Madigan sásta go gcuirfí tús le plé faoi cheannach Aerfort na Mine ach ‘bagairt’ a bheith tarraingthe siar

Tá dlíodóirí Roinn na Gaeltachta agus Aer Arann fós ag plé chás Aerfort na Mine, ach deir an tAire Josepha Madigan go gcaithfear an bhagairt atá déanta ag Aer Arann deireadh a chur lena seirbhís aeir a tharraingt siar chun go gcuirfí tús le comhráite

Madigan sásta go gcuirfí tús le plé faoi cheannach Aerfort na Mine ach ‘bagairt’ a bheith tarraingthe siar

Agus níos lú ná coicís fágtha go dtí lá na cinniúna do sheirbhís aeir oileáin Árann, tá ráite ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan go bhfuil a Roinn sásta i gcónaí tús a chur le cainteanna faoi Aerfort na Mine a cheannach má tharraingíonn Aer Arann siar “an bhagairt” deireadh a chur leis an tseirbhís.

Agus ceist Dála á freagairt aici, dúirt an tAire go raibh an “teagmháil ag leibhéil dlíodóra” fós ar siúl idir a Roinn agus Aer Arann, a bhfuil sé i gceist acu éirí as an tseirbhís aeir ar an 6 Nollaig mar gheall ar aighneas le Roinn na Gaeltachta faoi théarmaí conartha.

“Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinn sásta dul isteach i gcomhráite le Galway Aviation Services Ltd [Aer Arann] maidir le hAerfort na Mine a cheannach ach an bagairt atá déanta ag an gcomhlacht maidir le deireadh a chur leis an dá chonradh a bheith tarraingthe siar,” a dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív á freagairt aici.

Nuair a léirigh Roinn na Gaeltachta suim i mí Dheireadh Fómhair i gceannach aerstráice na Mine mar iarracht teacht as an tsáinn maidir leis an aersheirbhís, dúirt úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie go raibh sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.

Seachas an plé idir dlíodóirí an dá dhream, níor thosaigh na comhráite sin fós, áfach.

Tá an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar chomh maith ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír mura dtiocfar ar réiteach.

Tá tús curtha ag an Roinn leis na socruithe a bheidh le déanamh chun go mbeadh seirbhís ghearrthéarmach ag freastal ar na hoileáin as Aerfort na Sionainne sa chás nach mbeadh Aerfort na Mine ar fáil. Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag an Roinn chomh maith chun dul i mbun próiseas tairisceana do chonradh gearrthéarmach.

Tá imní ar phobal na n-oileán go mbeidh briseadh sa tseirbhís agus gan aon fhógra déanta fós maidir le tairiscintí nua a lorg. 

Tá amhras mór ann faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir chuig na hoileáin Ghaeltachta i ndiaidh d’Aer Arann a chur in iúl do Roinn na Gaeltachta i mí an Mheithimh go bhfuiltear ag tarraingt siar ó dhá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse sin.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Aighneas faoi bhrí théarmaí an chonartha sin is cúis le cinneadh Aer Arann agus tá lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO. 

Tá míshástacht chomh maith ann faoi theorainn a bheith á cur leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Fág freagra ar 'Madigan sásta go gcuirfí tús le plé faoi cheannach Aerfort na Mine ach ‘bagairt’ a bheith tarraingthe siar'