Maíonn Gerry Adams gur éist an Taoiseach lena chomhairle faoi Brexit agus nach ceannaire láidir í Arlene Foster

In agallamh a chraolfar ar 7Lá ar TG4 anocht, deir iar-uachtarán Shinn Féin gur ‘biogóidí’ sa DUP a chuir deireadh le margadh polaitiúil ó thuaidh agus go bhfuil Fine Gael anois níos náisiúnaí ina meon ná Fianna Fáil

Maíonn Gerry Adams gur éist an Taoiseach lena chomhairle faoi Brexit agus nach ceannaire láidir í Arlene Foster

In agallamh a chraolfar ar 7Lá ar TG4 anocht, labhraíonn iaruachtarán Shinn Féin Gerry Adams faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, faoi theip an fheidhmeannais ó thuaidh, faoi chúrsaí Breatimeachta agus faoin leagan amach polaitiúil ó dheas.

San agallamh a rinne sé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra, a chraolfar mar chuid d’eagrán speisialta den chlár cúrsaí reatha atá le craoladh anocht, deir Adams go bhfuil “a lán biogóidí” agus “fundamentalists” sa DUP agus gur éirigh leis na daoine sin sa pháirtí deireadh a chur le Ian Paisley mar cheannaire agus “a lán brú” a chur ar an té a tháinig i gcomharbacht air, Peter Robinson.

Deir Adams gur “fear glic” é Robinson a raibh “cumhacht” aige i dtionól Stormont agus ar éirigh leis na heasaontóirí ina pháirtí a chur go dtí Westminster.

Is é a mhalairt atá fíor anois, a deir Adams, agus é cáinteach go maith faoi dhintiúir cheannaireachta Arlene Foster, ceannaire an DUP.

Deir sé gur i Westminster atá “an chumhacht” anois mar gheall ar an mBreatimeacht agus an socrú idir na Tóraithe agus an DUP.

Deir sé, áfach, nach bhfuil sa socrú sin “ach nasc sealadach” a fhágann go bhfuil an chumhacht i Westminster “ag an bhomaite seo” seachas le Foster féin.

Maíonn sé go raibh margadh déanta ag Sinn Féin leis an DUP maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont agus gurbh amhlaidh nár éirigh le Arlene Foster an margadh sin a dhíol lena páirtí.

“Ní ceannaire láidir Arlene agus is mór an trua é,” a deir Adams.

Maidir le cúrsaí polaitíochta ó dheas, maíonn iar-uachtarán Shinn Féin gur tháinig athrú ar phort Fhianna Fáil mar gheall ar cheist an tuaiscirt de réir mar a tháinig fás ar Shinn Féin ó dheas agus de réir mar a chonacthas gur “bagairt” i gcás toghcháin iad.

Tugann Adams le fios san agallamh a chraolfar ar TG4 anocht go bhfuil Fine Gael níos náisiúnaí anois ina meon maidir le ceist an Tuaiscirt ná mar atá Fianna Fáil.

Maíonn Adams go raibh baint aige féin le seasamh an Rialtais i leith an Bhreatimeachta agus gur chuir sé comhairle ar an Taoiseach Leo Varadkar go gcaithfeadh sé a rá nach bhféadfaí glacadh le teorainn chrua, le teorainn eacnamaíochta nó le riail dhíreach ó Shasana.

Deir Adams san agallamh a chraolfar le linn an eagráin speisialta de 7Lá a chraolfar anocht mar chomóradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil sé “dóchasach” go bhfeicfidh sé Éire Aontaithe lena bheo.

Fág freagra ar 'Maíonn Gerry Adams gur éist an Taoiseach lena chomhairle faoi Brexit agus nach ceannaire láidir í Arlene Foster'