Maigh Eo agus Dún na nGall ag súil le rudaí a chur ina gceart

Imreoidh Maigh Eo i gcoinne na Gaillimhe i Roinn 1 na sraithe anocht agus casfaidh Ard Mhacha ar Dhún na nGall i mBealach Féich

Maigh Eo agus Dún na nGall ag súil le rudaí a chur ina gceart

Imreoir Mhaigh Eo, Aidan O'Shea. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Maigh Eo v Gaillimh – Páirc Mhic Éil, 7.15pm (beo ar eir Sport 1)

Ag triall ar Chaisleán an Bharraigh a bheidh peileadóirí agus lucht tacaíochta na Gaillimhe tráthnóna agus aghaidh á tabhairt acu ar a sean-naimhde, Maigh Eo.

Le linn a chéad tréimhse mar bhainisteoir ar Mhaigh Eo, bhí forlámhas iomlán ag foireann James Horan sna comhraic i gcoinne na gcomharsan ach tá athrú tagtha ar chúrsaí le cúpla bliain anuas.

Gaillimh a bhuaigh na trí chluiche craoibhe idir na foirne ó 2016 agus ba le foireann Kevin Walsh a bhí an lá nuair a chas na foirne ar a chéile anuraidh sa tsraith chomh maith.

Ceann de na spriocanna is mó a bheidh ag Horan agus é ar ais i mbun bainistíochta ná deireadh a chur le forlámhas na Gaillimhe i gCraobh Chonnacht agus cé gur cluiche sraithe í coimhlint na hoíche anocht, thabharfadh bua an-spreagadh do na himreoirí agus dá lucht tacaíochta roimh theacht na craoibhe.

Is géar a theastaíonn ardú croí ó Mhaigh Eo i ndiaidh d’Áth Cliath léasadh ceart a thabhairt dóibh i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite. Bhí taispeántais mhaithe tugtha ag Maigh Eo go dtí sin sa tsraith ach bhí siad uafásach i gcluiche na seachtaine seo caite agus beidh súil ag Horan le feabhas mór i bPáirc Mhic Éil anocht.

Is cinnte nach dtabharfaidh Gaillimh an oiread céanna deacrachtaí dóibh agus a thug Áth Cliath. Gortaíodh Shane Walsh sa gcluiche in aghaidh Chiarraí an deireadh seachtaine seo caite, rud a fhágann nach bhfuil teacht ag Gaillimh ar an triúr tosaithe is fearr atá acu, Walsh, Damien Comer agus Ian Burke.

Is maith a chruthaigh cuid de na himreoirí nua atá tugtha isteach ag Kevin Walsh, imreoirí amhail Pádraic Cunningham agus fear an Spidéil, Antaine Ó Laoi. Cé gur mór an chailliúint iad an triúr tosaithe sin, ms mór an buntáiste dóibh go bhfuil Seán Andy Ó Ceallaigh, Michael Daly agus Éamonn Brannigan ar ais.

Ó tharla gur theip orthu i gcoinne Átha Cliath agus i gcoinne Chiarraí, tá bua amháin eile, ar a laghad, ag teastáil ó Ghaillimh más fúthu teacht slán i Roinn 1 i mbliana. Seans gur fearr an seans a bheidh acu sa mbaile i gcoinne Ros Comáin faoi cheann coicíse ná i gcluiche na hoíche anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Caolan McGonagle (Dun na nGall) agus Ryan Lyons (Fear Manach). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall v Ard Mhacha – Bealach Féich, 7.15pm (craoladh iarbheo ar eir Sport 1)

Tá iomaíocht fhíorghéar ann i Roinn 2 na sraithe peile agus deis go fóill ag scata foirne an t-ardú céime a bhaint amach.

Ba iad Dún na nGall rogha na coitiantachta chun áit a bhaint amach i Roinn 1 arís ach tá foireann Declan Bonner anois faoi bhrú tar éis do Thiobraid Árainn agus d’Fhear Manach  an ceann is fearr a fháil orthu.

In aghaidh Ard Mhacha a bheidh siad anocht agus a fhios acu go bhfuil an baol ann go mbeidh siad bliain eile i Roinn 2.

Bhí Dún na nGall cúig phointe chun cinn ar Fhear Manach ag tráth amháin Dé Domhnaigh seo caite ach tháinig foireann Rory Gallagher aniar aduaidh orthu agus an bua 0-13 in aghaidh 0-10 acu. Lena gceart a thabhairt do Dhún na nGall bhí imreoir sa bhreis ag Fear Manach ar feadh 50 nóiméad i ndiaidh do Chaolán McGonagle cárta dearg a fháil. Mar sin féin, caithfidh siad feabhsú go mór..

Tá an bainisteoir fós ag fanacht ar leithéidí Michael Murphy, Frank McGlynn agus imreoirí Ghaoth Dobhair agus is cinnte go gcuirfidh siad slacht ar an bhfoireann má bhíonn siad ar fáil do chluiche crua na hoíche anocht.

Ba é a gcluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Thiobraid Árann an chéad cheann a bhuaigh Ard Mhacha sa tsraith i mbliana ach ó tharla gur comhscór a bhí acu in aghaidh Chill Dara agus an Chláir, níl siad ach dhá phointe ó bharr an tábla.

Tá buntáiste ag Dún na nGall ós rud é go mbeidh said ag baile agus chomh maith leis sin is maith a thuigeann siad nach féidir leo aon deis eile a ligin le sruth más fúthu áit a bhaint amach i Roinn 1.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Maigh Eo agus Dún na nGall ag súil le rudaí a chur ina gceart'