Maigh Cuilinn agus an Daingean sna babhtaí leathcheannais, An Spidéal slán ach an Rinn cloíte

Cuireadh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall siar ag an deireadh seachtaine ach bhí cluichí tábhachtacha ag foirne Gaeltachta i gcraobhacha peile na Gaillimhe, Chiarraí agus Phort Láirge

Maigh Cuilinn agus an Daingean sna babhtaí leathcheannais, An Spidéal slán ach an Rinn cloíte

Dún na nGall

Bhí cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall le bheith ann ag an deireadh seachtaine ach cuireadh na cluichí ar fad sa chontae siar de bharr na tragóide ar an gCraoslach Dé hAoine. Imreofar an cluiche idir Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill anois Dé Sathairn beag seo ag 2.15in i bPáirc Mhic Cumhaill.

Gaillimh

Deireadh seachtaine maith a bhí ann d’fhoirne Chonamara i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe agus a gcluichí buaite ag Maigh Cuilinn agus An Spidéal.

Bhain Maigh Cuilinn áit amach i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Chláir Dé Domhnaigh. Bhí seaimpíní 2020 i gceannas ar feadh cuid mhaith den chluiche ach ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne ag an deireadh, 1-12 in aghaidh 1-11, agus teacht aniar maith déanta ag Baile Chláir.

Eoghan Kelly a fuair an cúl do Mhaigh Cuilinn sa chéad leath agus cé gur fhreagair Conor Flaherty é le ceann do Bhaile Chláir, bhí clann Uí Cheallaigh ag dul i bhfeidhm go mór ar an imirt agus Eoghan, Paul agus Seán ag brú Maigh Cuilinn chun cinn. Bhíodar sé phointe chun cinn tráth sa dara leath ach ar ais le Baile Chláir agus cé go raibh deis ag Barry Goldrick an bua a fháil dóibh ag fíordheireadh na himeartha, bhuail sé a iarracht os cionn an trasnáin seachas faoina bhun.

Imreoidh Maigh Cuilinn anois in aghaidh an Chreagáin/Maigh Locha i ngéarchoimhlint sna babhtaí leathcheannais. Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach agus Eanach Cuain atá sa chluiche leathcheannais eile.

Beidh peileadóirí an Spidéil ag imirt sa chraobh shinsir arís an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Naomh Séamus a shárú i réamhbhabhta dícháilithe, 0-16 in aghaidh 0-12. B’fhearr a chruthaigh foireann an Spidéil i gcaitheamh an chluiche ach ní gan saothar a bhuadar nuair a chinn orthu fir na cathrach a chur de dhroim seoil tráth nach raibh ach 13 imreoir ar an bpáirc ag Naomh Séamus.

Rinneadar an beart faoi dheireadh a bhuíochas d’iarrachtaí Liam Uí Chonghaile, a d’aimsigh ocht bpointe don Spidéal. Imreoidh Naomh Séamus in aghaidh na Ceathrún Rua sa chéad bhabhta den ghrúpa dícháilithe.

Sa Chraobh Idirmheánach, briseadh croí eile a bhí i ndán d’Oileáin Árann nuair a chliseadar arís sna babhtaí leathcheannais. Fuair Cill Chonla an ceann is fearr orthu le haon phointe amháin agus na fir ó thuaisceart na Gaillimhe tagtha ó shé phointe chun deiridh chun an cluiche a bhuachan, 0-10 in aghaidh 0-9.

Bhí ceannas iomlán ar an imirt ag Oileáin Árann sa chéad leath agus iad 0-7 in aghaidh 0-1 chun tosaigh ag an mbriseadh ach ba cheart go mbeadh bearna níos mó idir na foirne agus cual iarrachtaí curtha ar strae ag fir na n-oileán. Bhí cóir láidir gaoithe acu sa chéad leath sin ach nuair a d’athraigh na foirne timpeall, tháinig Cill Chonla ar ais. Ní rabhadar chun tosaigh ach aon uair amháin sa chluiche ach b’in a ndóthain agus chinntigh cic saor ó Paul Mannion sa tríú nóiméad d’am cúitimh gurb iad Cill Chonla a bheidh leis an Dún Mór i gcluiche ceannais an chontae.

Ciarraí

Casfaidh An Daingean agus Ciarraí Thoir ar a chéile sna babhtaí leathcheannais de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí tar éis don dá fhoireann teacht slán ó na babhtaí ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine.

Thug fir an Daingin taispeántas cumasach chun Na Crócaigh a chloí oíche Dé Sathairn, 1-18 in aghaidh 0-11. Tá Crócaigh Chill Airne ar bhoic mhóra na Ríochta ach ní raibh aon fhadhb ag an Daingean ina gcoinne.

Bhí amhras ann roimh an gcluiche an mbeadh Paul Geaney agus Barry O’Sullivan ar fáil ach thosaigh an bheirt agus thugadar an-taispeántais. Scóráil Geaney cúig phointe ón imirt agus chuir O’Sullivan péire eile leis. D’éirigh go maith freisin le Mark O’Connor agus an t-imreoir AFL ag imirt a chéad chluiche peile le ceithre bliana anuas. Is mar chosantóir le cois a bhí an fear mór ag imirt ach d’aimsigh sé pointe deas sa chéad leath agus bhí an Daingean 0-11 in aghaidh 0-8 chun cinn ag an mbriseadh. Mhéadaíodar an bhearna sin sa dara leath le cúl ó Dylan Geaney. Tugadh Deividas Uosis, atá fillte abhaile ón Astráil chomh maith, isteach mar ionadaí do na cúig nóiméad deireanach.

Imreoidh fir na Gaeltachta anois in aghaidh Chiarraí Thoir Dé Domhnaigh beag seo tar éis do David Clifford agus a chéilí imeartha an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín. Dhá fhoireann dúiche, Ciarraí Láir agus Raonaithe na Féile atá sa chluiche ceannais eile.

Port Láirge

Na babhtaí dícháilithe i gCraobh Shinsir Peile na nDéise atá i ndán don Rinn tar éis dóibh a réamhbhabhta ceathrú ceannais a chailliúint ag an deireadh seachtaine. Bhí am breise ag teastáil chun iad féin agus Cill Rosanta a scaradh óna chéile ach bhí fir na Cille rómhaith don Rinn san am breise agus bhuadar an cluiche 0-15 in aghaidh 0-8.

Níor scóráil an Rinn ar chor ar bith san am breise agus ba é cúl báire Chill Rosanta, laoch na foirne sa chluiche. Shábháil Whyte cic éirice ó Donie Breathnach ag fíordheireadh an chéad leatha, beart a chinntigh gur fhan Cill Rosanta chun tosaigh, 0-5 in aghaidh 0-4, agus cé gur throid an Rinn ar ais chun an t-am breise a bhaint amach, ní raibh aon fhreagra acu ar Whyte.

Bogadh isteach mar lántosach é san am breise agus scóráil sé ceithre phointe agus is iad Cill Rosanta atá tríd go dtí an chéad bhabhta eile. Imreoidh an Rinn in aghaidh chumann na Slánaitheoirí sna babhtaí dícháilithe Dé Domhnaigh seo chugainn.

Fág freagra ar 'Maigh Cuilinn agus an Daingean sna babhtaí leathcheannais, An Spidéal slán ach an Rinn cloíte'