Madra a tarrtháladh ón bhfarraige amach ó chósta Chonamara ar ais sa mbaile ar an gCeathrú Rua

Is cosúil gur shnámh Sam ón gCeathrú Rua aniar go béal chuan Ros an Mhíl, achar idir ceithre agus cúig chiliméadar

Madra a tarrtháladh ón bhfarraige amach ó chósta Chonamara ar ais sa mbaile ar an gCeathrú Rua

Orla Nic Phaidín, 14 bliana. ón Teach Mór, Indreabhán, a bhí ar dhuine de chriú an bháid iascaigh bhig a tharrtháil Sam ón uisce

Tá madra a tarrtháladh ón bhfarraige amach ó Chuan Ros an Mhíl ar ais sa mbaile lena úinéir ar an gCeathrú Rua.

Chuaigh an madra, darb ainm Sam, ar iarraidh an tseachtain seo caite nuair a tháinig eagla air roimh an tintreach agus an toirneach.

Is cosúil gur shnámh Sam ón gCeathrú Rua aniar go béal chuan Ros an Mhíl, achar idir ceithre agus cúig chiliméadar.

Tháinig criú bád iascaigh beag ar Sam, a bhí i mbaol a bháite, ciliméadar amach ó Charraig na Canónach, leath bealaigh idir Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl agus An Cheathrú Rua.

Cuireadh Garda Cósta na Sionainne agus An Garda Síochána ar an eolas faoin iarracht tarrthála ar fhaitíos go mbeadh práinn ar bith ar an bhfarraige.

Tá an madra tagtha chuige féin anois agus é ar ais sa bhaile lena úinéir sa Tismeáin ar an gCeathrú Rua.

Aimsíodh úinéir Sam trí leathanach Facebook Chumann na Gaillimhe um Fhóirithint ar Ainmhithe, GSPCA.

Tháinig oibrí ón GSPCA le Sam a bhailiú agus a thabhairt abhaile Dé Luain, lá eile a raibh toirneach ann, agus nuair a rinneadh iarracht é a chur sa veain, rith sé in athuair.

Aimsíodh Sam arís in Indreabhán Dé Máirt na seachtaine seo caite agus tugadh siar abhaile é chuig a úinéir ar an gCeathrú Rua, áit a bhfuil sé anois, tá súil againn!

Fág freagra ar 'Madra a tarrtháladh ón bhfarraige amach ó chósta Chonamara ar ais sa mbaile ar an gCeathrú Rua'

  • Aine ni Fhiannusa

    Fair play di Sam agus gach éinne sa Tionscadal tárrthála. Nach iontach iad na hainmhithe agus go háiritgr ba madraí. Is madra an dhathúil é Sam, beidh a lirg féin aige ar na meáin socialta.