Maíomh an DUP maidir le hAcht Gaeilge bunaithe ar eolas míchruinn agus figiúir mícheart ar ghabh an BBC leithscéal as é a scaipeadh

Ina cholún ar an Belfast Telegraph, mhaígh an t-iarAire Cultúir Nelson McCausland go gcosnódh Acht Gaeilge £2 billiún thar thréimhse 20 bliain

Maíomh an DUP maidir le hAcht Gaeilge bunaithe ar eolas míchruinn agus figiúir mícheart ar ghabh an BBC leithscéal as é a scaipeadh

IarAire Cultúir Nelson McCausland

Tá an maíomh a rinne polaiteoir de chuid an DUP faoi “fhíorchostas” Acht Gaeilge ó thuaidh bunaithe ar fhigiúirí míchruinne agus ar thuairisc ar ghabh an BBC leithscéal fúithi.

Ina cholún ar an Belfast Telegraph, mhaígh an t-iarAire Cultúir Nelson McCausland go gcosnódh Acht Gaeilge £2 billiún thar thréimhse 20 bliain. Dúirt sé go gcuirfeadh costas an Achta ‘cuma bheag’ ar chostas na scéime teasa inathnuaite (RHI). D’éirigh iarCheannaire Shinn Féin ó thuaidh Martin McGuinness as a phost mar LeasChéad-Aire Stormont i bhfianaise na conspóide sin.

Chun teacht ar an bhfigiúir de £2 billiún, dhírigh McCausland ar Chomhairle áitiúil an cheantair Torfaen i ndeisceart na Breataine Bige, agus ar an airgead a caitheadh ansin ar chur i bhfeidhm reachtaíocht teanga.

£868,000 sa bhliain an tsuim a luaigh sé ina cholún agus mhaígh sé gur mhaíomh “réasúnta”  é a rá go mbeadh tuairim is £1 milliún i gceist ó thuaidh, áit a bhfuil na comhairlí áitiúla beagán níos mó ná mar atá Comhairle Torfaen. £11 milliún sa bhliain, mar sin, a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge in Éirinn, dar le fear an DUP.

Anuas ar an gcostas sin ar na comhairlí contae, chuir McCausland costais aistriúcháin agus costais eile ar eagraíochtaí eile stáit, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí san áireamh. Ba é an figiúr deiridh a fuair sé ná £100 milliún sa bhliain, rud a d’fhágfadh gur £2 billiún an costas a bheadh i gceist leis an Acht ó thuaidh thar scór blianta, dar leis.

Ach níl aon bhunús leis na bunfhigiúirí ón mBreatain Bheag a d’úsáid sé dá chuid anailíse. Bunaithe ar fhigiúirí a craoladh i dtuairisc de chuid BBC Week In Week Out anuraidh a bhí siad, figiúirí a d’admhaigh an BBC a bheith míchruinn i ndiaidh a gcraolta.

Ghabh an BBC leithscéal oifigiúil as na figiúirí agus eolas eile a craoladh ar BBC Wales i mí Bhealtaine na bliana seo caite, i ndiaidh don stáisiún roinnt mhaith gearán a fháil ón bpobal agus ó eagraíochtaí teanga sa tír sin. Sa ráiteas a d’eisigh an craoltóir náisiúnta, dúradh nach raibh an t-eolas a tugadh ar an gclár “cruinn”.

Ní costas £868,000 a bhí i gceist le costas na reachtaíochta teanga i gComhairle Torfaen agus ní costas bliantúil a bhí i gceist leis ach an oiread. Is costas aon-uaire a bhí i gceist, nach mbeadh le híoc bliain i ndiaidh bliana, mar a mhaígh McCausland ina cholún.

Níl meastachán cruinn déanta ag aon dream ar an gcostas a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge ó thuaidh fós, ach is cinnte nach bhfuil an £100,000,000 sa bhliain a luaigh an t-iarAire Cultúir cruinn.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh ó d’fhógair an tAire Pobal Paul Givan i mbéal na Nollag nach mbeadh na sparánachtaí ‘Líofa’ á mbronnadh in 2017. Thug an tAire Givan an t-airgead ar ais go luath i mí Eanáir i ndiaidh feachtas láidir de chuid ‘An Dream Dearg’, atá ag iarraidh cearta teanga a chinntiú i ndiaidh thoghchán an Mhárta.

Fág freagra ar 'Maíomh an DUP maidir le hAcht Gaeilge bunaithe ar eolas míchruinn agus figiúir mícheart ar ghabh an BBC leithscéal as é a scaipeadh'