MAIGH EO V TÍR EOGHAIN: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gceist i gcluiche ceannais na hÉireann

Agus Maigh Eo agus Tír Eoghain ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais peile na hÉireann Dé Sathairn, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gceist i bPáirc an Chrócaigh

Ronan McNamee
Aois: 30
Cumann: Achadh Uí Aráin
Airde: 6’1”

Tommy Conroy
Aois: 21
Cumann: An Éill
Airde: 5’10”

D’fhéadfadh duine ar bith i líne lánchúil Thír Eoghain a bheith ag marcáil Tommy Conroy i gcluiche ceannais na hÉireann ach is mó seans gur McNamee a bheidh ann agus é roghnaithe go minic i mbliana chun an freasúra a choinneáil faoi chois. In aghaidh Chiarraí, is ag marcáil David Clifford a bhí McNamee agus cé gur scóráil fear Chiarraí ocht bpointe, ceithre cinn acu ón imirt agus dhá mharc san áireamh, ní fhéadfá a rá go ndearna McNamee mórán as bealach i rith an chluiche.

Dúshlán mór a bheidh ann do Conroy, nach bhfuil ach 21 bliain d’aois, an ceann is fearr a fháil ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír ach tá sin déanta aige cheana féin i mbliana. Sa chluiche leathcheannais ba é Michael Fitzsimons Átha Cliath a bhí ag marcáil Conroy ach chruthaigh fear Mhaigh Eo an-chuid deacrachtaí dó. Bhí sé ar dhuine den bheagán tosaithe a fuair an ceann is fearr ar an gcosantóir le roinnt blianta anuas. Tá an choisíocht ag Conroy chun déanamh amhlaidh i gcoinne McNamee agus d’fhéadfaí Michael McKernan a bhogadh trasna air má tharlaíonn sin.

 

Conor Meyler
Aois: 26
Cumann: Naomh Éanna, An Ómaigh
Airde: 5’11”

Paddy Durcan
Aois: 26
Cumann: Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh
Airde: 6’

Nuair a tháinig Conor Meyler isteach ar fhoireann Thír Eoghain, measadh gur imreoir maith a bhí ann ach gurbh é an bua is mó a bhí aige ná go raibh sé in ann coinneáil air ag rith agus ag rith fad is a bhí chuile dhuine eile ag traochadh. Tá an tábhacht a bhaineann leis do Thír Eoghain le feiceáil níos soiléire le cúpla bliain anuas agus i gcraobh na bliana seo go háirithe. Fuair Meyler ardmholadh as súil ghéar a choinneáil ar Paudie Clifford in aghaidh Chiarraí agus rinne sé an rud céanna i gcás Ryan McHugh Dhún na nGall agus Ryan McAnespie Mhuineacháin.

Tá Paddy Durcan chomh tábhachtach do Mhaigh Eo is atá an bheirt Ryan thuasluaite dá bhfoirne siúd agus má tá Tír Eoghain ag iarraidh imreoir a roghnú chun coinneáil le Durcan seans gurb é Meyler an buachaill.

Má tá Maigh Eo chun an cluiche a bhuachan, beidh taispeántas maith ag teastáil ó Durcan. Cé go raibh sé réasúnta maith in aghaidh Átha Cliath sa chluiche leathcheannais agus in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht, níor scóráil sé ach pointe amháin sa dá chluiche sin agus ní raibh an gearradh céanna ann is a bhíodh.

 

Conor McKenna
Aois: 25
Cumann: Naomh Pádraig, An Eaglais
Airde: 6’

Oisín Mullin
Aois: 21
Cumann: Naomh Pádraig, Cill Mheáin
Airde: 5’10”

Ní Tír Eoghain amháin a bhain tairbhe as cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí a bheith curtha siar: thug an choicís bhreise seans d’imreoirí áirithe de chuid Mhaigh Eo teacht chucu féin. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go dtiocfaidh cluiche an tSathairn róluath d’Eoin McLaughlin, is mór an buntáiste é do Mhaigh Eo go mbeidh Oisín Mullin ar ais acu.

