Macasamhail ‘Trivial Pursuit’ eisithe ag Glór na nGael

Tá ‘na mílte ceist’ faoi sheacht dtéama éagsúla sa chluiche nua ‘Tuar Ceatha’

Macasamhail ‘Trivial Pursuit’ eisithe ag Glór na nGael

Tá macasamhail an chluiche cháiliúil boird ‘Trivial Pursuit’ eisithe ag Glór na nGael. ‘Tuar Ceatha’ atá tugtha ag an eagraíocht Ghaeilge ar an gcluiche boird tráth na gceist nua atá acu.

Tá “na mílte ceist” faoi sheacht dtéama éagsúla — Éire, an spórt, an tíreolaíocht, cúrsaí reatha, scannáin agus teilifís, an ceol, agus seanfhocail — sa chluiche nua.

Fearacht an chluiche cháiliúil as  Ceanada, bogann an t-imreoir timpeall an chláir imeartha agus é ag bailiú píosaí beaga imeartha. Is é sprioc an chluiche na seacht ndeilbhín daite, ceann in aghaidh an téama, a bhailiú roimh na himreoirí eile. Deir Glór na nGael go bhfuil an leagan seo den chluiche oiriúnach do dhaoine atá os cionn seacht mbliana d’aois.

Ní hé seo an chéad uair ag Glór na nGael leagan Gaeilge de chluiche iomráiteach Béarla a chur ar fáil. Eisíodh leagan Gaeilge den chluiche focal ‘Scrabble’ seacht mbliana ó shin, agus in 2015 tháinig an “Cluiche Réadmhaoine Trádála Gasta” Monopoly amach i dteanga Phádraig agus Bhríde.

Dúirt Bainisteoir Forbartha Gnó Ghlór na nGael go bhfuil an eagraíocht “thar a beith sásta” go bhfuil an cluiche nua ar fáil.

“Táimid thar a bheith sásta go bhfuilimid ag cur le líon na n-earraí Gaeilge atá ar an margadh; agus dóchasach go mbeidh an-tóir ar na cluichí seo do theaghlaigh, do phobal agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge,” a dúirt sé.

Tá roinnt mhaith cluichí a dhear Glór na nGael féin ar fáil ón eagraíocht freisin, ‘Ardrí’ agus ‘Nasc’ ina measc. Tá cluiche nua-dheartha eile curtha ar fáil ag an eagraíocht an tseachtain seo freisin – ‘Odyssey Gramadaí’.

Is í aidhm an chluiche nua cabhrú le himreoirí rialacha gramadaí na Gaeilge a fhoghlaim. Tá 960 ceist sa chluiche a bhaineann le gramadach na Gaeilge agus súil ag Glór na nGael “bealach nua foghlama” a chur ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo an teanga  fhoghlaim.

Is é Séadhna Mac Gabhann a chruthaigh agus a d’fhorbair ‘Odyssey Gramadaí’ agus é dírithe ar dhaoine óga mar “chluiche atá bunaithe ar ghníomh” a thabharfaidh an deis “píosa craic agus spraoi a bhaint as foghlaim na gramadaí”.