Má theastaigh fianaise ó éinne go raibh gá leis an dlí in aghaidh foréigean baile a neartú…

Caithfear a léiriú go seasta go bhfuil an drochíde bhaile doghlactha. Céim thábhachtach sa treo ceart is ea bille Naomi Long

Má theastaigh fianaise ó éinne go raibh gá leis an dlí in aghaidh foréigean baile a neartú…

2,000 glaoch faoi mhí-úsáid sa bhaile faighte ag an PSNI i gcaitheamh trí seachtaine den dianghlasáil le linn na paindéime. Má theastaigh fianaise ó éinne go raibh gá leis an dlí in aghaidh foréigean baile a neartú, ní raibh sa mhéid sin ach nod faoin bhfadhb.

B’fhada Tuaisceart Éireann ag fanacht le dlí a bheadh ar aon dul le reachtaíocht sa Bhreatain Mhór agus sa Phoblacht. Dé Máirt seo caite chuir an tAire Cirt, Naomi Long, ceannaire an Alliance, dréachtbhille a bhí geallta le fada faoi bhráid an Tionóil.

Cuireadh na múrtha fáilte roimhe agus beifear ag súil nach fada go gcuirfear ar bhonn reachtúil é. Tá creidiúint ag dul do Claire Sugden, an t-iar-Aire Cirt a raibh obair mhór déanta aici ar bhille nuair a thit Stormont in Eanáir 2017. Gheall Naomi Long nuair a ceapadh í go dtabharfadh sí tosaíocht don reachtaíocht mar go raibh práinn thar na bearta le dlíthe a thabhairt suas chun dáta agus le mí-úsáid sa bhaile a cheansú.

Ag seoladh an Bhille um Dhrochíde Bhaile agus Imeachtaí Teaghlaigh di, dúirt an tAire Long go raibh daoine de gach aicme, gach aois, gach cúlra ag tabhairt aghaidh ar ghealadh an lae le faitíos is scéin. In áit an baile a bheith mar thearmann acu, bhí ansmacht agus mí-úsáid á bhfulaingt acu. B’é a teachtaireacht do mhí-úsáideoirí go gcinnteofaí go gcuirfí stop leo agus go ngearrfaí pionós orthu. Neartaíonn an bille pionóis go háirithe i gcásanna ina dtugtar drochíde do pháistí, agus go ginearálta beidh téarmaí príosúnachta suas le ceithre bliana déag le gearradh ar chiontóirí.

Leag sí béim ar leith ar na forálacha sa bhille a chinnteoidh gur coir é an smacht comhéigneach. Tá mí-úsáideoirí ag imirt ansmachta ar íobartaigh mar gur féidir leo é a dhéanamh de cheal dlí ina choinne. ‘Seo é ár seans,’ ar sí, ‘chun é sin a athrú, go buan.’

B’í a teachtaireacht shoiléir nach nglacfar feasta le hiompar a dhéanann damáiste síceolaíoch agus mhothúchánach. B’é an Tuaisceart an t-aon áit sa Ríocht Aontaithe a bhí d’uireasa dlí in aghaidh an smachta chomhéignigh; cuireadh dlí ina choinne i bhfeidhm sa Phoblacht ag tús na bliana seo caite. Cleachtas fealltach is ea an smacht comhéigneach. Tosaíonn sé go hiondúil le cur i gcéill gur cineáltas nó cosaint é ach go bunúsach baineann sé le huirísliú agus le cumhacht. Tíorántacht is ea é agus go rómhinic (mura n-éiríonn leis an duine smachtaithe éalú in am) bíonn críoch uafásach, gan leigheas leis.

Ghlac an Tionól go fonnmhar leis an dréachtbhille, fios maith ag na comhaltaí cé chomh riachtanach is atá sé. Bhí a thráthúlacht follasach i bhfianaise an rabharta tuairiscí faoi fhoréigean baile tráth a bhfuil daoine ag leithlisiú de dheasca an choróinvíris.

Bhí a fhios sula raibh aon chaint ar aonrú ná scaradh sóisialta go mbíonn an ráta foréigean baile an-ard nuair a bhíonn daoine cuachta isteach le chéile, aimsir na Nollag cuir i gcás.

Chomh maith leis na fíricí ón PSNI faoin méadú mór ar ghlaonna ó dhaoine i gcontúirt, tháinig Women’s Aid ar an bhfaisnéis chéanna. Léirigh suirbhé a rinne an eagraíocht fóirithinte i measc daoine a raibh déileáil acu leo go raibh mí-úsáid ag dul in olcas le linn dianghlasála. Dúirt 67% de na daoine a d’fhreagair go raibh treisithe ar an bhforéigean ina n-aghaidh; dúirt 72% go raibh i bhfad níos mó ceannais ag a mí-úsáideoir ar a saol de dheasca Covid-19, agus dúirt aon trian go raibh mí-iompar in aghaidh na bpáistí éirithe níos measa freisin.

Tá triúr ban curtha den saol in eachtraí baile ó thús na paindéime. Tá daoine cúisithe i ngach cás, iad sub judice agus dá bhrí sin ní féidir ach na bunfhíricí a thabhairt. Ionsaíodh Natasha Melendez, 32, as Veiniséala i dteach i Lios na gCearrbhach i mí an Mhárta; fuair sí bás in ospidéal ar an 1 Aibreán. Frítheadh Elizabeth Dobbin, 82, marbh ina teach i Latharna ar an 30 Márta agus fuair Emma Jane McParland bás ar an 22 Aibreán tar éis a sáite ag baile i mBéal Feirste.

Fulaingíonn fir mí-úsáid agus ansmacht sa bhaile freisin. Dúirt an Men’s Advisory Project gur fear is ea duine as gach triúr íobartach i dTuaisceart Éireann. Bhí socruithe speisialta le haghaidh teagmhálacha déanta ag Women’s Aid agus ag an Men’s Advisory Project sular cuireadh srianta i dtaca le Covid-19 i bhfeidhm. Léiríonn na figiúirí go raibh gá leo agus, ar an drochuair, nár leor iad.

Fadhb thromchúiseach atá forleathan í an mhí-úsáid ag baile. Is mion minic a dhéantar gearáin faoi chomh héadrom is a bhíonn an pionós a ghearrtar ar chiontóirí, gan trácht ar chomh minic is a ligtear daoine amach ar bannaí. Is mór is fiú go bhfuil Stormont chun neartú na bpionós a chur ar bhonn reachtúil. Ní mór a chur i gcion ar an tsochaí, fré chéile nach coir aonair in extremis é foréigean baile. Ní féidir brath ar an ‘níl a fhios agam céard a tháinig orm – ní dhéanfaidh mé a leithéid go deo arís’.  Déanann, arís agus arís eile.

Caithfear a léiriú go seasta go bhfuil an drochíde bhaile doghlactha. Céim thábhachtach sa treo ceart is ea bille Naomi Long.

Is mithid.

Fág freagra ar 'Má theastaigh fianaise ó éinne go raibh gá leis an dlí in aghaidh foréigean baile a neartú…'

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Cur síos den scoth ag iriseoir den scoth.