Ach oiread le Ronan McNamee agus Pádraig Hampsey do Thír Eoghain, d’fhéadfá Oisín Mullin nó Lee Keegan a chur ag marcáil aon duine de na tosaithe a bheidh rompu, ach d’fhéadfadh Mullin jab maith a dhéanamh ar McKenna go háirithe. Ní hamháin go bhfuil an neart aige, ach tá an luas agus fuinneamh aige chun coinneáil le McKenna nuair a théann sé amach faoin bpáirc, rud nach bhfuil ar chumas Keegan a dhéanamh níos mó, b’fhéidir.

 

Darren McCurry
Aois: 29
Cumann: Éadan na dTorc
Airde: 5’10”

Pádraig O’Hora
Aois: 28
Cumann: Stiofánaigh Bhéal an Átha
Airde: 6’

Caitheann Conor McKenna agus Mattie Donnelly tréimhsí ag imirt an-fhada amach ón gcúl ach is ar éigean go rachaidh an tríú duine sa líne lántosaithe, Darren McCurry, níos faide ná 30m amach ó na postaí sa gcluiche ceannais. D’imigh McCurry ó phainéal Thír Eoghain in 2018 agus é den tuairim nach raibh seans ceart á thabhairt do thosaithe na foirne ach tá ag éirí thar barr leis ó tháinig Brian Dooher agus Feargal Logan isteach i mbliana. Iarrtar ar McCurry fanacht gar don chúl agus scóranna a fháil agus tá a chuid déanta aige i mbliana. 0-26 atá scóráilte aige sna ceithre chluiche craoibhe a bhí ag Tír Eoghain i mbliana.

Dála McCurry, tá O’Hora níos mó ar a shuaimhneas gar don chúl agus ní bhíonn an fonn céanna air dul ar an ionsaí is a bhíonn ar Lee Keegan agus Oisín Mullin. Dá bharr sin, seans go mbeidh sé féin agus McCurry i gcomhluadar a chéile go minic i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus má éiríonn le fear Mhaigh Eo an ceann is fearr a fháil sa choimhlint áirithe seo bua ollmhór a bheidh ann dá fhoireann.

 

Kieran McGeary

Aois: 26

Cumann: Cabhán an Chaorthainn

Airde: 5’11”

Diarmuid O’Connor

Aois: 26

Cumann: Baile an Tobair

Airde: 6’1”

B’fhéidir nach mbeidh an bheirt seo ag marcáil a chéile don chluiche uile, ach beidh siad i gcoinne a chéile go minic agus má éiríonn le duine amháin acu tionchar mór a bheith aige ar an imirt is mó go mór an seans gurb í a fhoireann siúd a bheidh ag ceiliúradh Dé Sathairn.

Tá McGeary ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Thír Eoghain i mbliana. Cé go mbíonn sé ag imirt sa líne leathchúil is annamh go mbíonn air imreoir ar leith a mharcáil. Mar sin féin, bíonn sé i lár na cosanta i gcónaí agus nuair a éiríonn le Tír Eoghain an liathróid a bhaint do dhuine dá gcéilí comhraic, is minic do McGeary a bheith ar an láthair. Is breá leis dul ar an ionsaí chomh maith: bhí lámh aige sa chéad chúl a scóráil Tír Eoghain in aghaidh Chiarraí agus scóráil sé trí phointe thábhachtacha in aghaidh Dhún na nGall i gCraobh Uladh.

D’fhéadfadh James Horan a rá le Diarmuid O’Connor McGeary a mharcáil don chluiche uile ach cailliúint ollmhór a bheadh ansin do Mhaigh Eo sa chuid eile den imirt. Déanann O’Connor an-chuid oibre do Mhaigh Eo timpeall lár páirce, agus nuair a theastaíonn spreagadh uathu is minic gurb é O’Connor a thugann é.

Fág freagra ar 'MAIGH EO V TÍR EOGHAIN: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gceist i gcluiche ceannais na hÉireann'