Tá glactha ag na húdaráis phleanála leis gur gá dóibh gníomh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an fhadhb tithíochta atá sa Ghaeltacht, dar le Conradh na Gaeilge.
Ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh cruinniú “fiúntach” ag an eagraíocht leis an mBord Pleanála le gairid faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála.
Sa chur i láthair a rinne Conradh na Gaeilge, dúradh go raibh an eagraíocht ag moladh go mbeadh foireann chuí oilte sa phleanáil teanga ag an mBord Pleanála le haon iarratas a bhaineann le limistéar Gaeltachta a phlé.
Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh cruinniú an tseachtain seo caite ag Conradh na Gaeilge, le hoifigigh ón mBord Pleanála, an Príomhfheidhmeannach Bríd Hill agus Cathaoirleach an bhoird Dave Walsh ina measc.
“Bhí cruinniú maith go leor againn leo. Bhíomar sásta leis an gcruinniú mar thúsphointe. Bhí muid ag cur ceisteanna, go háirithe maidir le fostú cigirí le scil nó cáilíocht sa phleanáil teanga agus daoine a mbeadh tuiscint acu ar chúrsaí sochtheangeolaíochta,” a dúirt Mac Fhlannchadha. “Ceapaim go bhfuil sé féaráilte le rá gur ghlac siad gur gá dóibh obair a dhéanamh air sin.”
Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh cruinniú leis an mBord Pleanála lorgtha “le píosa fada” ach go raibh an lucht pleanála ag fanacht ar chinneadh sa chás Ard-Chúirte faoi fhorbairt i Ráth Chairn sula mbeadh siad sásta bualadh leis an gConradh.
Thug Comharchumann Ráth Chairn cás in aghaidh cinneadh de chuid an Bhoird Pleanála cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt sa cheantar ina mbeadh óstán 30 seomra agus 25 teach. Tugadh an cead pleanála don tógálaí in ainneoin gur mhol chigire de chud an Bhoird nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt mar gheall ar an tionchar a bheadh aici ar an nGaeilge sa cheantar. Cuireadh ar ceal san Ard-Chúirt cinneadh an Bhoird Pleanála an mhí seo caite.
Ag a gcruinniú leis an gCoiste Gaeilge i dTeach Laighean ar an gCéadaoin chuir ionadaithe ó Chomharchumann Ráth Chairn béim ar an ngéarghá a bhí le caighdeán agus rialacháin náisiúnta maidir le measúnacht tionchar teanga, céard a bheadh i gceist léi agus cé a bheadh cáilithe chun í a dhéanamh.
Cuireadh fáilte roimh an moladh a bhí ag cuid de Phríomhfheidhmeannaigh na gComhairlí Contae Gaeltachta go mbeadh múnla náisiúnta ann chun líofacht sa Ghaeilge a mheas mar nach bhfuil sé “cóir” go dtitfeadh an t-ualach seo ar choiste áitiúil, a bhfuil a gcuid ball ag maireachtáil sa gceantar céanna.
“Tagann daoine chuig na comharchumainn go minic ag lorg measúnú teanga nó go scríobhfadh muid go bhfuil Gaeilge acu nó go bhfuil riachtanas áitiúil acu. Níor chóir go mbeadh orainn é sin a dhéanamh,” a dúirt Úna Ní Fhaircheallaigh, Leaschathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn.
“Leis an rud a tharla san Ard-Chúirt, bhí sé sin an-deacair orainn mar bhíomar ag dul in aghaidh duine sa cheantar, an forbróir. Caithfidh tacaíocht teacht ón stát agus ó na húdaráis áitiúla.”
Fág freagra ar 'Machnamh á dhéanamh ag an mBord Pleanála ar shaineolaithe pleanála teanga a fhostú'