eisiúint pasanna do chapaillíní Chonamara'