Maigh Eo v Gaillimh – Páirc an Chórcaigh, 4.00in (Beo ar TG4)
Is le cluiche i gcoinne a chéile a chuir Maigh Eo agus Gaillimh tús lena bhfeachtas sraithe i mbliana agus cluiche idir na comharsana a bheidh mar chlabhsúr ar an gcomórtas freisin agus iad ag teacht le chéile arís i bPáirc an Chrócaigh.
Chinntigh an pointe a scóráil Ryan O’Donoghue leis an gcic deireanach an oíche sin i gCaisleán an Bharraigh mí Eanáir gur chríochnaigh na foirne ar comhscór agus meastar gur beag a bheidh idir an dá fhoireann arís inniu.
Cé go raibh beagán den ádh orthu an comhscór sin a bhaint amach sa chéad bhabhta, bhí Maigh Eo ar an bhfoireann ab fhearr i Roinn 1 d’fhormhór na sraithe agus gan ach cluiche amháin caillte acu, cluiche gan tábhacht in aghaidh Mhuineacháin sa bhabhta deireanach.
Níl athruithe móra déanta ag Kevin McStay ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir agus bhí leithéidí Matthew Ruane agus Diarmuid O’Connor, imreoirí atá ar an bhfód le tamall anois, i measc na n-imreoirí is fearr acu go dtí seo san earrach. Tá Jordan Flynn ag dul ó neart go neart chomh maith ach tá deis tugtha ag McStay do roinnt imreoirí óga freisin agus leithéidí Bob Tuohy agus Sam Callinan ina measc siúd a thapaigh an deis.
Athrú suntasach amháin atá déanta ag McStay ná Aidan O’Shea a fhágáil ar imeall na cearnóige agus d’fhéadfadh taispeántas fhear Bhréachmhaí a bheith an-tábhachtach inniu. Is iomaí sin deacracht a chruthaigh O’Shea sna blianta siar nuair a bhíodh sé ag imirt sé mar lántosach in aghaidh na Gaillimhe.
Agus cluiche i mbabhtaí ceathrú ceannais Chonnacht in aghaidh Ros Comáin ag Maigh Eo Dé Domhnaigh seo chugainn, is deacair a rá cé cé chomh díograiseach agus a bheidh siad tráthnóna ach déarfá nach mbeidís ag iarraidh aon údar spreagtha a thabhairt do Ghaillimh roimh thús na craoibhe.
Tá seachtain bhreise ag Pádraic Joyce agus na Gaillimhigh le fáil réidh do bhuaiteoir an chluiche sin idir Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus níl aon amhras ach go mbeidh díocas ar Joyce agus a chuid imreoirí agus iad ag iarraidh cluiche ceannais an lae inniu a bhuachan.
Chaill Joyce féin trí cinn de chluichí ceannais Roinn 1 na sraithe agus é ag imirt don chontae, ceann in aghaidh Mhaigh Eo in 2001 ina measc, agus ní mór a ghabháil siar go dtí 1981 don uair dheireanach ar bhuaigh Gaillimh an phríomhroinn.
Ní olc ná maith a bhí Gaillimh sna chéad trí nó ceithre chluiche i sraith na bliana seo ach tá siad feabhsaithe ó shin agus na trí chluiche as a chéile atá buaite acu in aghaidh Ard Mhacha, Mhuineacháin agus Chiarraí tar éis an-ugach a thabhairt dóibh.
Den chéad uair tá an triúr, Shane Walsh, Damien Comer agus Robert Finnerty, ar fáil inniu do Joyce agus tá imreoirí a raibh ról tánaisteach acu anuraidh tar éis teacht chun cinn le linn an earraigh, imreoirí ar nós Cathal Sweeney, John Maher agus Daniel O’Flaherty, gan ach triúr a lua. Nuair a chuirtear beirt eile a d’fhill ar an bhfoireann, Peter Cooke agus Ian Burke, leo, tá scuad neartaithe ag Gaillimh, rud a theastaigh más leo an chéad chéim eile a thógáil.
Doire v Áth Cliath – Páirc an Chrócaigh, 1.45in (Beo ar TG4)
Tabharfaidh péire eile de na foirne is fearr sa tír aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh níos túisce tráthnóna nuair a imreoidh Doire agus Áth Cliath i gcluiche ceannais Roinn 2.
Tar éis do Dhoire an-bhliain a bheith acu anuraidh, craobh Uladh tugtha leo agus cluiche leathcheannais na hÉireann bainte amach acu, bhain foireann Rory Gallagher ardú céime go dtí Roinn 1 amach i mbliana gan mórán stró. Sé chluiche as seacht gcinn a bhuaigh Doire – chríochnaigh siad ar comhscór le Corcaigh i mbabhta a seacht – agus tháinig an bua ba shuntasaí ag tús mhí an Mhárta nuair a bhuaigh na hUltaigh ar Áth Cliath leis an aon phointe amháin i bPáirc na gCeilteach.
Tá an beart á dhéanamh arís ag Shane McGuigan i measc na dtosaithe agus 2-36 aimsithe aige go dtí seo, níos mó ná aon imreoir eile i Roinn 2, agus tá stíl imeartha Dhoire nach mór mar a chéile agus a bhí anuraidh, na cosantóirí ina bplód nuair nach mbíonn seilbh acu ar an liathróid agus slua imreoirí ag dul ar an ionsaí nuair a bhíonn sí acu.
Seans, mar sin, go bhfoghlaimeoidh muid níos mó faoi Áth Cliath inniu. Bhí cuid mhaith daoine ag ceapadh go ndéanfadh fir na príomhchathrach scrios i Roinn 2 tar éis dóibh dul ón bpríomhroinn anuraidh ach ní hamhlaidh a tharla. Bhain Áth Cliath ardú céime amach cinnte ach bhí orthu fanacht go dtí an cluiche deireanach chun é sin a dhéanamh agus rinneadh tástáil cheart orthu sna cluichí in aghaidh Chill Dara, Chorcaí agus an Chláir.
Ba é scéal mór an deireadh seachtaine seo caite ná filleadh Stephen Cluxton agus beidh sé an-suimiúil a fheiceáil an dtosóidh an seanfhondúir inniu nó an bhfanfaidh Dessie Farrell dílis do David O’Hanlon, a chruthaigh go maith go dí seo.
Beidh an bheirt eile atá tagtha ar ais ar an bpainéal, Jack McCaffrey agus Paul Mannion, ag súil le cluiche os comhair slua mór i bPáirc an Chrócaigh chomh maith agus, ó tharla an chuma a bheith air go mbuafaidh Áth Cliath craobh Laighean arís i mbliana gan stró, seans gurb í seo deis dheireanach a bheidh ag foireann Farrell ar feadh tamaill tabhairt faoi fhoireann ardchaighdeáin.
Fág freagra ar 'Maigh Eo agus Gaillimh gríosaithe ag cath na gConnachtach'