Maigh Eo – seo leo sa bhearna bhaoil arís…

Imreoidh Maigh Eo a gcéad chluiche i gcraobh na bliana seo amárach in aghaidh Shligigh agus ceisteanna fós á gcur cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an mianach iontu an chraobh a bhuachan

Maigh Eo – seo leo sa bhearna bhaoil arís…

Imreoirí Mhaigh Eo, Cillian O'Connor agus Lee Keegan, i ndiaidh an chailliúint in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2016. INPHO/James Crombie

Seo leo sa bhearna bhaoil arís.

Rachaidh Maigh Eo chun páirce i gCraobh Peile Chonnacht amárach agus iad ag súil gurbh é an chéad céim é ar aistear a chríochnóidh i mí Mheán Fómhair agus Corn Mhic Uidhir ina seilbh faoi dheireadh acu.

Is í an sprioc chéanna atá acu le roinnt mhaith blianta anuas agus iad imithe gar di arís agus arís eile. Tá cluiche leathcheannais na hÉireann sroichte gach bliain acu ó 2011 ar aghaidh, rud nach bhfuil déanta ag Baile Átha Cliath fiú. Tá trí chluiche ceannais bainte amach acu sa tréimhse chéanna, agus péire acu sin caillte acu le haon phointe amháin, in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2013 agus arís anuraidh, nuair ba ghá athimirt chun na foirne a scaradh.

Ina ainneoin sin ar fad, tá an t-amhras céanna fós ar dhaoine faoi Mhaigh Eo agus na ceisteanna céanna á gcur ó thosaigh an fhoireann áirithe seo amach sé nó seacht de bhlianta ó shin. An bhfuil tosach den chaighdeán is airde acu? An éireoidh leo teacht slán ón mbriseadh croí is déanaí? An ndéanfaidh Aidan O’Shea an beart lá mór?

Maidir le Maigh Eo tráth na gceisteanna a bhíonn ann i gcónaí…

Ceist na dtosaithe

Is beag eile a chloisfidh tú á lua le foireann Mhaigh Eo níos minice ná an ‘marquee forward’, an tosach den chéad scoth. Tá sé ráite arís agus arís eile faoi na Connachtaigh nach bhfuil a leithéid acu agus gurb in atá á gcoinneáil siar.

Déanta na fírinne, tá a leithéid acu ó 2011 – Cillian O’Connor. Céard eile ach ‘marquee forward’ a thabharfá ar fhear a bhí cumasach agus misniúil a dhóthain chun an scór cinniúnach sin a aimsiú agus an t-am caite i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh? Fuair O’Connor seilbh na liathróide 50 slat amach ón gcúl, chruthaigh sé spás dó féin agus chinntigh sé go mbeadh lá eile ag Maigh Eo.

Mar gheall nach bhfuil sé an-sciobtha ar fad mar imreoir agus go bhfaigheann sé an chuid is mó dá scóranna ó chiceanna saora, ní thugtar an t-aitheantas céanna do O’Connor agus a thugtar do thosaithe eile. Ach nuair a rinneadh staidéar ar iarrachtaí O’Connor ón imirt sna cluichí móra idir 2013 agus 2015, fuarthas go raibh sé go mór chun cinn, ó thaobh cruinnis de, ar leithéidí James O’Donogue, Colm McFadden agus Diarmuid Connolly, triúr a luaitear go minic mar ‘marquee forwards’.

Ceist Aidan O’Shea

Dáiríre, is í an fhadhb atá ag Maigh Eo ná nach bhfaigheann O’Connor dóthain tacaíochta óna chomhghleacaithe sna tosaithe ó thaobh scórála de. D’éirigh go maith le Diarmuid O’Connor in 2015 agus le Andy Moran in 2016, ach is annamh a fhágann aon tosaí eile a rian go láidir ar chlár na scór.

Ar na himreoirí a mbeifeá ag súil le níos mó uathu tá Aidan O’Shea. Tá fear Bhréachmhaí ag imirt le sinsir Mhaigh Eo ó 2009 agus cé nach bhfuil aon amhras ann ach gur imreoir den scoth é, táthar fós ag fanacht leis an lá a dtabharfaidh sé an taispeántas céanna uaidh i bPáirc an Chrócaigh agus a thugann i gCraobh Chonnacht.

Is é an 1-1 a d’aimsigh sé in aghaidh na Mí i gcluiche ceathrú ceannais 2009 an scór is mó atá aimsithe aige i gceannáras CLG agus níor éirigh leis níos mó ná aon scór amháin a aimsiú in aon chluiche i bPáirc an Chrócaigh ó shin. Níor éirigh leis aon scór a fháil i gceachtar de na ceithre chluiche ceannais na hÉireann atá imeartha aige. Ní bheidh O’Shea ag imirt i gcoinne Shligigh agus ní fios go fóill céard is cúis leis a bheith as láthair.

Ceist an mhianaigh

I ndiaidh an chrá croí uile a bhí ann do Mhaigh Eo le tamall anuas, is údar iontais ag daoine go mbíonn siad in ann teacht ar ais arís agus arís eile. I ndáiríre, is beag rogha atá acu. Cé go bhfuil siad ar an mbóthar le fada, tá cuid mhaith acu fós ró-óg le bheith ag smaoineamh ar ghéilleadh. Níl Cillian O’Connor ach 25 bliain d’aois, bliain níos óige ná Aidan O’Shea, agus dhá bhliain níos óige ná Lee Keegan. Chomh maith leis sin, tá imreoirí nua ag teacht chun tosaigh ar an bhfoireann, leithéidí Diarmuid O’Connor agus Patrick Durcan go háirithe.

Murach an cic saor a chuir Cillian O’Connor amú ag deireadh an chluiche athimeartha anuraidh, rud nár dhual dó, bheadh am breise i gceist. Tá a fhios acu nach bhfuil siad i bhfad ó Chraobh na hÉireann a bhuachan. Tá buaite acu ar leithéidí Bhaile Átha Cliath, Thír Eoghain agus Dhún na nGall le cúig bliana anuas. Cá bhfios nach ndéanfadh siad an beart i mbliana?

Fág freagra ar 'Maigh Eo – seo leo sa bhearna bhaoil arís…'