Machnamh á dhéanamh ag an Oireachtas faoi chead a thabhairt do dhaoine freastal ar fhéile 2021

Cinneadh níos luaithe i mbliana gan dul ar aghaidh leis an bhféile thraidisiúnta a bhí beartaithe do Chill Airne

Machnamh á dhéanamh ag an Oireachtas faoi chead a thabhairt do dhaoine freastal ar fhéile 2021

Tá an tOireachtas i mbun machnaimh ar imeachtaí á eagrú d’Fhéile na Samhna a mbeadh cead ag daoine freastal orthu.

Cuireadh an fhéile thraidisiúnta ar ceal don dara bliain as a chéile an samhradh seo agus imeachtaí ar líne gan aon slua i láthair a bhí beartaithe go dtí seo.

Ach dúirt urlabhraí ó Oireachtas na Gaeilge le Tuairisc.ie go raibh scrúdú å dhéanamh anois acu ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le deis a thabhairt do dhaoine freastal ar imeachtaí le linn Oireachtas na Samhna, mórfhéile bhliantúil na nGael.

Chinn an tOireachtas mí Bealtaine seo caite nach leanfaí ar aghaidh leis na hullmhúcháin don fhéile a bhí le bheith ar siúl i gCill Airne i mbliana agus go reáchtálfaí na himeachtaí ar líne.

Ach tá athmhachnamh á dhéanamh ar chúrsaí i bhfianaise fhoilsiú phlean nua an Rialtais an tseachtain seo chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha Covid-19. De réir an phlean sin chuirfí deireadh leis na srianta deireanacha paindéime ar an 22 Deireadh Fómhair, díreach roimh Oireachtas na Samhna.

Ón Luan seo chugainn, an 6 Meán Fómhair, beidh cead imeachtaí móra beo lasmuigh agus laistigh a eagrú agus rialacha nua i bhfeidhm.

Ceadófar 60% den líon a bhfuil áit dóibh in ionaid taobh istigh ach na daoine sin a bheith lánvacsaínithe agus beidh cead ag 75% den iomlán freastal ar imeachtaí lasmuigh faoin spéir agus ní mór dóibhsean vacsaín a bheith faighte acu chomh maith.

Deir an tOireachtas anois go bhfuiltear i mbun staidéir ar threoirlínte nua an Rialtais.

“Tá staidéar á dhéanamh againn ar na treoirlíne nua ón Rialtas maidir le reáchtáil imeachtaí ealaíne agus siamsa faoi dhíon i gcomhthéacs chlár imeachtaí d’Oireachtas 2021 agus tá féidearthachtaí áirithe á mbreithniú againn,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais.

Dúirt Nic Dhonnchadha, áfach, go raibh an-chuid socruithe déanta cheana féin maidir le himeachtaí na bliana seo a reáchtáil go fíorúil.

“Níl rud ar bith ab fhearr linn ná filleadh ar an bhféile a bhfuil cleachtadh againn ar a reáchtáil ach, ag an bpointe seo, tá mórchuid socruithe déanta agus conarthaí sínithe againn maidir le reáchtáil imeachtaí fíorúla.”

De réir shuíomh an INEC i gCill Airne, ina mbíonn an-chuid d’imeachtaí an Oireachtais, níl aon imeachtaí ar súil san ionad idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 21 Samhain. Agus níos lú ná dhá mhí ann idir sinn agus tús traidisiúnta na féile ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, áfach, is beag seans go bhféadfaí féile mhór mar a bhíodh ann roimhe seo a reáchtáil.

Cuireadh Oireachtas na Samhna 2020, a bhí le bheith i nGaillimh, ar ceal de dheasca na paindéime freisin.

Fág freagra ar 'Machnamh á dhéanamh ag an Oireachtas faoi chead a thabhairt do dhaoine freastal ar fhéile 2021'